Síneadh ama ar spriocdháta an Chláir Náisiúnta Beachadóireachta
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D'fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara síneadh ama gairid chun glacadh le hiarratais faoin gClár Náisiúnta Beachadóireachta (NAP) 2023 – 2027 inniu. Is é an spriocdháta nua le haghaidh iarratas ná an Aoine 14 Iúil 2023. An spriocdháta a bhí ann ar dtús ná an Aoine 30 Meitheamh. Tá an Clár Náisiúnta Beachadóireachta 2023-2027 comh-mhaoinithe ag an Aontas Eorpach agus an Cúlchiste Náisiúnta faoi Phlean Straitéiseach CBT na hÉireann 2023-2027.
Is iad spriocanna an chláir ná:
• cabhrú teicniúil a chur ar fáil do bheachairí,
• dul i ngleic le hionróirí coirceog beach agus galair sna coirceoga beach, go háirithe an varróis,
• comhoibriú le sainchomhlachtaí do chur i bhfeidhm clár taighde fheidhmeach i réimse táirgí beachaireachta agus beachadóireachta.
Tá gach comhlacht oiriúnach ar féidir leis na hachmhainní taighde riachtanacha a léiriú, lena n-áirítear Ollscoileanna, Institiúidí Teicneolaíochta agus Teagasc, incháilithe tograí a chur isteach.
Is féidir leat na sonraí iomlána maidir leis an éileamh ar mholtaí don NAP 2023-2027 a aimsiú ar shuíomh gréasáin na Roinne.
Is féidir ceisteanna maidir leis an gClár Náisiúnta Bea beekeeping@agriculture.gov.ie. chadóireachta 2023-2027 a chur trí ríomhphost chuig