Seachtain na Scoileanna Gníomhacha, 2023 seolta ag na hAirí Foley, Byrne agus Naughton
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Inniu, sheol an tAire Oideachais, Norma Foely TD, sonraí faoi Sheachtain na Scoileanna Gníomhacha i mbliana, in éineacht leis na hAirí Stáit, Thomas Byrne TD agus Hildegarde Naughton TD.
Tá Seachtain Náisiúnta na Scoileanna Gníomhacha #ASW23 ar siúl ón 24-28 Aibreán. Spreagann an clár do na scoileanna uile Seachtain na Scoileanna Gníomhacha a chur san áireamh ina bhféilirí scoile bliantúla, ina bhfuil eolas, smaointe agus tacaíocht le haghaidh imeachtaí spraíúla agus ionchuimsitheacha chun gníomhaíochtaí coirp a spreagadh i bpobal na scoile.
Beidh na hOilimpigh Aidan Walsh (dornálaíocht) agus Rhys McClenaghan (gleachaíocht) chun tosaigh ag leagan síos dúshláin #ASW do gach duine a ghlacann páirt in Imeacht Oilimpigh Bheo! ar líne Déardaoin an 26 Aibreán, ina mbeidh seisiúin speisialta do bhunscoileanna agus d’iar-bhunscoileanna.
Dúirt an tAire Foley:
“Is é atá i gceist le Seachtain na Scoileanna Gníomhacha ná gníomhaíochtaí coirp spraíúla agus ionchuimsitheacha do chách. Spreagtar scoileanna le bheith cruthaitheach agus iad ag pleanáil, cumarsáid a dhéanamh leis na scoláirí chun smaointe a fháil uathu agus teagmháil a dhéanamh lena bpobal áitiúil chun tacaíocht a fháil. Mar náisiún, is gá dúinn bealaí a aimsiú chun daoine a spreagadh le bheith ag gluaiseacht níos mó agus a bheith ina suí níos lú.
“Tugann Seachtain na Scoileanna Gníomhacha smaointe do mhúinteoirí le bealaí a aimsiú chun spreacadh a chur sa lá scoile ina bhfuil sosanna gníomhacha go rialta agus tríd an ghníomhaíocht choirp a nascadh leis an bhfoghlaim.
"Ba mhaith liom buíochas a ghlacadh leis na múinteoirí agus leis na baill foirne as ucht an obair ar fad atá déanta acu le go mbeidh Seachtain na Scoileanna Gníomhacha ina seachtain atá chomh speisialta sin do chuid mhór daoine, as ucht páirt a ghlacadh sa spraoi in éineacht lena scoláirí agus as ucht dúshláin gníomhaíochta coirp a leagan síos dá bpobal scoile.”
Dúirt an tAire Stáit le freagracht as Spórt agus Corpoideachas, Thomas Byrne TD:
“Tá an méid sin bealaí éagsúla ann le bheith gníomhach agus ‘ní oireann an toise céanna do gach duine’. Is fadhb dhomhanda í laghdú leibhéil gníomhaíochta coirp na ndaoine óga ina bhfuil gá le freagairt i gcomhar le chéile. Is dúshlán é nósanna a athrú agus daoine a spreagadh le bheith níos gníomhaí agus chun dul i ngleic leis an dúshlán seo, is léir gur gá tosú go hóg, i suíomhanna oideachais san áireamh.
"Is iontach an rud é Cumann Peile na hÉireann (FAI), Leadóg Bhoird na hÉireann, Cónaidhm Oilimpeach na hÉireann agus Foras Croí na hÉireann a fheiceáil ag tairiscint a gcuid tacaíochta do #ASW23.”
Dúirt an tAire Stáit le freagracht as Sláinte Phoiblí, Folláine agus an Straitéis Náisiúnta Frithdhrugaí, Hildegarde Naughton TD:
“Ceann amháin de mo chuid tosaíochtaí mar Aire ná gníomhaíochaí coirp do leanaí agus daoine óga a chur chun cinn mar go gcabhraíonn sé le tacú le fás agus forbairt shláintiúil.
"I suíomh scoile, tá sé tábhachtach go bhforbraíonn leanaí an t-eolas, na scileanna agus na hiompair ar dócha go gcuirfidh siad leis an rannpháirtíocht ar feadh an tsaoil sa ghníomhaíocht choirp agus sa dea-shláinte. Is cúis áthais dúinn go bhfuil an deis seo againn leanúint ar aghaidh agus tacú le Seachtain na Scoileanna Gníomhacha, mar chuid de Bhratach na Scoileanna Gníomhacha, trí Chiste Éire Shláintiúil agus i gcomhpháirtíocht lenár gcomhghleacaithe san Oideachas.”
Tá sé tábhachtach a bheith gníomhach d’fholláine gach duine. Is deis iontach í Seachtain na Scoileanna Gníomhacha chun na buntáistí a bhaineann le gníomhaíocht choirp a chur chun cinn agus chun a léiriú cé chomh tábhachtach agus atá sé seo mar chuid de phobal scoile sláintiúil. Bíonn buntáistí ag baint le lá scoile fuinniúil freisin don phróiseas teagaisc agus foghlama.
Tugann Seachtain na Scoileanna Gníomhacha dúshlán do scoileanna imeachtaí gníomhaíochta coirp spraíúla agus ionchuimsitheacha, chomh maith le bealaí a aimsiú chun ‘ag foghlaim agus tú ag gluaiseacht’ a chur chun cinn. Spreagann an clár na múinteoirí agus na laochra áitiúla araon le dúshláin gníomhaíochta coirp a leagan síos dá bpobal scoile. Tabhair cuairt ar an suíomh gréasáin https://activeschoolflag.ie/asw22-active-school-week-2023/
CRÍOCH
Bratach na Scoileanna Gníomhacha
Is tionscnamh í Bratach na Scoileanna Gníomhacha (BSG) de chuid na Roinne Oideachais, arna thacú le hÉire Shláintiúil agus arna riar trí Ionad Oideachais Mhaigh Eo. Is é aidhm an chláir ‘níos mó scoileanna a fháil le bheith níos gníomhaí, níos minice’. Bronntar an BSG ar scoileanna a dhéanann iarracht pobal scoile atá oilte go fisiciúil agus atá gníomhach go fisiciúil a bhaint amach.
Nuair a bhronntar í, fanann an BSG bailí ar feadh thréimhse trí bliana. Faoi láthair tá stádas BSG ag 809 bunscoil a bhfuil 144,829 dalta ag freastal orthu, agus tá i bhfad níos mó ag obair i dtreo an bhratach a bhaint amach faoi láthair. Tá forbairt á déanamh ar phróiseas BSG nua don phróiseas iar-bhunscoile.
Suíomh Gréasáin https://activeschoolflag.ie/
Twitter https://twitter.com/ActiveFlag
Éire Shláintiúil
Is tionsnamh ollmhór í Éire Shláintiúil atá faoi cheannas an Rialtais a bhfuil mar aidhm aici Sochaí de chuid na hÉireann a chruthú inar féidir le gach duine taitneamh a bhaint as sláinte choirp agus mheabhrach, agus ina bhfuil meas ar an bhfolláine agus ina dtugtar tacaíocht don fholláine ag gach leibhéal den tsochí. Faoi Éire Shláintiúil, tá an Plean Náisiúnta um Ghníomhaíocht Choirp (PNGC) faoi cheannas na Ranna Sláinte agus Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, i gcomhpháirtíocht le raon páirtithe leasmhara eile lena n-áirítear an Roinn Oideachais. Is é príomhchuspóir an phlean níos mó scoileanna a spreagadh le páirt a ghlacadh i mBratach na Scoileanna Gníomhacha.
Suíomh Gréasáin https://www.gov.ie/en/campaigns/healthy-ireland/
#ASW23 Smaointe agus Inspioráid
Is féidir rochtain a dhéanamh ar gach ceann de na hacmhainní, smaointe agus tacaíochtaí de chuid #ASW23 anseo:
Leathanach an tSuímh Ghréasáin de chuid #ASW23 https://activeschoolflag.ie/asw23-active-school-week-2023/
#TableTennisTakeOver (28 Aibreán)
Is é aidhm lá #TableTennisTakeOver ná an deis a thabhairt d’oiread scoláirí agus baill foirne agus is féidir le leadóg bhoird a imirt ar scoil. Tá an tionscnamh seo ag fáil tacaíochta ó Leadóg Bhoird na hÉireann.
Faoi #TableTennistakeOver https://activeschoolflag.ie/events/feelgoodfridays-local-hero-2-2/
Leadóg Bhoird na hÉireann https://tabletennisireland.ie/
Futsul agus Peil Shiúil de chuid an FAI
Tá Futsul de chuid an FAI dírithe ar bhunscoileanna. Tá Peil Shiúil á cur ar bun mar chlár píolótach ag an FAI ag leibhéal na hiar-bhunscoile.
Futsul an FAI do #ASW23 https://activeschoolflag.ie/wp-content/uploads/2020/11/FAI-Futsul-PDF-version.pdf
Sosanna Gnóthacha do #ASW23 (Foras Croí na hÉireann)
San áireamh ar an leathanach gréasáin de chuid Shosanna Gnóthacha do #ASW23, tá raon leathan de smaointe gníomhaíochta coirp spraíúla, cruthaitheacha agus ionchuimsitheacha atá oiriúnach do bhunscoileanna.
Sosanna Gnóthacha do #ASW23 https://irishheart.ie/schools/primary-schools/bizzy-breaks-for-active-school-week/
Imeacht Oilimpigh Bheo! Ar Líne (27 Aibreán)
Is imeacht ar líne saor in aisce é seo do bhunscoileanna ar 10 am agus d’iarbhunscoileanna ar 11 am, atá eagraithe ag Clár na Scoileanna um ‘Bíodh Misneach agus Creid ann (Dare to Believe)’.
Cláraigh don Imeacht https://www.daretobelieve.ie/updates/olympians-live-register-now/
Faoi ‘Bíodh Misneach agus Creid ann (Dare to Believe)’ https://www.daretobelieve.ie/about/
Cónaidhm Oilimpeach na hÉireann https://olympics.ie/