Foilsíonn Cigireacht na Roinne Oideachais Tuarascáil na Cigireachta (2021 – 2023) agus Athbhreithniú Téamach
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Inniu, d’fhoilsigh Cigireacht na Roinne Oideachais Tuarascáil Chigireacht na Roinne Oideachais (2021 – 2023) agus Athbhreithniú Téamach, ina gcuirtear i láthair go leor torthaí dearfacha maidir le soláthar oideachais i scoileanna, suíomhanna um fhoghlaim agus chúram na luath-óige agus suíomhanna oideachais eile in Éirinn.
Soláthraíonn an tuarascáil anailís chuimsitheach ar cháilíocht an tsoláthair oideachais i suíomhanna dá leithéid idir Eanáir 2021 agus Nollaig 2023 agus athbhreithniú téamach ar roinnt gnéithe den soláthar oideachais in Éirinn.
Ar fud chontanam an tsoláthair oideachais do leanaí ó bhreith go hocht mbliana déag d'aois, fuair cigirí amach go raibh taithí ag leanaí agus daoine óga ar oideachas ardchaighdeáin ar an iomlán. Léiríonn an tuarascáil gur chuidigh ceannairí scoile agus suíomhanna, múinteoirí agus oideachasóirí go mór le seasmhacht a chothabháil ar chaighdeán an tsoláthair oideachais le linn thréimhse Covid-19 agus ó shin i leith.
Aibhsíonn an tuarascáil freisin réimsí nach mór a fhorbairt agus a fheabhsú chun an córas oideachais a neartú sna blianta atá le teacht.
• Tinreamh scoile: Tráchtar sa tuairisc ar an gcaoi a bhfuil córas oideachais na hÉireann réamhghníomhach maidir le aghaidh a thabhairt ar cheisteanna tinrimh scoile atá tagtha chun solais ó tharla an Covid. Luaitear ann freisin go bhfuil dúshláin fós ann maidir lena chinntiú go leanann rátaí tinrimh scoile ag ardú go dtí na leibhéil réamhphaindéimeach. Dearbhaíonn sé go mba chóir go mbeadh tuiscint ar an nasc criticiúil atá ann idir teagasc freagrúil ar ardchaighdeán agus tinreamh maith comhsheasmhach mar bhonn ag straitéisí chun aghaidh a thabhairt ar thinreamh.
• Measúnú: Gné amháin de sholáthar teagaisc ar ardchaighdeán a aithníodh mar ghné a éilíonn feabhas, a bheag nó a mhór, ná an measúnú. Sainaithnítear sa tuarascáil scóip chun feabhas a chur ar pholasaithe agus ar chur chuige measúnaithe i sciar suntasach de scoileanna. Sna scoileanna sin, fuarthas amach go raibh neamhfhorbarthacht ina gcumas faisnéis agus sonraí measúnaithe a bhailiú agus a úsáid chun pleananna foghlama daltaí a fhorbairt. Baineann an toradh seo leis an ngá atá aitheanta difreáil níos fearr a dhéanamh i straitéisí teagaisc agus i dtascanna foghlama sna scoileanna seo chun a chinntiú go n-éireoidh le teagasc cuí oiriúnaitheach foghlaim atá dalta-lárnach a éascú.
• Oideachas ionchuimsitheach: Leagadh béim sa chlár cigireachta i mbunscoileanna, i scoileanna speisialta agus in iar-bhunscoileanna le linn na tréimhse 2023-2024 ar chuimsiú leanaí agus daoine óga a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu. Léiríonn torthaí na gcigireachtaí le linn na tréimhse sin go bhfuil dul chun cinn suntasach déanta ag córas oideachais na hÉireann i dtreo an tsoláthair chuimsithigh. Mar sin féin, léiríonn na torthaí chomh maith go bhfuil réimsí ann fós ar gá feabhas a chur orthu chun a chinntiú go bhfuil rochtain ag gach leanbh ar eispéiris foghlama d’ardchaighdeán agus go mbraitheann siad go bhfuil meas orthu, go léirítear ómós dóibh agus go bhfuil siad san áireamh mar chuid luachmhar dá bpobal scoile.
Agus an tuarascáil á foilsiú, dúirt an Príomhchigire, Yvonne Keating:
“Léiríonn ár gcigireachtaí go bhfuil láidreachtaí suntasacha ar fud an chórais oideachais in Éirinn, a chuimsíonn na leibhéil luathbhlianta, bunscoile agus iar-bhunscoile. Is iad gairmiúlacht, scileanna agus tiomantas iad siúd a bhfuil baint acu leis an teagasc is mó a spreagann na héachtaí seo, chun ár scoileanna agus ár suíomhanna um fhoghlaim agus chúram na luath-óige a threorú, agus chun tacú le foghlaim agus folláine leanaí agus daoine óga. Cuireann an bhunchloch láidir seo ar ár gcumas dul chun cinn breise a dhéanamh i dtreo barr feabhais oideachais do gach foghlaimeoir."
Chuir an tAire Oideachais, Norma Foley, fáilte roimh fhoilsiú na tuarascála ón gCigireacht.
"Tá an-áthas orm fáilte a chur roimh an tuarascáil chuimsitheach dhearfach seo, a bhaineann leas as torthaí fairsinge cigireachta agus taighde a bhaineann le gach cearn dár n-earnálacha oideachais. Tugann na torthaí pictiúr de chóras oideachais atá seasmhach rathúil, córas a léirigh teacht aniar agus solúbthacht iontach, go háirithe i bhfianaise na ndúshlán a bhí ann le déanaí.
"Aithníonn sé an dul chun cinn suntasach a rinneadh maidir le timpeallachtaí foghlama gníomhacha agus spreagúla a chruthú, curaclaim atá leanbhlárnach a chur i bhfeidhm agus iarracht a dhéanamh mothú an mhuintearais a chothú i measc ár bhfoghlaimeoirí óga. Is fianaise iad na héachtaí seo ar thiomantas diongbháilte ár gceannairí scoile, múinteoirí, baill foirne, scoláirí, teaghlaigh agus comhaltaí deonacha boird.
"Cé gur cheart dúinn na héachtaí seo a cheiliúradh, ba cheart dúinn aghaidh a thabhairt freisin ar na réimsí atá aitheanta le haghaidh tuilleadh forbartha. Tugtar léargas luachmhar sa tuarascáil ar na háiteanna inar féidir linn ár gcleachtais a fheabhsú, go háirithe i réimsí an mheasúnaithe agus an oideachais ionchuimsithigh.
"Le chéile, beimid ag tógáil ar an dúshraith láidir seo lena chinntiú go mbeidh rochtain ag gach páiste in Éirinn ar oideachas den chaighdeán is airde, ag cothú a n-acmhainneachta agus á n-ullmhú do dhúshláin agus do dheiseanna na todhchaí," a dúirt sí.
Tá an tuarascáil iomlán ar fáil ag: anseo .
Chun tuilleadh eolais a fháil, seol ríomhphost chuig Inspectorate@education.gov.ie .
CRÍOCH
Deirtear sa tuarascáil go bhfuil dul chun cinn suntasach á dhéanamh ag earnáil an oideachais luathbhlianta maidir le heispéiris luathfhoghlama ar ardchaighdeán a chur ar fáil dár bhfoghlaimeoirí is óige. Léiríonn suíomhanna um Fhoghlaim agus Cúram na Luath-óige (FCLÓ) láidreachtaí maidir le mothú muintearais leanaí a chothú, timpeallachtaí foghlama spreagúla a chruthú, agus curaclaim atá leanbhlárnach, súgradhbhunaithe a chur i bhfeidhm.
Mar sin féin, sainaithnítear sa tuarascáil roinnt réimsí le haghaidh fás agus forbairt leanúnach. Áirítear orthu sin an gá atá le hinfheistíocht bhreise ó shuíomhanna i naisc chultúrtha agus phobail, tacaíocht fheabhsaithe do luathfhoghlaim teanga, agus forbairt bhreise ar chumas ceannaireachta.
Leagtar béim sa tuarascáil ar go leor láidreachtaí in obair na mbunscoileanna agus na scoileanna speisialta. Is léir go bhfuil oideachas d'ardchaighdeán á chur ar fáil ag formhór mór na scoileanna dá ndaltaí agus go bhfuil caighdeán na ceannaireachta agus na bainistíochta scoile sna scoileanna ina phríomháisitheoir don rath seo. Is léir go bhfuil múinteoirí, cúntóirí riachtanas speisialta agus ceannairí scoile i mbunscoileanna agus i scoileanna speisialta an-tiomanta dá n-obair agus dá misean gairmiúil agus tá fonn orthu a saineolas a roinnt le daoine eile, laistigh dá scoil féin, agus mar bhaill de líonraí gairmiúla múinteoirí.
De réir mar a gcuirtear Creatchuraclam na Bunscoile i bhfeidhm, beidh gá le ceannaireacht leanúnach éifeachtach agus spreagúil i scoileanna chun a chinntiú go mbeidh an t-eolas, na scileanna agus na dearcthaí riachtanacha ag leanaí agus daoine óga chun dul i ngleic go rathúil leis an domhan mórthimpeall orthu, agus chun tacú leo in úsáid chruthaitheach agus eiticiúil na dteicneolaíochtaí digiteacha. Beidh ceannaireacht den sórt sin ríthábhachtach freisin chun timpeallachtaí scoile a chur chun cinn ina gcuirtear folláine gach linbh agus gach duine óig chun cinn, áit a bhfuil fáilte roimh gach duine, agus ina mbraitheann gach duine mar chuid de.
Leagtar béim sa tuarascáil ar na gnéithe dearfacha a bhaineann le go leor codanna den earnáil iar-bhunscoile, le go leor scoileanna a léiríonn tiomantas d'fholláine daoine óga a chur chun cinn, eispéiris teagaisc agus foghlama ar ardchaighdeán a chur ar fáil, agus ceannaireacht agus bainistíocht éifeachtach. Léiríonn na láidreachtaí i gcoitinne earnáil sheasmhach iar-bhunscoile ar an iomlán ó thaobh cháilíocht an tsoláthair oideachais de.
D'ainneoin na láidreachtaí sin, seasann an t-oideachas iar-bhunscoile ag pointe criticiúil, agus é ag tabhairt aghaidh ar dhúshláin agus deiseanna a chruthóidh an chonair atá rompu amach. Leagtar béim sa tuarascáil ar an tábhacht a bhaineann le forbairt leanúnach i modheolaíochtaí teagaisc agus straitéisí measúnaithe chun feabhas a chur ar cháilíocht an iar-bhunoideachais in Éirinn, go háirithe i gcomhthéacs athfhorbairt na Sraithe Sóisearaí agus na Sraithe Sinsearaí.
Ag breathnú chun tosaigh, tá cur chuige straitéiseach ríthabhachtach, cur chuige a chomhtháthaíonn an cheannaireacht láidir, an fhorbairt nuálach curaclaim, folláine agus muintearas na scoláirí, agus úsáid chruthaitheach agus eiticiúil teicneolaíochtaí digiteacha mar shainriachtanais. Trí dhíriú ar na príomhréimsí seo, is féidir leis an gcóras iar-bhunscoile timpeallacht oideachasúil a chruthú a thabharfaidh aghaidh ar riachtanais reatha daoine óga agus iad á n-ullmhú féin do dhúshláin agus do dheiseanna an lae amárach.
Leagtar béim sa tuarascáil ar an dúshraith láidir atá ann do chleachtais éifeachtacha i suíomhanna FCLÓ lán-Ghaeilge, agus molann cigirí an dul chun cinn atá déanta maidir le luathshealbhú na Gaeilge a chothú ar fud na Gaeltachta agus na gceantar lasmuigh den Ghaeltacht. Léiríonn na torthaí earnáil bhríomhar thiomanta atá ag fás go leanúnach ina cumas tacú le forbairt theangeolaíoch agus iomlánaíoch leanaí óga.
Tá oideoirí ag léiriú tiomantais agus dúthrachta chun grá leanaí a chothú don Ghaeilge ach is dúshlán ar fud na hearnála é comhsheasmhacht caighdeáin a bhaint amach. Trí aghaidh a thabhairt ar fhorbairt ghairmiúil tosaigh agus leanúnach oideoirí, agus trí infheistiú i bhforbairt acmhainní, i rannpháirtíocht le teaghlaigh agus i bpleanáil le haghaidh aistrithe, is féidir leis na suíomhanna seo leanúint faoi bhláth, ag cinntiú go mbeidh todhchaí an tumoideachais i suíomhanna FCLÓ ar ardchaighdeán.
Leagtar béim sa tuarascáil ar an tábhacht a bhaineann le cleachtais mheasúnaithe a fheabhsú chun tacú le dul chun cinn i bhfoghlaim leanaí sa mhatamaitic. Leagann sé seo béim ar an ngá atá le modhanna níos éifeachtaí chun tuiscint agus scileanna matamaiticiúla na ndaltaí a mheas. Moltar sa tuarascáil go bhféadfadh teicnící measúnaithe feabhsaithe bonn eolais níos fearr a chur faoi chleachtais teagaisc agus cabhrú le dul chun cinn na ndaltaí a rianú ar bhealach níos cruinne, rud a d'fhágfadh go mbeadh teagasc na matamaitice níos saincheaptha agus níos éifeachtaí mar thoradh air.
De réir tuairiscí cigireachta, cuireann leathnú na gcur chuige measúnaithe in iar-bhunscoileanna acmhainneacht shuntasach ar fáil chun measúnú scoláirí a fheabhsú. Deirtear sa tuarascáil go bhfuil ardleibhéal litearthacht mheasúnaithe, lena gcuimsítear tuiscint dhomhain ar mhodhanna éagsúla measúnaithe, an cumas tascanna cuí a dhearadh agus a chur i bhfeidhm, agus na scileanna chun sonraí measúnaithe a léirmhíniú agus a úsáid go héifeachtach, ríthábhachtach i measc múinteoirí agus ceannairí scoile. Leagtar béim sa tuarascáil ar an tábhacht a bhaineann le machnamh a dhéanamh ar na ceachtanna a foghlaimíodh ó chur i bhfeidhm na sraithe sóisearaí, ionas nach bhforbrófar cultúir an ró-mheasúnaithe, agus chun cothromaíocht cuí a choinneáil idir cuir chuige fhoirmitheacha agus shuimitheacha. Tugtar faoi deara i dtorthaí na gcigireachtaí a dtagraítear dóibh sa tuarascáil go dtugann athfhorbairt leanúnach sonraíochtaí curaclaim agus socruithe measúnaithe sa tsraith shinsearach deis thráthúil chun na prionsabail sin a leabú.
Leagtar béim sa tuarascáil ar an tábhacht a bhaineann le mothú muintearais a chothú i scoileanna, ag aithint go gcuireann timpeallachtaí cuimsitheacha le heispéiris agus torthaí dearfacha oideachais.
Cuirtear béim freisin ar an ngá atá le húsáid chothrom acmhainní, rud a chinntíonn go mbeidh rochtain ag gach dalta ar na tacaíochtaí a theastaíonn uathu. Tá nasc láidir idir an tinreamh rialta scoile agus torthaí oideachais feabhsaithe, rud a léiríonn a thábhacht san oideachas ionchuimsitheach.
Leagtar béim freisin sa tuarascáil ar an ról ríthábhachtach atá ag oideachas múinteoirí agus ag forbairt ghairmiúil maidir le cleachtais chuimsitheacha agus timpeallachtaí foghlama freagrúla a chothabháil.
Maidir le réimsí forbartha, leagtar béim sa tuarascáil ar an ngá atá le tuismitheoirí a bhfuil leanaí le riachtanais speisialta oideachais acu a chur ar a suaimhneas maidir leis na buntáistí a bhaineann le suíomhanna cuimsitheacha, rud a chothóidh muinín níos mó sna cuir chuige seo.
Aithnítear go bhfuil sé ríthábhachtach cumas múinteoirí agus ceannairí scoile a fhorbairt chun cleachtais chuimsitheacha a neartú. Ar deireadh, cuirtear béim ar leithdháileadh éifeachtach acmhainní breise, le béim á cur ar thosaíocht a thabhairt do dhaltaí a bhfuil na riachtanais is mó acu.
Tá na torthaí i dTuarascáil Chigireacht na Roinne Oideachais (2021-2023) agus san Athbhreithniú Téamach bunaithe ar fhaisnéis a bailíodh le linn raon leathan cigireachtaí agus taighde, lena n-áirítear:
• 1,231 cigireacht i suíomhanna um fhoghlaim agus chúram na luath-óige a chuireann an clár FCLÓ ar fáil
• 4,362 cigireacht i mbunscoileanna agus i scoileanna speisialta
• 1,909 cigireacht in iar-bhunscoileanna agus in ionaid oideachais
CRÍOCH