Preasráitis
Fógraíonn an tAire O'Donovan maoiniú um oibreacha cosanta tuile ag Sráidbhaile an Líonáin, Co. na Gaillimhe
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an tAire Stáit le cúram um Oifig na nOibreacha Poiblí, Patrick O’Donovan, T.D, gur faomhadh iarratas ó Chomhairle Contae na Gaillimhe ar mhaoiniú faoi Scéim OPW Mionoibreacha um Maolú Tuile agus Chosaint Chósta. Faoin Scéim seo, d’aontaigh OPW maoiniú €198,000 a thairiscint don Chomhairle Contae chun ballaí cosanta tuile a thógáil i Sráidbhaile an Líonáin.
Dúirt an tAire O’Donovan:
“Tá áthas orm a fhógairt go dtabharfaidh OPW maoiniú do Chomhairle Contae na Gaillimhe um thacú leis an iarratas tionscadail chósta ag An Líonán. Tuigim go rímhaith na ceisteanna a éiríonn ó thuiliú agus tá súil agam go gcuirfidh na hoibreacha maolaithe seo an pobal sa cheantar ar a suaimhneas amach anseo.”
-CRÍOCH-