Fógraíonn an tAire Meabhairshláinte agus Daoine Scothaosta Rogha Ceithre Láithreán do Chlár Nua Píolótach Tacaíochta Baile
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an tAire Meabhairshláinte agus Daoine Scothaosta an rogha ceithre láithreán do Chlár nua Píolótach Tacaíochta Baile. Déanfaidh an clár píolótach samhail athchóirithe soláthair seirbhíse a thástáil le haghaidh tacaíocht baile a bhuntacóidh leis an scéim reachtúil a fhorbairt chun seirbhísí tacaíochta baile a mhaoiniú agus a rialáil.
Soláthróidh an clár píolótach 230,000 uair an chloig sa bhreis de thacaíocht baile i rith tréimhse sé mhí trí chistiú a leithdháiltear faoi Phlean Seirbhíse Náisiúnta FSS.
Is iad na ceithre láithreán de chuid Líonra Sláinte an Phobail (LSP) a roghnaíodh don chlár píolótach
CHO 2 | Tuaim, Baile Átha an Rí agus Baile Locha Riach | |
CHO 4 | Droichead na Bandan, Cionn tSáile agus Carraig Uí Leighin | |
CHO 7 | Baile Formaid agus Baile Phámar | |
CHO 8 | Oirthear na hIarmhí |
Dúirt an tAire Butler:
“Garsprioc thábhachtach i ngealltanas a thugtar i gClár an Rialtais é an rogha láithreán don Chlár Píolótach Tacaíochta Baile chun scéim reachtúil a thabhairt isteach chun tacú le daoine a chónaíonn ina dtithe féin, dá fhaide agus is féidir, agus teacht cothrom a sholáthar ar chúram baile ardchaighdeáin rialaithe.”
Cuirfear tús leis an gClár Píolótach Tacaíochta Baile a chur chun feidhme ag deireadh Lúnasa 2021, agus tá oiliúint, TF, agus córais rialachais le cur i bhfeidhm.
Dheimhnigh an tAire Butler:
“Bunófar Oifig Tacaíochta Baile Náisiúnta chun tacú le tástáil na samhla athchóirithe soláthair seirbhíse. Anuas air sin, cistíodh thart ar 130 post chun córas InterRAI Ireland a thabhairt isteach go náisiúnta, a thástálfaidh an clár píolótach tacaíochta baile mar an uirlis chaighdeánach mheasúnaithe le haghaidh riachtanais chúraim.”
I gcomhthráth, tá obair ar bun ag an Roinn Sláinte chun gnéithe eile den scéim a thabhairt chun cinn, creat rialála a fhorbairt, agus scrúdú a dhéanamh ar roghanna don tsamhail mhaoinithe san áireamh.
Dúirt an tAire Butler mar fhocal scoir:
“Bhí dul chun cinn na scéime seo ar cheann de na rudaí is mó ar thug mé tús áite dó, agus tá gliondar croí orm go bhfuil an chéim ríthábhachtach seo chun cinn déanta tar éis gur roghnaíodh láithreáin don Chlár Píolótach Tacaíochta Baile.”