Fáiltíonn an tAire Smyth roimh fheachtas ina spreagtar an faisean ciorclach ar Lá Domhanda na dTeicstílí Ciorclacha
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Sheol Ossian Smyth, an tAire Stáit sa Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide ar a bhfuil freagracht speisialta as an nGeilleagar Ciorclach, an chéad fheachtas oifigiúil faisin inbhuanaithe de chuid na hÉireann riamh – chun Lá Domhanda na dTeicstílí Ciorclacha, a chuirtear ar siúl inniu (an Mháirt an 8 Deireadh Fómhair), a chomóradh.
Tá Lá Domhanda na dTeicstílí Ciorclacha tiomnaithe don chiorclaíocht i dteicstílí ar fud an domhain a fhiosrú agus do scéalta a chomhroinnt chun níos mó comhroinnte, athchaithimh, athúsáide agus athmhonaraithe a spreagadh feadh an tslabhra soláthair teicstílí.
Príomhfhíorais maidir le teicstílí:
Dúirt an tAire Smyth:
"Tosaíocht de chuid an rialtais seo de réir mar a fhéachaimid le geilleagar ciorclach a bhaint amach is ea faisean ciorclach. Ba mhaith linn feasacht a mhúscailt ar an tionchar atá ag ár nósanna ceannaigh ar an gcomhshaol agus ar cén fáth ar gá dúinn ár gcur chuige ‘glac-déan-diomail’ reatha.
"Tá ag Éirinn ceann amháin de na rátaí is airde san Aontas Eorpach ó thaobh tomhaltas teicstílí nua de, agus an tomhaltas cothrom le 53 kg in aghaidh an duine gach bliain. Is féidir le gach duine dínn rannchuidiú leis an ngníomhú ar son na haeráide trí smaoineamh ar na nithe a theastaíonn uainn dáiríre agus ar cé acu is féidir nó nach féidir linn ábhair a athchaitheamh, a chomhroinnt nó a dheisiú inár n-iarrachtaí comhchoiteanna an treocht a aisiompú.
Inniu, tá an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide ag comóradh Lá Domhanda na dTeicstílí Ciorclacha tríd an bhfeachtas ‘Iompaigh an Treocht Droim ar Ais’ a sheoladh. Tá sé mar aidhm leis an bhfeachtas feasacht a mhéadú ar roghanna eile ar éadaí a cheannach go minic agus feasacht a mhéadú ar roinnt de na tionchair chomhshaoil a bhíonn ag róthomhaltas teicstílí. Tá an feachtas seo ag iarraidh ar dhaoine glacadh leis an bhfaisean ciorclach trí na gníomhartha simplí arb éard iad ‘Ceannaigh níos lú, Caith arís é, Roinn é." Faigh tuilleadh faisnéise faoin bhfeachtas ag reversethetrend.ie
Ceiliúrtar an lá sin ar fud an domhain, agus é mar aidhm leis feasacht a mhúscailt ar a thábhachtaí a bhíonn an chiorclaíocht i dteicstílí agus ciorclaíocht iomlán a bhaint amach faoin mbliain 2050. Tá sé mar chuspóir leis ceiliúradh a dhéanamh ar na hiarrachtaí atá á déanamh ag pobal méadaitheach cuideachtaí, eagraíochtaí agus daoine aonair atá ag obair go gníomhach i dtreo todhchaí teicstílí ciorclacha.
CRÍOCH
Cuirtear Lá Domhanda na dTeicstílí Ciorclacha ar siúl an 8 Deireadh Fómhair gach bliain. Is é atá i gceist leis ná an dul chun cinn ar chiorclaíocht ar fud an domhain a fhiosrú ó thaobh trí théama de: Táirgí agus Seirbhísí; Ábhair; agus Daoine. Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach suíomh gréasáin Lá Domhanda na dTeicstílí Ciorclacha.
Tá Éire lántiomanta don aistriú chuig geilleagar ciorclach. Príomhréimse tosaíochta le haghaidh gníomhaíochta chun uaillmhianta geilleagair chiorclaigh an rialtais a bhaint amach is ea teicstílí. Áirítear lenár mbeartas reatha Plean Gníomhaíochta Dramhaíola le haghaidh Geilleagar Ciorclach 2020-2025, rud lena mbunaítear ár ngealltanas go rachaimid i ngleic leis an díghrádú comhshaoil arb iad teicstílí is cúis leis in Éirinn, ag obair dúinn i ndlúth-chomhoibriú le geallsealbhóirí ábhartha. Leagtar amach ann bearta a bhfuil mar aidhm leo dul i ngleic leis an dúshlán teicstílí. Áirítear leo sin forbairt a dhéanamh faoin 1 Eanáir 2025 ar bhailiú leithleach na dramhaíola teicstílí arna nginiúint ag teaghlaigh, ar aon dul le ceanglais an Aontais Eorpaigh; tacú le sonraí feabhsaithe faoi chineál agus méid an tsrutha teicstílí úsáidte; éiceadhearadh le haghaidh éadaí agus teicstílí a chur chun cinn i gcomhoibriú le dearthóirí faisin agus miondíoltóirí faisin in Éirinn; agus tacú le feachtas oideachais agus feasachta maidir le teicstílí.
Sa bhliain 2022, bhunaigh an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide Grúpa Comhairleach Teicstílí mar fhoghrúpa den Ghrúpa Comhairleach Dramhaíola, agus saineolas ábhartha ó chomhlachtaí tionscail, pobail agus rialála á thabhairt le chéile. Sainaithneoidh an grúpa sin na príomhdheiseanna don rialtas le haghaidh ciorclaíocht a chur chun cinn, a éascú agus a chumasú san éiceachóras teicstílí agus scrúdú a dhéanamh ar an dóigh a ndéantar teicstílí a dhearadh, a tháirgeadh agus a úsáid agus ar an dóigh a bhfaightear réidh leo, le linn aistriú amach ó gheilleagar líneach agus chuig tionscal teicstílí a bheidh cóir, inbhuanaithe agus ciorclach. Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach suíomh gréasáin na roinne.
Sa bhliain 2022, sheol an Coimisiún Eorpach Straitéis an Aontais Eorpaigh maidir le Teicstílí Inbhuanaithe agus Ciorclacha , mar chuid an Tionscnaimh um Tháirgí Inbhuanaithe. Sa Straitéis Teicstílí, socraítear fís don bhliain 2030 ina mbeidh na nithe seo a leanas amhlaidh: