Tá ag éirí go maith le hÉirinn maidir leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a bhaint amach
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá Éire ag déanamh dea-dhul chun cinn ar na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe agus Clár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe a bhaint amach, agus níos mó ná 80% den 169 sprioc ghaolmhara comhlíonta ina n-iomláine aici anois. Rinne Éire dul chun cinn suntasach i dtreo spriocanna a bhaint amach i roinnt réimsí, amhail oideachas, laghdú an ocrais, sláinte agus folláine.
Tar éis ceadú a fháil ón Rialtas, chuir Éire an dara hAthbhreithniú Náisiúnta Deonach uaithi ar na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe faoi bhráid na Náisiún Aontaithe. San Athbhreithniú Náisiúnta Deonach, déantar measúnú ar an dul chun cinn ar ghníomhartha atá ceaptha chun Clár Oibre 2030 agus na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a bhaint amach, mar atá leagtha amach sa dara Plean Náisiúnta Cur Chun Feidhme ó Éirinn maidir leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe 2022-2024. Léirítear sa Phlean Cur Chun Feidhme Náisiúnta an tiomantas leanúnach do Chlár Oibre 2030 trí chur chuige 'uile-rialtais' a ghlacadh agus trí na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a phríomhshruthú ar fud beartais náisiúnta.
Léirítear san Athbhreithniú Náisiúnta Deonach téarnamh geilleagrach láidir na hÉireann tar éis phaindéim COVID-19 agus na hiarrachtaí atá ar bun againn atógáil chun feabhais gan aon duine a fhágáil ar leataobh. Léirítear ann an dóigh a bhfuilimid ag cur dlús le gníomhaíocht i dtreo na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a bhaint amach, an dul chun cinn a rinneadh, agus an raon beartas náisiúnta a thug an Rialtas isteach chun tacú leis an iarracht náisiúnta sin, go háirithe sna réimsí seo a leanas: oideachas; fostaíocht agus coimirce shóisialach; sláinte; rannpháirtíocht an phobail agus cuimsiú; tithíocht; gníomhú ar son na haeráide; agus an geilleagar ciorclach. Admhaítear sa tuarascáil freisin go mbeidh dúshláin eile le sárú ag Éirinn má tá sí chun na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a bhaint amach, agus aird á tarraingt ar an tábhacht a bhaineann le hiarrachtaí a choinneáil ar bun ionas gur féidir leis an mbeartas poiblí rannchuidiú le saol níos fearr a sholáthar do dhaoine in Éirinn agus ar fud na cruinne.
Áirítear iad seo a leanas le roinnt de na héachtaí a gnóthaíodh go dtí seo:
Oideachas
I gcúram agus oideachas na luathóige, tá 97% de na leanaí uile san aoischohórt incháilithe ag baint leas as an gClár um Chúram agus Oideachas na Luath-Óige, lena soláthraítear dhá bhliain d’oideachas réamhscoile Státchistithe.
Fostaíocht agus coimirce shóisialach
Sláinte
Rannpháirtíocht an phobail agus cuimsiú
Tithíocht
Gníomhú ar son na haeráide
An Geilleagar Ciorclach
Tá cuid mhór de na gníomhartha atá ceaptha chun na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a bhaint amach leabaithe i mbeartais uileghabhálacha náisiúnta le haghaidh téarnamh ón bpaindéim, lena n-áirítear an Plean Téarnaimh Eacnamaíochta agus an Plean Náisiúnta Téarnaimh agus Athléimneachta. Áirítear leo freisin beartais agus creataí amhail an Creat Folláine, Plean Gnímh na hÉireann don Aeráid agus beartais agus creataí a bhaineann leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach, amhail an Plean Náisiúnta Iarfheistithe agus Leas a Bhaint as Digitiú – Creat Digiteach na hÉireann.
Tá Éire ag comhtháthú na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe isteach sa bheartas um fhorbairt thar lear freisin. Leagtar amach na tosaíochtaí atá againn ina leith sin sa doiciméad dar teideal Domhan Níos Fearr: Beartas na hÉireann um Fhorbairt Idirnáisiúnta (2019). Áirítear leis na tosaíochtaí sin riachtanas daonnúil a laghdú, tacú le gníomhú ar son na haeráide, comhionannas inscne a chur chun cinn agus rialachas a neartú, agus sinn ag dul chomh fada leo siúd is faide ar gcúl ar dtús.
Dúirt an tAire Ryan:
"Fáiltím roimh an deis a thug an tAthbhreithniú Náisiúnta Deonach dúinn ár machnamh a dhéanamh ar dhul chun cinn na hÉireann go dtí seo agus díriú ar na hiarrachtaí a leanfaimis ar aghaidh leo.
"Táimid níos meáite anois ná riamh ar dhlús a chur le gníomhaíocht chun Clár Oibre 2030 a bhaint amach agus ar a bheith ar thús cadhnaíochta ghnóthú na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe sa tír seo agus thar lear araon, agus aithnímid go bhfuil ról le himirt ag gach duine. Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt do rannchuidiú na ndaoine sin a thug ionchur le linn an athbhreithnithe seo, lena n-áirítear an tsochaí shibhialta, daoine óga, grúpaí geallsealbhóirí agus Ranna Rialtais.
"Tríd an Athbhreithniú Náisiúnta Deonach seo, táimid ag athdhearbhú ár dtiomantais do na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe agus táimid ag aithint go dtairgeann siad conair agus deis dúinn chun domhan níos fearr, níos glaise agus níos sábháilte a chruthú agus chun aistriú cóir a dhéanamh lena mbunathraítear gach earnáil dár sochaí chun feabhais, gan aon duine a fhágáil ar leataobh."
Cuirfear Athbhreithniú Náisiúnta Deonach na hÉireann 2023 faoi bhráid Fhóram Ardleibhéil Polaitíochta na Náisiún Aontaithe um Fhorbairt Inbhuanaithe i mí Iúil 2023. Is féidir amharc ar an Athbhreithniú ar shuíomh gréasáin na Roinne Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide.
Léigh tuilleadh faoin dara Plean Cur Chun Feidhme Náisiúnta ó Éirinn (2022-2024) ar shuíomh gréasáin na roinne.
CRÍOCH
Is é is Athbhreithniú Náisiúnta Deonach ann ná sásra tuairiscithe trína ndéanann tíortha measúnú ar an dul chun cinn náisiúnta a rinneadh ar chur chun feidhme Chlár Oibre 2030 agus na 17 Sprioc Forbartha Inbhuanaithe, lena n-áirítear an gealltanas ‘Gan Aon Duine a Fhágáil ar Leataobh’, agus trína gcuireann siad an dul chun cinn sin i láthair. Is athbhreithniú deonach atá faoi stiúir na tíre é, a bhfuil mar aidhm leis cabhrú le heispéiris – éachtaí, dúshláin agus na ceachtanna a foghlaimíodh san áireamh – a chomhroinnt d’fhonn dlús a chur le cur chun feidhme Chlár Oibre 2030. Aidhm eile atá le hAthbhreithniú Náisiúnta Deonach is ea beartais agus institiúidí rialtais a neartú agus tacaíocht agus comhpháirtíochtaí il-gheallsealbhóirí a shlógadh ar mhaithe le cur chun feidhme na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe. Tugann tír tuairisc do bhallraíocht na Náisiún Aontaithe nuair a chuireann sí an tAthbhreithniú Náisiúnta Deonach uaithi i láthair.
Chuir Éire an chéad Athbhreithniú Náisiúnta Deonach uaithi isteach sa bhliain 2018.
Ba faoin téama 'Atógáil chun Feabhais Gan Aon Duine a Fhágáil ar Leataobh' a forbraíodh Athbhreithniú Náisiúnta Deonach na hÉireann 2023. Bhí an téama sin bunaithe ar ghealltanas lárnach Chlár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe agus ar théama an Fhóraim Ardleibhéil Polaitíochta 2023. Sa chomhthéacs sin, tugadh cuireadh don tsochaí shibhialta, do gheallsealbhóirí agus do Ranna Rialtais rannchuidiú leis an Athbhreithniú Náisiúnta Deonach trí chomhairliúchán poiblí, trí fhóraim do gheallsealbhóirí agus trí phróiseas speisialta comhairliúcháin don óige. Mar thoradh air sin, fuarthas ionchur ón tsochaí shibhialta agus ó gheallsealbhóirí agus cuireadh caibidil atá tiomnaithe don óige le chéile. Ba é sin an chéad uair riamh a sholáthair aon tír caibidil saorsheasaimh don óige san Athbhreithniú Náisiúnta Deonach uaithi.
I mí Mheán Fómhair 2015, rinne gach ceann den 193 Bhallstát de na Náisiúin Aontaithe, Éire ina measc, na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a ghlacadh chun ‘deireadh a chur leis an mbochtaineacht, an pláinéad a chosaint agus rathúnas do chách a chinntiú’ mar chuid de chlár oibre nua dar teideal I mBun Athraithe: Clár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe. Tá an creat sin comhdhéanta de 17 Sprioc Forbartha Inbhuanaithe agus de 169 sprioc. Bhí ról lárnach ag Éirinn maidir leis an gcreat a fhorbairt agus a ghlacadh, ag obair di i gcomhar leis an gCéinia mar chomhéascaitheoir ar an idirbheartaíocht idir-rialtasach i mí Mheán Fómhair 2015.
Aithnítear i gClár Oibre 2030 an tábhacht a bhaineann le gníomhaíocht leantach agus athbhreithniú a dhéanamh ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus domhanda chun an dul chun cinn ar chur chun feidhme na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a thomhas. Is ionann Fóram Ardleibhéil Polaitíochta na Náisiún Aontaithe um Fhorbairt Inbhuanaithe agus príomhardán na Náisiún Aontaithe um fhorbairt inbhuanaithe agus um Chlár Oibre 2030 agus tá ról lárnach aige maidir le formhaoirseacht a dhéanamh ar an ngníomhaíocht leantach agus ar an athbhreithniú a dhéantar ar an leibhéal domhanda.
Beidh an Fóram Ardleibhéil Polaitíochta 2023 ar siúl idir an 10-19 Iúil 2023 ag Ceanncheathrú na Náisiún Aontaithe i Nua-Eabhrac faoin téama lárnach “Dlús a chur leis an téarnamh ón ngalar coróinvíris (COVID-19) agus cur chun feidhme iomlán Chlár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe ar gach leibhéal”. Faigh tuilleadh faisnéise ar shuíomh gréasáin na Náisiún Aontaithe.
Beidh an Cruinniú Mullaigh ar na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe 2023 ar siúl le linn sheachtain ardleibhéil Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe i mí Mheán Fómhair 2023, i gcomhthráth le lárphointe chur chun feidhme Chlár Oibre 2030. Déanfaidh Cinn Stáit agus Cinn Rialtais athbhreithniú cuimsitheach ar staid na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe, freagróidh siad do thionchar na ngéarchéimeanna difriúla idirghaolmhara atá roimh an domhan, agus soláthróidh siad treoir pholaitiúil ardleibhéil ar ghníomhartha bunathraitheacha agus luathaithe suas go dtí an spriocbhliain 2030 ar mhaithe leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a bhaint amach. Is é a bheidh sa toradh ar an gcruinniú mullaigh ná dearbhú polaitiúil idirbheartaithe a gcomhéascóidh Éire agus Catar é. Faigh tuilleadh faisnéise ar shuíomh gréasáin na Náisiún Aontaithe.