Freastalaíonn an tAire Ryan ar Chruinniú Mullaigh Aeráide na hAfraice in Nairobi an 4-6 Meán Fómhair 2023
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Rachaidh Eamon Ryan, an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, i bpáirt le comhghleacaithe Afracacha agus idirnáisiúnta ag Cruinniú Mullaigh Aeráide na hAfraice.
Tá an tAire Ryan ag tabhairt cuairt ar Nairobi de réir mar a chothaítear móiminteam i dtreo COP 28, a bheidh ar siúl in Dubai i mí na Nollag. Is é seo an chéad uair riamh atá Cruinniú Mullaigh Aeráide na hAfraice á reáchtáil, agus é bunaithe ar an téama ‘Todhchaí na Réiteach agus na Nuálaíochtaí Aeráide á Múnlú ag an Afraic’.
Glacfaidh an tAire Ryan páirt i roinnt imeachtaí thar dhá lá ag an gcruinniú mullaigh, lena n-áirítear cruinnithe déthaobhacha le comhghleacaithe polaitiúla. Freastalóidh an tAire ar imeachtaí ardleibhéil ar thopaicí amhail iad seo a leanas freisin: Slándáil Aeráide; Aistriú Fuinnimh; agus Oiriúnú.
Ag labhairt dó faoin gCruinniú Mullaigh, dúirt an tAire Ryan:
"Is onóir dom a bheith in ann freastal ar Chruinniú Mullaigh Aeráide na hAfraice anseo in Nairobi. Agus é ar an gcéad imeacht dá leithéid, tugann sé deis iontach dom bualadh le mo chomhghleacaithe san Afraic agus cluinstin go díreach uathu ar shaincheisteanna amhail an t-aistriú i dtreo fuinneamh glas, oiriúnú agus ár n-uaillmhianta comhroinnte do COP 28. Tá mór-roinn na hAfraice ar an réigiún is leochailí i leith an athraithe aeráide. Cé nach bhfuil siad freagrach ach as idir 2% agus 3% d’astaíochtaí gás ceaptha teasa an domhain, déanann tionchair aeráide difear díréireach do thíortha Afracacha."
I gcás na hÉireann, tabharfaidh sé seo deis dúinn aird a tharraingt ar an gcaidreamh leanúnach praiticiúil atá ar bun againn san Afraic agus, go háirithe, ar an tiomantas leanúnach atá againn dul i ngleic leis an athrú aeráide. Tabharfaidh sé deis dúinn freisin dul i dteagmháil le hairí Afracacha agus le príomh-chomhchainteoirí idirnáisiúnta maidir le conas torthaí uaillmhianacha a bhaint amach ag COP 28.
Anuraidh, bhí an tAire Ryan ina phríomh-idirbheartaí de chuid an Aontais Eorpaigh ar Chaillteanas agus Damáiste. Ó shin i leith, tá Éire ag comhroinnt suíochán leis an nGearmáin ar an gcoiste idirnáisiúnta ar cuireadh de chúram air beart a dhéanamh de réir na ngealltanas caillteanais agus damáiste a tugadh ag an gComhdháil roimhe de na Páirtithe.
Tagann Cruinniú Mullaigh na hAfraice sna sála ar roinnt imeachtaí idirnáisiúnta a reáchtáladh cheana féin i mbliana roimh COP 28, lenar áiríodh an Cruinniú Mullaigh mór do Chomhshocrú Maoiniúcháin Domhanda Nua, a bhí ar siúl i bPáras i mí an Mheithimh, agus Ráitis Idirnáisiúnta (ó Éirinn ina measc) ar dhul chun cinn ar Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe, a bhí ar siúl i Nua-Eabhrac i mí Iúil. Reáchtálfar Cruinnithe Mullaigh de chuid na Náisiún Aontaithe ar na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe, ar Mhaoiniú don Aeráid agus ar Chaillteanas agus Damáiste le linn Sheachtain Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe idir an 19 Meán Fómhair agus an 26 Meán Fómhair 2023.
Chun tuilleadh faisnéise a fháil, téigh chuig suíomh gréasáin Chruinniú Mullaigh Aeráide na hAfraice.
CRÍOCH
## Nótaí don Eagarthóir
Imeacht suntasach atá á chomhóstáil ag Poblacht na Céinia agus ag Coimisiún an Aontais Afracaigh is ea Cruinniú Mullaigh Aeráide na hAfraice. Tugtar le chéile ann Cinn Stáit agus Rialtais, an lucht déanta beartas, eagraíochtaí sochaí sibhialta, an earnáil phríobháideach, institiúidí iltaobhacha agus an óige chun gníomhartha agus réitigh a dhearadh agus a chur i ngníomh i leith an athraithe aeráide san Afraic trí ardán a sholáthar ag ar féidir plé a dhéanamh ar an nasc idir an t-athrú aeráide, fíorstaid forbartha na hAfraice, agus an gá le hinfheistíocht mhéadaithe a lorg i réimse an ghníomhaithe ar son na haeráide ar fud an domhain, go háirithe san Afraic.
Tá fáilte roimh raon leathan geallsealbhóirí ón Afraic agus ó áiteanna níos faide i gcéin páirt a ghlacadh i gCruinniú Mullaigh Aeráide na hAfraice, lena n-áirítear iad seo a leanas: ionadaithe Rialtais; an lucht déanta beartas; eagraíochtaí sochaí sibhialta; an earnáil phríobháideach; institiúidí iltaobhacha; agus ionadaithe don óige.
Tá raon leathan topaicí á gcumhdach ag Cruinniú Mullaigh Aeráide na hAfraice, agus iad miondealaithe ina seacht réimse théamacha: Caipiteal Dúlra; Maoiniú don Aeráid; Fuinneamh Inathnuaite agus Aistriú Fuinnimh; Mianraí Glasa agus Monaraíocht Ghlas; Talmhaíocht, Úsáid Talún, Aigéin agus Uisce Inbhuanaithe; Bonneagar agus Uirbiú Inbhuanaithe; agus Oiriúnú agus Athléimneacht. Is ar na réimsí téamacha sin atáthar ag díriú go príomha ag an gcruinniú mullaigh, agus ardán cuimsitheach á sholáthar acu chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin chriticiúla aeráide agus deiseanna criticiúla aeráide ar fud na mór-roinne agus níos faide i gcéin.