Cuireadh an tIonad Faireachais um Chosaint Sláinte ar an eolas ar 4 bhás bhreise a bhaineann le COVID-19.
Tá 4,903 duine, ar an iomlán, tar éis bás a fháil in Éirinn go dtí seo a bhain le COVID-19.
Amhail meán oíche Déardaoin, an 29 Aibreán, cuireadh an IFCS ar an eolas ar 545 cás deimhnithe de COVID-19. Tá 248,870* cás deimhnithe, ar an iomlán, de COVID-19 ann anois in Éirinn.
As na cásanna a cuireadh in iúl inniu:
Amhail 8am inniu, tá 139 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 44 astu siúd san aonad dianchúraim. Tugadh 8 nduine sa bhreis go dtí an t-ospidéal le 24 uair an chloig anuas.
Amhail an 28 Aibreán 2021, tugadh 1,487,043 dáileog de vacsaín COVID-19 in Éirinn:
Dúirt an Dr Tony Holohan, an Príomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte: “Cuirtear fáilte roimh laghdú na srianta agus cor cinniúnach é a bhain ár gcomhiarrachtaí amach chun teacht slán as an bpaindéim seo. Céim níos gaire é i dtreo na comhsprice náisiúnta chun COVID-19 a chur faoi chois agus daoine leochaileacha a chosaint.
“Is éagsúil don leitheadúlacht timpeall na tíre, áfach. Tá roinnt ceantar i gcás atá níos contúirtí ná mar atá ceantair eile. Mar shampla, cé gurb é ráta na dteagmhas náisiúnta 125 cás in aghaidh gach 100,000 duine den daonra, is é an ráta i nDún na nGall faoi láthair 295 cás in aghaidh gach 100,000 duine. Ábhar an-mhór buartha é seo do dhochtúirí sláinte poiblí go háitiúil.
“Iarraimid ar cheannairí pobail i gceantair cosúil le Dún na nGall, áit a bhfuil an víreas á scaipeadh go fóill ar leibhéil bhaolacha, chun na daoine ann a spreagadh cloí leis na bearta sláinte poiblí, go háirithe má tá siad leochaileach nó mura ndearnadh iad a vacsaíniú go fóill.
“Ba thréimhse dheacair dúinn mar thír mí Eanáir, ach bhí sé an-dian orthu siúd i nDún na nGall. Is tábhachtach go bhféachaimid chun cinn anois agus go n-oibrímid le chéile leis an leitheadúlacht a laghdú go náisiúnta, agus inár gceantar áitiúil féin freisin. Tá bhur ngníomhartha aonair ar mhaithe le bhur gcomharsana agus bhur bpobal fiúntach, agus déanfaidh siad difear mór.”
Dúirt an Dr Ronan Glynn, an Leas-Phríomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte: “Tá an-chuid bainte amach againn mar thír, ach cruthaíonn an víreas seo bagairt go fóill agus is tábhachtach leanúint orainn bheith airdeallach agus gan éirí réchúiseach sna seachtainí amach romhainn. Baineann seo go háirithe leo siúd nach ndearnadh a vacsaíniú go fóill nó atá an-leochaileach.
“Is é an rud tábhachtach atá le déanamh de réir mar a athosclaítear an tsochaí ná leanúint le measúnú riosca a dhéanamh ar bhur roghanna agus bhur dtimpeallacht. Ní bhíonn rud éigin sábháilte i gcónaí díreach mar gheall gur rogha é. Cruthaítear baol go fóill in áiteanna plódaithe agus i spásanna iata. Mura mbraitheann tú compordach, nó má bhraitheann tú go bhfuil áit róphlódaithe, fág an áit. Spreag bhur gcairde agus daoine muinteartha leanúint ag cloí leis na bearta bunúsacha chun iad féin agus a dteaghlaigh a chosaint.”
Dúirt an tOllamh Philip Nolan, Cathaoirleach Ghrúpa Comhairleach Samhaltaithe Eipidéimeolaíochta an FÉSPN:“Tá dea-scéal, a gcuirtear fáilte mhór ghroí roimhe agus a raibh feitheamh fada leis, curtha in iúl d’úinéirí gnólachta, fostaithe agus custaiméirí maidir le hatosú ár ngeilleagair. Tá sé thar a bheith tábhachtach, áfach, go ndéanann gach duine athbhreithniú ar a gcleachtais agus a bprótacail sábháilteachta le linn na tréimhse seo ina bhfuil súil leis an athoscailt. Ar mhaithe linn féin go léir é seo, agus leo siúd a fhostaíonn siad, ach go háirithe.
“Cuimhnígí go bhfuil dualgas cúraim oraibh dóibh siúd a oibríonn duit, agus bhur bpátrúin agus bhur gcliaint. Leagann athoscailt an fhreagracht oraibh an baol a mhaolú go scaipfear COVID-19 in bhur mbunaíocht.
“Táimid go léir ag tnúth le casadh lena chéile arís chun brabhsáil a dhéanamh, cupán caife a ól, nó béile a ithe. Ach ní mór dúinn sin a dhéanamh go sábháilte, agus ar bhealaí nua, lena chinntiú go gcoimeádtar an víreas seo faoi chois go ceann roinnt míonna amach romhainn de réir mar a théann leibhéil vacsaínithe i méid.”
Dúirt an tOllamh Pete Lunn, Ceann an Aonaid Taighde, an ITES: “Léiríonn torthaí an lae inniu ón taighde is déanaí ar iompar daoine, faoinar thug Aonad Taighde Iompair na hInstitiúide go neamhspleách, cé go leanann tromlach mór an daonra ag cloí leis na treoirlínte sláinte poiblí i bhformhór de na gnéithe dá saol, is léir gur tháinig laghdú ar na leibhéil chomhlíonta a tugadh le fios le roinnt seachtainí anuas, dá ainneoin.
“Níor tháinig méadú breise i rith thréimhse na Cásca ar an meánlíon daoine ó theaghlach eile ar chas gach duine aonair leo, ar an líon cuairteanna sóisialta a tugadh ar thithe, agus ar an dóchúlacht go ndearna daoine teagmháil dhlúth le cás dearfach, a raibh gach ceann díobh ag dul i méid i rith Feabhra agus an Mhárta.
“Léirítear sna sonraí freisin, in ainneoin gur tháinig scéalta nuachta chun solais inar tugadh le fios go gcruthaíonn roinnt vacsaíní baol íseal i leith téachtáin fola, beartaíonn go leor daoine an vacsaín a fháil go fóill. Deir 80% go nglacfaidh siad leis an vacsaín nuair a dhéanfar í a thairiscint dóibh, agus deir formhór an fhuílligh díobh nach bhfuil siad cinnte go fóill.”
Cuirtear eolas cothrom le dáta ar fáil ar Chlár Eolais COVID-19 ar phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal, sonraí laethúla san áireamh faoi Chlár Vacsaínithe COVID-19 na hÉireann.
CRÍOCH//
**Ba cheart a mheas go bhfuil sonraí faoi chontae sealadach mar gheall gur córas dinimiciúil é an Córas Tuairiscithe Ríomhairithe Galar Tógálach (CIDR) náisiúnta agus tá sonraí faoi chásanna á mbailíochtú agus á nuashonrú go leanúnach.
|Contae |Cásanna an lae inniu (go dtí meán oíche an 29Aib2021) |Meán gluaisteach 5 lá (go dtí meán oíche an 29Aib2021) | Ráta na dteagmhas 14 lá in aghaidh gach 100,000 duine den daonra (ón 16Aib2021 go dtí an 29Aib2021) | Cásanna nua le 14 lá anuas (ón 16Aib2021 go dtí an 29Aib2021) |
Éire | 545 | 450 | 127.3 | 6060 |
Dún na nGall | 29 | 40 | 293.4 | 467 |
Cill Dara | 58 | 43 | 238.6 | 531 |
An Iarmhí | 12 | 16 | 190.4 | 169 |
Baile Átha Cliath | 264 | 175 | 184.4 | 2,484 |
Uíbh Fhailí | <5 | 8 | 171.9 | 134 |
An Longfort | <5 | 3 | 168.8 | 69 |
Tiobraid Árann | 6 | 16 | 151.7 | 242 |
An Mhí | <5 | 21 | 144.1 | 281 |
Liatroim | <5 | 2 | 134.2 | 43 |
Luimneach | 19 | 17 | 123.7 | 241 |
Lú | 13 | 9 | 109.4 | 141 |
An Cabhán | <5 | 5 | 95.8 | 73 |
Gaillimh | 28 | 21 | 88.7 | 229 |
Cill Mhantáin | 11 | 10 | 87.8 | 125 |
Ceatharlach | <5 | 4 | 84.3 | 48 |
Muineachán | 5 | 6 | 79.8 | 49 |
Maigh Eo | 7 | 5 | 72 | 94 |
Laois | <5 | 2 | 70.8 | 60 |
Ros Comáin | <5 | 3 | 68.2 | 44 |
Port Láirge | 12 | 8 | 63.7 | 74 |
Sligeach | <5 | 2 | 56.5 | 37 |
Corcaigh | 50 | 27 | 53.4 | 290 |
An Clár | 2 | 3 | 37 | 44 |
Loch Garman | <5 | 2 | 26.7 | 40 |
Cill Chainnigh | <5 | 1 | 24.2 | 24 |
Ciarraí | <5 | 1 | 18.3 | 27 |
~Cuireann meán gluaisteach 5 lá na gcásanna nua táscaire cuí ar fáil maidir le líonta na gcásanna reatha laethúla laistigh de chontae. Cuirtear san áireamh ann aon chásanna a dhéantar a bhailíochtú le haghaidh laethanta roimhe seo agus cuirtear san áireamh meán luaineacht laethúil/deireadh seachtaine na líonta cásanna.
• Is é ráta na dteagmhas 7 lá 65.8 cás
• Is é an meán gluaisteach 5 lá 450 cás