Ráiteas ón bhFhoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Sathairn 8 Lúnasa 2020
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu go bhfuil 1 othar a raibh COVID-19 orthu tar éis bás a fháil.
Is ionann an líon daoine atá básaithe i gcúinsí a bhaineann le COVID-19 in Éirinn anois ná 1,772 san iomlán*.
Amhail meán oíche Dé hAoine, 7 Lúnasa, tá fógra tugtha don HSPC maidir le 174 cás dearbhaithe de COVID-19. Tá 26,644 cás dearbhaithe de COVID-19 in Éirinn san iomlán ag an bpointe seo.
De na cásanna a tuairiscíodh inniu;
Tá an FSS ag obair chun aon duine a d’fhéadfadh a bheith ina theagmhálaí de na hothair a shainaithint, ionas gur féidir faisnéis agus comhairle a chur ar fáil do dhaoine dá leithéid faoi conas scaipeadh breise den ghalar a chosc.
Soláthraíonn COVID-19 Dashboard faisnéis cothrom le dáta maidir le heochairtháscairí COVID-19 i measc an phobail.
Dúirt an Dr. Ronan Glynn, Leasphríomhoifigeach Leighis Gníomhach sa Roinn Sláinte;
“Cé go bhfuil líon na gcásanna deimhnithe inniu ard, bhíothas ag súil leo. Mar a dúirt me aréir, táimid ag súil go dtuairisceofar líon suntasach de chásanna sna laethanta atá romhainn.
“An tseachtain seo, táimid ag tástáil gach oibrí sna háiseanna inar sainaithníodh briseadh amach de COVID-19 chomh maith le dlúththeagmhálaithe díobh siúd a fuair toradh dearfach COVID. Tá na bearta le brath sna figiúirí seo anocht agus ta 118 cás nasctha le Co Chill Dara, Co Laoise agus Co Uíbh Fhailí.
“An tosaíocht agus an chúis atá taobh thiar de na bearta réamhghníomhacha a fógraíodh aréir, ná cosc a chur ar thras-seoladh pobail forleathan den ghalar de bharr na gcásanna agus na mbraislí seo.
“Tá 50 cás anocht lonnaithe lasmuigh de na trí chontae seo agus tá siad scaipthe ar fud an chuid eile den tír. Arís iarraim ar gach duine, beag beann ar an áit ina bhfuil tú i do chónaí sa tír, gach réamhchúram a thógáil chun cabhrú linn scaipeadh an ghalair seo a chosc agus na daoine is leochailí eadrainn a chosaint. Ciallaíonn sé seo gur chóir dúinn leanúint lenár lámha a ní, fanacht amach 2 mhéadar óna chéile, sluaite a sheachaint, aghaidhmhasc a chaitheamh más cuí, ár gcasacht agus ár sraoth a chlúdach agus an aip rianaithe COVID-19 a íoslódáil.”
Dúirt an tOllamh Philip Nolan, Cathaoirleach Ghrúpa Comhairleach na hÉireann um Shamaltú Eipidéimeolaíochta de chuid NPHET:
“Mar a mhínigh an Leasphríomhoifigeach Leighis Gníomhach ag an bpreasagallamh aréir, is mórchúis imní í an mhinicíocht 14 lá in aghaidh 100,000 den daonra atá ann i gCill Dara, i Laois agus in Uíbh Fhailí. Seasann an mhinicíocht náisiúnta ag 16.3 in aghaidh 100,000 den daonra ach i gCill Dara tá sé ag 130.3, i Laois tá sé ag 69.7 agus in Uíbh Fhailí tá sé ag 89.8.
“Má tharlaíonn tras-seoladh pobail fhorleathain de barr na gcásanna seo, d’fhéadfadh sé sin an obair a chur ó mhaith atá déanta ag an tír cosc ar chur ar scaipeadh amach an víris seo. Is éard atá sna bearta a thug NPHET isteach aréir ná freagairt réamhghníomhach atá i gcomhréir leis na cúinsí atá faoi réim sna contaetha seo.”
CRÍOCH
###Nótaí don Eagarthóir:
Ba cheart go mbeadh na tosca baoil go dtiocfaidh COVID-19 orainn ar eolas ag gach duine:
*Fad – téann an baol go dtiocfaidh COVID-19 ort in airde de réir mar a thagann laghdú ar an bhfad idir tú féin agus daoine eile. Fan 2 mhéadar amach ó dhaoine eile, sa chás gur féidir
*Gníomhaíocht – Is féidir leis an mbealach a chaitheann tú am le daoine agus na rudaí a dhéanann tú leo an baol atá romhat a mhéadú. Cloígh le Treoirlínte Bí Sábháilte an rialtais nuair a bhíonn am á chaitheamh agat le daoine eile
*Am – Dá mhéid ama a chaitheann tú le teagmháil dhlúth a dhéanamh le daoine eile is airde an baol go dtiocfaidh COVID-19 ort. Coimeád cuntas ar na daoine a gcaitheann tú am leo agus ar conas a chaitheann tú am leo
*Timpeallacht – Tá sé níos sábháilte bheith taobh amuigh ná bheith taobh istigh. Cas le daoine eile taobh amuigh, sa chás gur féidir. Mura féidir seo a dhéanamh, coimeád fuinneoga agus doirse ar oscailt nuair a chasann tú le daoine eile taobh istigh
Tá Comhairle Sláinte Poiblí do gach saoránach ar fáil anseo
Bíodh eolas agat ar chomharthaí COVID-19
Is iad siúd: