Seolann an tAire Ryan treoirlínte le haghaidh Pleananna Gnímh Údaráis Áitiúil don Aeráid
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Sheol Eamon Ryan, an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, sraith treoirlínte reachtúla chun cabhrú le húdaráis áitiúla agus iad ag ullmhú pleananna gnímh údaráis áitiúil don aeráid.
Faoin Acht um Ghníomhú Aeráide agus um Fhorbairt Ísealcharbóin (Leasú), 2021, ceanglaítear ar gach údarás áitiúil plean gnímh údaráis áitiúil a ullmhú le haghaidh a limistéir riaracháin faoi seach. A luaithe a bheidh siad glactha ag na comhairlí áitiúla, beidh na pleananna bailí ar feadh cúig bliana agus beidh siad faoi réir a n-athraithe chun dáta gach cúig bliana ar a laghad. Forbrófar na pleananna thar an gcéad 12 mhí eile.
Imríonn údaráis áitiúla ról ríthábhachtach sa bheartas aeráide a chur ar aghaidh ar an leibhéal áitiúil. Leis na pleananna gnímh údaráis áitiúil don aeráid, cabhrófar le húdaráis áitiúla aghaidh a thabhairt, ar bhealach comhtháite, ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a mhaolú agus ar oiriúnú don athrú aeráide agus neartófar an t-ailíniú idir an beartas náisiúnta aeráide agus gníomhaíocht áitiúil éifeachtach don aeráid a sholáthar.
Déanfar na nithe seo a leanas le gach plean:
Imreoidh rannpháirteachas agus comhoibriú leis an bpobal áitiúil ról ríthábhachtach i bpleananna rathúla a dhréachtú, á chinntiú go mbeidh baint ag geallsealbhóirí le cinntí aeráide a dhéanann difear dóibh.
Ag labhairt dó faoi na treoirlínte, dúirt an tAire Ryan:
"Is ré nua í seo dár n-uaillmhianta aeráide agus d’údaráis áitiúla, ar lena linn den chéad uair riamh a chruthóidh siad plean gnímh don aeráid atá sonrach dá gcathair nó dá gcontae. Beidh na pleananna sin ag teacht le cuspóirí náisiúnta aeráide, cé gur ar an leibhéal áitiúil a bhainfear na cuspóirí sin amach. Thar an mbliain atá imithe thart, thug mé cuairt ar 12 údarás áitiúla agus tá sé mar aidhm agam cuairt a thabhairt i mbliana ar na húdaráis áitiúla atá fágtha. Le linn mo chuairteanna, tugadh léargas dom ar an smaointeoireacht fhorásach atá ann ar an leibhéal áitiúil maidir le réimsí amhail an fuinneamh, an tithíocht agus an t-iompar, agus ar an obair atá ar bun le tamall anuas chun todhchaí níos inbhuanaithe a chinntiú do dhaoine ar fud na tíre. Tá an roinn seo ag súil le hobair i gcomhar leis na húdaráis áitiúla agus le Cumann na mBainisteoirí Contae agus Cathrach chun an obair sin a chur le chéile i bpleananna gnímh áitiúla don aeráid sa bhliain atá le teacht."
Dúirt John McLoughlin, ionadaí ó gCumann na mBainisteoirí Contae agus Cathrach (CBCC):
"Tá áthas ar na húdaráis áitiúla tosú ar na pleananna gnímh aonair don aeráid uathu a fhorbairt. Leis na pleananna, soláthrófar deis chun cur leis an obair fhairsing atá curtha i gcrích ag an earnáil cheana féin sna réimsí um oiriúnú don aeráid agus um maolú, ag obair dúinn i gcomhairle agus i gcomhoibriú lenár gcomhaltaí tofa agus lenár bpobail. Mar cheannairí le haghaidh gníomhú ar son na haeráide, leanfaimid le tacaíocht a thabhairt don rialtas agus é ag iarraidh na cuspóirí náisiúnta aeráide a chomhlíonadh, agus táimid ag súil le rannchuidiú le todhchaí inbhuanaithe a bhaint amach do gach duine."
CRÍOCH
Le halt 16 den Acht um Ghníomhú Aeráide agus um Fhorbairt Ísealcharbóin (Leasú), 2021, foráiltear d’alt 14B(1) den Acht um Ghníomhú Aeráide agus um Fhorbairt Ísealcharbóin, 2015, a chur leis, rud ina leagtar amach na forálacha lena rialaítear conas ba cheart plean gnímh údaráis áitiúil don aeráid a bhunú agus a oibriú.
Le gach plean, brúfar chun cinn na bearta oiriúnúcháin agus maolúcháin a bheidh ag teastáil ar an leibhéal áitiúil, agus saineofar conair shoiléir chun go mbeidh gach údarás áitiúil in ann na nithe seo a leanas a dhéanamh:
Mar chuid den phróiseas, déanfaidh gach údarás áitiúil stocáireamh ar a leibhéil astaíochtaí trí Fhardal Astaíochtaí Bonnlíne. Áireofar le gach plean freisin measúnú riosca um athrú aeráide chun tionchair athraithe aeráide a thuiscint agus chun feasacht a mhúscailt ar an leibhéal áitiúil.
Tugtar údarás reachtúil do phleananna gnímh údaráis áitiúil don aeráid trí fhorálacha an Achta um Ghníomhú Aeráide agus um Fhorbairt Ísealcharbóin (Leasú), 2021. Eisítear na treoirlínte faoi fhorálacha an Achta Leasaithe agus, dá bhrí sin, is treoirlínte reachtúla iad. Tá siad ceaptha chun treoir láidir a thabhairt d’údaráis áitiúla agus iad ag ullmhú na bpleananna uathu agus chun cur chuige comhtháite comhsheasmhach a chinntiú.
Agus na treoirlínte á bhforbairt, cuireadh san áireamh go sonrach go bhfuil gach údarás áitiúil ar leith ag tosú ag pointí difriúla maidir le pleanáil um ghníomhú ar son na haeráide. Tá sé mar aidhm leis na treoirlínte tuilleadh uaillmhéine a spreagadh maidir le gníomhú ar son na haeráide, agus an uaillmhian sin á tógáil go comhsheasmhach agus diaidh ar ndiaidh le himeacht ama. Is féidir iad a léamh ar shuíomh gréasáin na Roinne Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide.
Tá ceithre Oifig Réigiúnacha um Ghníomhú ar son na hAeráide (CAROnna) ann atá lonnaithe laistigh de cheithre údarás áitiúla agus a dhéanann soláthar do chur chuige réigiúnach comhordaithe i leith gníomhú ar son na haeráide ar fud an chórais rialtais áitiúil, agus ionchur á fháil acu ó gCumann na mBainisteoirí Contae agus Cathrach (CBCC). Bunaíodh na hoifigí sin chun comhordú agus formhaoirseacht a dhéanamh ar sholáthar na Straitéisí Oiriúnúcháin Earnála ó na hÚdaráis Áitiúla faoin gCreat Oiriúnúcháin Náisiúnta sa bhliain 2018 chun tacú leis an earnáil rialtais áitiúil. Tar éis a mbunaithe, fógraíodh cistiú ab fhiú €10 milliún thar thréimhse cúig bliana.
Tá Comhaontú Seirbhíse ag an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide leis na ceithre phríomhúdarás áitiúla chun na hoifigí réigiúnacha a óstáil agus chun clár oibre bliantúil a sholáthar. Chomh maith leis sin, soláthraíonn na CAROnna oiliúint i ngníomhú ar son na haeráide do bhaill foirne agus comhaltaí tofa na n-údarás áitiúil, ag obair dóibh i gcomhpháirt le Grúpa Náisiúnta Oiliúna na Seirbhísí Údaráis Áitiúil.
Léigh tuilleadh faoi na hOifigí Réigiúnacha um Ghníomhú ar son na hAeráide (CAROnna) ar shuíomh gréasáin CARO.
Is é an Cumann na mBainisteoirí Contae agus Cathrach (CBCC) ann ná ‘guth ionadaíoch’ na Gníomhaireachta Bainistíochta Rialtais Áitiúil (LGMA) agus tá sé comhdhéanta de phríomhfheidhmeannaigh na gcomhairlí contae agus cathrach agus de phríomhfheidhmeannaigh chúnta Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath. Oibríonn sé trí roinnt coistí bunaithe, a ndéileálann gach ceann díobh le réimse beartais ar leith, lena n-áirítear an ‘Coiste um Ghníomhú ar son na hAeráide, Iompar, Geilleagar Ciorclach agus Líonraí’, i measc coistí eile.
Oibríonn an CBCC i gcomhpháirt le ranna agus gníomhaireachtaí chun reachtaíocht éifeachtach chuíchóirithe a fhorbairt agus a chur chun feidhme. Mar ionadaithe do lucht bainistíochta na n-údarás áitiúil, is é is an CBCC ann ná príomh-gheallsealbhóirí sa phleanáil, i mbonneagar a sholáthar, sa tithíocht, sa chomhshaol, i seirbhísí sláintíochta, i seirbhísí áineasa, i seirbhísí cuimsithe shóisialta agus i seirbhísí cultúrtha agus turasóireachta agus, dá bhrí sin, téann speictream leathan eagraíochtaí i gcomhairle leis.
Léigh tuilleadh faoin CBCC ar shuíomh gréasáin na Gníomhaireachta Bainistíochta Rialtais Áitiúil.
Is é an Plean Gnímh don Aeráid 2023, a seoladh i mí na Nollag 2022, an dara nuashonrú bliantúil dá chineál, agus é ar an gcéad cheann a ullmhaíodh faoin Acht um Ghníomhú Aeráide agus um Fhorbairt Ísealcharbóin (Leasú), 2021. Tagann sé sna sála ar na buiséid charbóin agus na huasteorainneacha astaíochtaí earnála a tugadh isteach ar fud an gheilleagair ar fad sa bhliain 2022.