Creed announces Stakeholder Committee to develop Ireland’s Agri-Food Strategy to 2030 and opens first meeting ga
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D'oscail an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed T.D., an chéad chruinniú den Choiste Páirtithe Leasmhara atá chun straitéis Agraibhia na hÉireann a fhorbairt go dtí 2030 agus d'fhógair sé comhdhéanamh an Choiste.
Dúirt an tAire Creed "Ó bunaíodh iad 20 bliain ó shin, go dtí an plean Food Wise 2025 atá ann anois, cinntíodh leis an sraith leanúnach de straitéisí deich mbliana go bhfuil fís stuama, faoi stiúir pháirtithe leasmhara againn chun bonn a chur faoi fhorbairt na hearnála. Léirítear chomh maith agus atá ag éirí leis na straitéisí seo leis an méadú 73% atá tagtha ar onnmhairí agraibhia ó 2009. Cé go bhfuil go leor dúshlán roimh an earnáil tá go leor deiseanna ann chomh maith. Táim cinnte go mbeidh inbhuanaitheacht timpeallachta lena n-áirítear aeráid, bithéagsúlacht agus uisce, ar cheann de na príomhcheisteanna a bheidh á mheas ag an gCoiste. Chomh maith leis sin beidh ár dtionchar ar fud an domhain a leathnú; nuálaíocht; agus iomaíochas ina dtosaíochtaí don tionscal. Tá príomhtháirgeoirí riachtanacha do ghnéithe geilleagracha agus sóisialta na hÉireann; tá sé fós ríthábhachtach go mbeadh siad in ann bia a tháirgeadh ar bhealach inbhuanaithe agus inmharthana ó thaobh na heacnamaíochta é.
Maidir le comhdhéanamh an Choiste, dúirt an tAire Creed, "Is iomaí gné a bhaineann leis an earnáil agraibhia mar sin nuair a bhí mé ag ceapadh na mball, bhí mé ar an eolas go raibh gá ann ionadaíocht mhaith as na réimsí éagsúla san earnáil a chinntiú agus tá ríméad orm gur ghlac an oiread daoine mór le rá le mo chuireadh páirt a ghlacadh sa gCoiste seo.
Duirt Chathaoirleach an Choiste, an tUasal Tom Arnold, "Ó tharla go bhfuil ról fíorthábhachtach ag an earnáil agraibhia in eacnamaíocht na hÉireann, i sochaí na tíre agus b'fhéidir níos tábhachtaí fós, i mbia, sábháilte, cothaitheach agus inbhuanaithe a sholáthar, is mór an onóir dom glacadh le cuireadh an Aire Creed a bheith i mo Chathaoirleach ar an gCoiste seo, agus treo straitéiseach an choiste sna deich mbliana amach romhainn a ullmhú mar chúram orm. Cuirfidh forbairt na Straitéise Agraibhia go dtí 2030 deis ar fáil chun láidreachtaí agus laigí na hearnála a mheas, na bagairtí agus na dúshláin atá roimpi, agus chun cosáin forbairt chuí a shonrú. Táim ag súil le dul i mbun oibre leis an gCoiste ar bhonn chomhoibriú tairbheach.
Nóta d'Eagarthóirí
Is mar seo a leanas atá comhdhéanamh an Choiste Páirtithe Leasmhara:
Tom Arnold | Cathaoirleach |
Sharon Buckley | Stiúrthóir Tráchtála Grúpa, Musgraves |
Laura Burke | Príomhstiúrthóir, EPA |
Ailish Byrne | Ceann ar Thalmhaíochta, Banc Uladh |
Kieran Calnan | Cathaoirleach, Bord Iascaigh Mhara |
Philip Carroll | Cathaoirleach, Tionscal Feola Éireann |
Frank Convery | Páirtí Sinsearach, EnvEcon |
Thomas Duffy | Uachtarán, Macra na Feirme |
Brendan Dunford | Bainisteoir, Clár Bhoirne |
Julie Ennis | Úachtarán Tíre, Sodexo Ireland |
Paul Finnerty | Comhbhunaitheoir & Cathaoirleach, Yield Lab Europe |
Joe Healy | Uachtarán, IFA |
Thia Hennessy | Déan & Cathaoirleach Eacnamaíocht Thalamhíocht, UCC |
Liam Herlihy | Cathaoirleach, Teagasc |
Caroline Keeling | Príomhoifigeach Feidhmiúcháin, Keelings |
Jerry Long | Uachtarán, ICOS |
Oliver Loomes | Cathaoirleach, IBEC Drinks Ireland agus Stiúrthóir Éireann & Cathaoirleach, Diageo |
Dan McSweeney | Cathaoirleach, Bord Bia |
Pat McCormack | Uachtarán, ICMSA |
Tom Moran | Iar-Ard-Rúnaí, DAFM |
Brian Murphy | Cathaoirleach, IBEC Forest Industries Ireland agus Príomhoifigeach Feidhmiúcháin Balcas |
Pat Murphy | Cathaoirleach, Tionscal Déiríochta Éireann agus Príomhoifigeach Feidhmiúcháin, Kerry Ireland |
Larry Murrin | Comhairle Bhia Ullmhaithe do Thomhaltóirí IBEC agus Príomhoifigeach Feidhmiúcháin, Dawn Farm Foods |
Colm O'Donnell | Uachtarán, INHFA |
Sean O'Donoghue | Príomhoifigeach Feidhmiúcháin, Eagraíocht Iascairí na gCealla Beaga |
Dolores O'Riordan | Stiúrthóir, Institiúid Bia agus Sláinte UCD |
Terence O'Rourke | Cathaoirleach, Fiontar Éireann |
Edmond Phelan | Uachtarán, ICSA |
Alice Stanton | Ollamh, Coláiste Ríoga na Máinleá in Éirinn |
Siobhán Talbot | Príomhoifigeach Feidhmiúcháin, Glanbia |
Deimhneofar ainmeacha beirt bhall eile a bhíonn ag déanamh ionadaíochta ar dhearcadh timpeallachta agus sábháilteacht bia chomh luath agus is féidir.
Is iad seo na baill nach raibh i ngrianghraif an lae inniu;
Joe Healy
Liam Herlihy
Oliver Loomes
Dan McSweeney
Pat Murphy
Brian Murphy
Sean O’Donoghue
Terence O’Rourke
CRÍOCH