Tugann an tAire cuireadh do chomhlachtaí pátrúnachta scoile chun iarratas a dhéanamh ar phátrúnacht sé iar-bhunscoil nua atá le bunú sa bhliain 2020
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’iarr Joe McHugh TD, an tAire Oideachais agus Scileanna, iarratais inniu (an 19 Lúnasa) ar phátrúnacht sé iar-bhunscoil nua atá le bunú i mí Mheán Fómhair 2020.
Tagann an cuireadh a tugadh inniu sna sála ar an bhfógra a rinneadh i mí Aibreáin 2018 á rá go mbeadh an Rialtas ag déanamh infheistíocht mhór san oideachas trí 42 scoil nua a bhunú sa chéad cheithre bliana eile ón mbliain 2019 go dtí an bhliain 2022.
Tá na sé scoil nua sin á mbunú chun freastal ar an éileamh ó dhaonraí méadaitheacha i Mórcheantar Bhaile Átha Cliath, sa Mhí/Cill Dara agus i gCill Mhantáin.
Dúirt an tAire McHugh:
“Tá áthas orm cuireadh a thabhairt do phátrúin agus do phátrúin ionchasacha iarratas a dhéanamh ar phátrúnacht ceann ar bith, nó gach ceann, de na sé scoil nua seo.
Cinneadh tábhachtach do phobal is ea pátrúnacht a roghnú le haghaidh scoil nua. Níl sna cuirí seo do phátrúin ach an chéad chéim. Sna míonna atá le teacht, reáchtálfar suirbhé pátrúnachta ar líne i ngach limistéar. Sa suirbhé sin, iarrfar ar thuismitheoirí agus caomhnóirí na leanaí incháilithe atá ina gcónaí sna limistéir a sainroghanna pearsanta a chur in iúl maidir le pátrúnacht na scoileanna nua seo. Nuair a bheifear ag cinneadh na bpátrún roghnaithe, tabharfar an-aird ar na sainroghanna pearsanta sin agus ar mhéid na héagsúlachta atá i ngach limistéar faoi láthair.
Ba mhaith liom pátrúin ionchasacha a chur ar áireamh freisin toisc go mbeidh an fhaisnéis a thabharfaidh siad sna míonna atá le teacht mar chabhair do thuismitheoirí agus iad ag iarraidh eolas a ghnóthú ar an ní. Cuirfidh faisnéis atá soiléir, achomair agus cuimsitheach ar chumas tuismitheoirí cinneadh eolasach a dhéanamh.”
Tá an próiseas pátrúnachta le haghaidh na sé iar-bhunscoil nua ar siúl sna limistéir seo a leanas:
Is mar chuid den Chóras Próiseála Pátrúnachta Ar Líne a reáchtálfar an suirbhé ar shainroghanna tuismitheoirí maidir leis na scoileanna nua.
Déantar soláthar leis an gCóras Próiseála Pátrúnachta Ar Líne d’fhaisnéis oibiachtúil a thabhairt do thuismitheoirí agus caomhnóirí chun cabhrú leo rogha eolasach a dhéanamh agus an tsamhail pátrúnachta ab fhearr leo le haghaidh oideachas a linbh á cur in iúl. Áirítear leis sin freisin rogha a thabhairt do thuismitheoirí chun a chur in iúl cé acu ab fhearr leo oideachas trí Ghaeilge nó oideachas trí Bhéarla.
Beidh tuismitheoirí a mbeidh a leanaí ag tosú na chéad bhliana ar an meánscoil idir na blianta 2020 agus 2024 agus atá ina gcónaí sna limistéir pleanála scoile lena mbaineann i dteideal a sainroghanna pearsanta a chur in iúl sa suirbhé ar líne.
Ba cheart do phátrúin ionchasacha foirm iarratais a chomhlánú, rud atá ar fáil ar shuíomh Gréasáin na Roinne ag an nasc seo a leanas: https://www.education.ie/ga/Scoileanna-Coláistí/Eolas/Scoil-Nua-a-Bhunú/Iarbhunscoil-Nua.html
Ní mór an fhoirm a chur isteach chuig an Roinn faoi 5pm an 28 Lúnasa 2019.
Bainfear úsáid as na mionsonraí arna gcur isteach chun faisnéis a thabhairt do thuismitheoirí agus caomhnóirí nuair a bheifear ag lorg sainroghanna tuismitheoirí.
Is é an Grúpa um Bunú Scoileanna Nua a mhaoirsíonn an próiseas pátrúnachta le haghaidh scoileanna nua.
Bunófar na scoileanna ar aon dul leis na ceanglais agus na critéir a fógraíodh i dtús i mí an Mheithimh 2011 le haghaidh pátrúnacht scoileanna nua. Foilsítear na ceanglais agus na critéir sin ar shuíomh Gréasáin na Roinne. Cuirfear ar fáil iad d’iarratasóirí ionchasacha freisin. Ní mór d’iarratasóirí a dheimhniú go gcomhlíonfaidh siad gach ceann de na ceanglais agus na critéir chun go bpróiseálfar an t-iarratas uathu.
CRÍOCH
Mionsonraí faoi na 6 iar-bhunscoil nua atá le bunú sa bhliain 2020 agus ar ina leith a thabharfar faoi phróiseas pátrúnachta:
Contae | Limistéar nó Limistéar/Limistéir Pleanála Scoile le freastal air/orthu | Méid na Scoile (Daltaí)* | Bliain na hOscailte | |
Baile Átha Cliath | Baile_Bhlainséir_Thiar_D15 agus Sráidbhaile_Bhaile_Bhlainséir_D15 (Réiteach Réigiúnach) | 800 | 2020 | |
Baile Átha Cliath | Baile_na_nGabhar_Stigh Lorgan_Dún Laoghaire_Ráth_an_Dúin | 800 | 2020 | |
An Mhí/Cill Dara | An Bóthar Buí (limistéar pleanála scoile Chill Choca) | 500 | 2020 | |
Baile Átha Cliath | Iarthar na Cathrach/Teach Sagard (Limistéir pleanála scoile Thamhlachta agus an Chaisleáin Nua_Ráth Cúil) (Réiteach Réigiúnach) | 1,000 | 2020 | |
Baile Átha Cliath | Baile Átha Cliath 6_Cluain Sceach agus Baile Átha Cliath_6W (Réiteach Réigiúnach) | 1,000 | 2020 | |
Cill Mhantáin | Cill Chomhghaill agus na Clocha Liatha (Réiteach Réigiúnach) | 800 | 2020 |
*****bunaithe ar an riachtanas réamh-mheasta reatha ach beidh sé freagrúil d’éileamh pátrúnachta nó déimeagrafach
Fuarthas roinnt láithreacha cheana féin le haghaidh roinnt de na sé scoil nua. Tá gach ceann díobh faoi réir cead pleanála a fháil:
Cill Chomhghaill agus na Clocha Liatha
An iar-bhunscoil nua a fhreastalóidh ar limistéar pleanála scoile Chill Chomhghaill agus na gCloch Liatha mar réiteach réigiúnach, fógraíodh i dtús go mbunófaí í sa bhliain 2021. De bharr rolluithe réamh-mheasta méadaithe agus constaicí acmhainne sa limistéar, is amhlaidh anois go n-osclófar an scoil i mí Mheán Fómhair 2020.
Réitigh Réigiúnacha
Is féidir cinneadh a dhéanamh go mbunófaí scoil nua i gcás go dtugann méaduithe déimeagrafacha comhcheangailte sa réigiún le fios go bhfuil éileamh leordhóthanach ann ar scoil inmharthana, cé nach údar le scoil nua a sholáthar é fás réamh-mheasta i limistéar pleanála scoile ar leith ina aonar. Maidir leis na scoileanna sin a shainaithnítear a bheith ina Réitigh Réigiúnacha, tá sé beartaithe go bhfreastalóidh siad ar níos mó ná limistéar pleanála scoile amháin.
Na chéad chéimeanna eile
Osclóidh an Roinn suíomh Gréasáin an chórais phróiseála pátrúnachta ar líne le haghaidh phróiseas pátrúnachta iar-bhunscoile na bliana 2020 ar ball. Leis an gcóras sin, tabharfar faisnéis oibiachtúil do gach tuismitheoir chun cabhrú leo rogha eolasach a dhéanamh agus an tsamhail pátrúnachta ab fhearr leo le haghaidh oideachas a linbh á cur in iúl.
Ina dhiaidh sin, ullmhóidh an Roinn tuarascáil pátrúnachta lena breithniú ag an nGrúpa um Bunú Scoileanna Nua. Cuirfidh an Grúpa sin tuarascáil isteach ina gcuimseofar moltaí lena breithniú ag an Aire.
An Grúpa um Bunú Scoileanna Nua
Is é an Grúpa um Bunú Scoileanna Nua a mhaoirsíonn an próiseas pátrúnachta le haghaidh scoileanna nua. Bunaíodh an Grúpa seo sa bhliain 2011 chun comhairle a chur ar an Aire maidir le pátrúnacht na scoileanna nua, tar éis dó breithniú a dhéanamh ar thuarascáil arna hullmhú ag an Roinn ar na hiarratais arna bhfáil.
Is iad seo na baill reatha den Ghrúpa: