Fógraíonn an tAire Rabbitte dámhachtaithe faoin gCiste Rannpháirtíochta agus Feasachta maidir le Míchumas
Ó An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
An tseachtain seo, d’fhógair an tAire Stáit le Freagracht Speisialta as Míchumas, Anne Rabbitte, go bhfaighidh fiche tionscadal maoiniú faoin gCiste Rannpháirtíochta agus Feasachta maidir le Míchumas.
Seoladh an maoiniú i mí Feabhra na bliana seo, agus leithdháileadh é chun tacú le raon tionscnamh faoi cheithre shnáithe éagsúla, a cruthaíodh chun tacú le rannpháirtíocht daoine faoi mhíchumas i ngníomhaíochtaí áitiúla, chun taithí luachmhar fostaíochta a sholáthar do dhaoine faoi mhíchumas, agus chun cabhrú le bacainní ar rannpháirtíocht an phobail a bhaint.
Cuireadh ciste iomlán €3 mhilliún ar fáil faoi cheithre shnáithe, le deontais idir €69,608 agus €393,826.
Snáithe 1 : Scileanna a fhorbairt agus bacainní a bhaint chun cabhrú le daoine a bhfuil Siondróm Down orthu páirt a ghlacadh ina bpobail.
Snáithe 2 : Tionscnaimh fiontraíochta sóisialta chun taithí fostaíochta luachmhar a sholáthar do dhaoine faoi mhíchumas.
Snáithe 3 : Gníomhaíochtaí ealaíon agus cultúrtha, go háirithe iad siúd a chothaíonn feasacht ar eispéiris saoil daoine faoi mhíchumas agus a thacaíonn le rannpháirtíocht daoine faoi mhíchumas i saol na healaíne, an chultúir agus an phobail.
Snáithe 4 : Tionscnaimh atá dírithe ar rannpháirtíocht agus cuimsiú pobail a spreagadh do dhaoine faoi mhíchumas, lena n-áirítear spórt agus caitheamh aimsire lasmuigh, inrochtaineacht agus spásanna inrochtana roinnte a chur chun cinn.
As an bhfiche faighteoir a fuair maoiniú faoin gCiste Rannpháirtíochta agus Feasachta maidir le Míchumas, fuair sé thionscadal san iomlán maoiniú faoi shnáithe a haon, ceithre cinn faoi shnáithe a dó, cúig cinn faoi shnáithe a trí agus cúig cinn faoi shnáithe a ceathair. Clúdaíonn na tionscadail contaetha agus réigiúin éagsúla ar fud na hÉireann agus soláthróidh siad tacaíochtaí fiúntacha do dhaoine faoi mhíchumas ag leibhéal an phobail.
Tá an ciste á fheidhmiú thar ceann na Roinne ag Rethink Ireland, agus gheobhaidh gach ceann de na tionscadail rathúla deontais airgid agus tacaíochtaí neamhairgeadais mar chuid den tsamhail chistithe.
Agus an ciste á fhógairt aici, dúirt an tAire Rabbitte:
“Tá lúcháir orm a fhógairt go bhfaighidh fiche faighteoir maoiniú faoin gCiste Rannpháirtíochta agus Feasachta maidir le Míchumas na bliana seo. Tabharfaidh gach ceann de na tionscadail rathúla faoi thionscnaimh thábhachtacha faoi na snáitheanna éagsúla chun tacú le daoine faoi mhíchumas ar fud na hÉireann.
Is féidir leis na tionscadail seo difríocht ollmhór a dhéanamh i bpobail áitiúla agus is féidir leo rannpháirtíocht agus cuimsiú daoine faoi mhíchumas i gceantair éagsúla a mhéadú.
Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le Rethink Ireland as a gcuid iarrachtaí maidir le seachadadh an Chiste, go háirithe as an tacaíocht a thug siad d’eagraíochtaí agus iad ag déanamh iarratas sa chéad ráithe den bhliain seo, rud a d’fhág go bhfuarthas líon mór iarratas ar ardchaighdeán.
Is iontach an rud é uaillmhian na n-eagraíochtaí faoin tionscnamh seo a fheiceáil, agus táim ag tnúth leis na buntáistí inláimhsithe a fhéadfaidh an maoiniú seo a sholáthar do dhaoine faoi mhíchumas i bpobail ar fud na tíre a fheiceáil.”
Is trí Rethink Ireland a reáchtáiltear an Ciste Rannpháirtíochta agus Feasachta maidir le Míchumas agus tá sé dírithe ar thacú le rannpháirtíocht agus cuimsiú daoine faoi mhíchumas i bpobail áitiúla, thar cheithre shnáithe éagsúla, agus uasmhéid iarratais ag gach ceann acu.
Tá an tionscnamh oscailte d’eagraíochtaí neamhbhrabúis chun tacú le rannpháirtíocht agus cuimsiú daoine faoi mhíchumas thar cheithre shnáithe éagsúla, agus uasmhéid iarratais ag gach ceann acu.
Is é luach an chiste ná €3m.
Snáithe 1 Scileanna a fhorbairt agus bacainní a bhaint chun cabhrú le daoine a bhfuil Siondróm Down orthu páirt a ghlacadh ina bpobail – Deontas uasta €500,000
Snáithe 2 Tionscnaimh fiontraíochta sóisialta chun taithí fostaíochta luachmhar a sholáthar do dhaoine faoi mhíchumas – Deontas uasta €100,000
Snáithe 3 Gníomhaíochtaí ealaíon agus cultúrtha, go háirithe iad siúd a chothaíonn feasacht ar eispéiris saoil daoine faoi mhíchumas agus a thacaíonn le rannpháirtíocht daoine faoi mhíchumas i saol na healaíne, an chultúir agus an phobail - Deontas uasta €100,000
Snáithe 4 Tionscnaimh atá dírithe ar rannpháirtíocht agus cuimsiú pobail a spreagadh do dhaoine faoi mhíchumas, lena n-áirítear spórt agus caitheamh aimsire lasmuigh, inrochtaineacht agus spásanna comhroinnte inrochtana a chur chun cinn – Deontas uasta €200,000
Cuirfidh Rethink Ireland tacaíochtaí breise neamhairgeadais ar fáil freisin d’eagraíochtaí mar chuid den tacaíocht a thairgfear do gach eagraíocht rathúil.
D’éirigh le fiche tionscadal maoiniú a fháil thar na ceithre shnáithe. Fuair sé thionscadal san iomlán maoiniú faoi shnáithe a haon, ceithre cinn faoi shnáithe a dó, cúig cinn faoi shnáithe a trí agus faoi shnáithe a ceathair. Tá an conradh idir Rethink Ireland agus an fiche tionscadal aonair críochnaithe, agus cuirfear tús le reáchtáil na dtionscadal sa tréimhse amach romhainn.
D’éirigh leis na tionscadail seo a leanas faoin gCiste Rannpháirtíochta agus Feasachta maidir le Míchumas:
Tionscadal | Eagraíocht | Contaetha | Deontas | Snáithe |
Cur Chuige Cruthaitheach maidir le hAbhcóideacht Phraiticiúil Phobail (CAPCA) | Fionnathan Productions Ltd | Ar fud na tíre | €116,620 | 1 |
Clár Sláinte & Folláine DS Champions | No Barriers Foundation CTR | Dún na nGall | €393,826 | 1 |
Clár Urlabhra agus Teanga Down Syndrome Ireland | Down Syndrome Ireland | Ar fud na tíre | €199,811 | 1 |
Tionscadal na nDéagóirí | The Down Syndrome Centre | An Cabhán, Corcaigh, Baile Átha Cliath, Cill Dara, Laois, Lú, an Mhí, Muineachán, Uíbh Fhailí, Loch Garman | €118,761 | 1 |
Tionscadal Scotia | AK Inspired CLG | Corcaigh, Ciarraí, Luimneach | €198,982 | 1 |
An tAcadamh Le Chéile | Down Syndrome Centre | Baile Átha Cliath | €100,000 | 1 |
Oiliúint Chreidiúnaithe agus Tacaíocht Fiontraíochta Aonair | Link Galway Ltd T/A Cafe Link | Gaillimh | €100,000 | 2 |
Oifigeach Rochtana IMN Dhún na nGall & Clár Meantóireachta Ceannaire | Ionad Dhún na nGall um Maireachtáil Neamhspleách | Donegal | €100,000 | 2 |
Specialisterne Ireland | Specialisterne Ireland CTR | Ciarraí agus ar fud na tíre | €100,000 | 2 |
Triest Press | Triest Press CTR | Gaillimh, An Longfort, Maigh Eo, Ros Comáin, An Iarmhí | €100,000 | 2 |
Rince Ionchuimsitheach Chorcaí | Dance Cork Firkin Crane | Ar fud na tíre | €81,000 | 3 |
Iarsmalanna ionchuimsitheacha | The Hunt Museum | An Clár, Luimneach, Tiobraid Árann | €70,000 | 3 |
Nótaí & Comharthaí | Music & Health Ireland | An Clár, Corcaigh, Baile Átha Cliath, Luimneach, Lú, an Mhí, Tiobraid Árann, Port Láirge | €77,000 | 3 |
Pictiúrlann do na Daill | National League of the Blind of Ireland Trust | Baile Átha Cliath, Laois, an Mhí | €92,000 | 3 |
Clár Ealaíne na hÉireann um Ghortú Dromlaigh | Spinal Injuries Ireland | Ar fud na tíre | €80,000 | 3 |
Embers | Active Connections | Ceatharlach, Corcaigh, Baile Átha Cliath, Ciarraí, Cill Chainnigh, Tiobraid Árann, Port Láirge, Loch Garman | €82,598 | 4 |
Bog go Cliste SI | Cumann Scléaróis Iolrach na hÉireann | Ar fud na tíre | €69,608 | 4 |
Spásanna Inrochtana Súgartha, Áineasa & Caomhnaithe | The Crann Centre | Corcaigh, Ciarraí, Luimneach, Tiobraid Árann, Port Láirge | €82,598 | 4 |
Connections Arts Centre | Connections Arts Centre | Ar fud na tíre | €82,598 | 4 |
Néara-éagsúlacht x UCD | Neurodiversity Ireland | Ar fud na tíre | €82,598 | 4 |