Déan gach rud is féidir leat chun “stop a chur le tine” le linn shéasúr na Nollag
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Seoladh feachtas fógraíochta nua inniu le rabhadh maidir leis an mbaol méadaithe dóiteáin aimsir na Nollag
Tá feachtas nua á sheoladh ag an Stiúrthóireacht Náisiúnta um Bainistíocht Dóiteáin agus Éigeandála (SNBDÉ) inniu a thugann foláireamh faoi na rioscaí méadaithe dóiteáin le linn shéasúr na Nollag.
In éineacht leis an bhfeachtas, tá seacht leid eisithe acu chun tú a choinneáil sábháilte ó thine i rith na laethanta saoire. Beidh an feachtas fógraíochta nua ar siúl ar an teilifís, ar fhuaim dhigiteach, ar thaispeántas agus ar na meáin shóisialta.
Agus fáilte á cur aige roimh sheoladh an fheachtais, leag an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta Darragh O’Brien TD béim ar:
“Ó thaobh staitistice de, tarlaíonn an líon is airde básanna dóiteáin le linn mhíonna an gheimhridh, go háirithe i mí na Nollag. Tráth na Nollag tá méadú ag teacht ar shóisialú sa bhaile toisc go dtógann daoine briseadh óna saolta gnóthacha agus ligean siad a scíth, le cúnamh Dé. Mar sin féin, úsáidtear níos mó coinnle chomh maith leis an méadú a thagann ar líon na bhfeistí leictreonacha sa bhaile. Ar an ábhar sin, tá an Stiúrthóireacht Náisiúnta um Bainistíocht Dóiteáin agus Éigeandála ag tabhairt comhairle do dhaoine gnáthamh sábháilteachta dóiteáin a bheith acu sula dtéann siad a luí.
“Ba cheart go n-áireofaí leis seo na coinnle agus na tinte go léir a mhúchadh, fearais leictreacha a dhíphlugáil agus réamhchúraimí a ghlacadh chun ‘stop a chur le tine’ mar nuair a thosaíonn tine, níl rud ar bith a chuirfidh stop léi.”
Chuir Keith Leonard, an Stiúrthóir Náisiúnta um Bainistíocht Dóiteáin agus Éigeandála, fáilte roimh sheoladh an fheachtais nua:
“Cé gur am lúcháireach í tréimhse na Nollag dúinn go léir, is tráth den bhliain í freisin lena mbaineann baol dóiteáin breise. Leis an bhfeachtas seo, iarrtar ar dhaoine fanacht ar an airdeall chun ‘stop a chur le tine’ trí dheireadh a chur leis na cúiseanna tine sa teach, aláram deataigh atá ag obair a bheith acu agus plean éalaithe óna dteach a bheith acu i gcás tine.
“I rith tréimhse na Nollag, táimid ag iarraidh ar dhaoine gan soicéid a ró-ualú, soilse agus gléasanna leictreonacha a dhíphlugáil agus a bheith aireach le coinnle agus tinte oscailte. Ar deireadh, táimid ag iarraidh ar dhaoine seiceáil isteach ar chomharsana, ar theaghlaigh agus ar chairde níos sine nó atá leochaileach le cinntiú go bhfuil a dtithe sábháilte ó thaobh tine de.”
Tá na seacht leid is fearr a leanas eisithe ag an SNBDÉ chun tú a choinneáil sábháilte ó dhóiteán le linn na féile seo:
1. Bíodh aláram deataigh feidhmithe feistithe agat.
Bíodh ar a laghad aláram deataigh amháin feistithe agat ar gach leibhéal de do theach, cinntigh gur féidir leat iad a chloisteáil ó do sheomraí leapa, déan iad a thástáil go seachtainiúil agus ná tóg cadhnraí ar iasacht ó d’aláraim deataigh riamh. D’fhéadfá bás a fháil ó dheatach a análú i níos lú ná trí nóiméad agus is é fuaim aláram deataigh an fhuaim a d’fhéadfadh do bheatha a shábháil!
2. Bí sábháilte agus tú ag maisiú don Nollaig.
Coinnigh crainn Nollag, cártaí agus maisiúcháin amach ó théitheoirí agus tinte oscailte. Maidir le crainn shaorga, déan cinnte go bhfuil do chrann dódhíonach. Maidir fíor-chrainn, cuir uisce orthu go minic le linn na saoire ar fad - is féidir le crainn Nollag triomaithe dul trí thine go héasca. Déan cinnte go bhfuil an marc CE ar do shoilse Nollag agus go bhfuil bail mhaith orthu - má tá amhras ort, faigh cinn nua. Díphlugáil iad ag am codlata. Ná húsáid coinnle in aice le crann Nollag riamh.
3. Ól go stuama.
Léiríonn taighde dóiteáin go dtarlaíonn go leor bás dóiteáin i dtithe i measc daoine a d’ól alcól. D’fhéadfadh toitíní, pannaí sceallóga, greillí agus coinnle a bheith marfach má úsáideann daoine faoi thionchar alcóil iad. Leis sin, d’fhéadfadh laghdú a bheith ar shoghluaisteacht agus tú faoi thionchar alcóil, rud a fhágann go bhfuil sé i bhfad níos deacra éalú ó dhóiteán.
4. Bí ar an airdeall má úsáideann tú sorn nó tine oscailte.
Tá tinte simléir fós ar an bpríomhchúis tine in Éirinn. Thabharfadh búir ard ó do theallach le fios go bhfuil do simléir trí thine. Cé gur féidir go mbainfí lúcháir na féile le tine oscailte, ná déan dearmad do shimléir a ghlanadh, garda dóiteáin a choinneáil uirthi agus bí cúramach faoi aon rud a thitfidh ón teallach.
5. Bí aireach chun rudaí a dhíphugáil le linn an tséasúir seo.
Le linn shéasúr na Nollag, beidh níos mó trealaimh plugáilte isteach agus tá baol mór ag baint le tinte leictreacha i gcónaí. Ná déan ró-ualú ar shoicéid agus cinntigh i gcónaí go bhfuil gach trealamh leictreach in ord maith oibre go háirithe mura n-úsáidtear é ón mbliain seo caite. Má thugann Daidí na Nollag r-scútar nua nó r-rothair nua leis, déan iad a luchtú in áit shábháilte agus ná déan iad a luchtú thar oíche.
6. Déan toitíní agus luaithreach a mhúchadh.
Is é an chúis is mó le bás dóiteáin in Éirinn le blianta beaga anuas ná caitheamh tobac, mar gheall ar thoitíní a lastar agus a fhágtar gan aon duine á faire. Bhain ceann amháin as gach cúig bhás dóiteáin in Éirinn in 2023 le hábhair chaite tobac. Ná caith tobac sa leaba agus cinntigh go bhfuil toitíní nó todóga múchta go hiomlán. Déan na luaithreadáin a fhliuchadh sula dtéann tú a chodladh don oíche.
7. Téigh amach agus Glaoigh ar 999 nó 112
Má thosaíonn tine i do theach, téigh amach agus faigh an bhriogáid dóiteáin. Bíodh plean éalaithe agat le do theaghlach maidir le cad ba cheart duit a dhéanamh má shéideann d’aláram deataigh.
Ina theannta sin, iarrtar ar dhaoine seiceáil isteach le daoine scothaosta agus daoine níos leochailí ina bpobal agus na nithe seo a leanas a sheiceáil:
1. An bhfuil aláram deataigh atá ag obair acu?
2. An bhfuil a mbealaí éalaithe soiléir?
3. An bhfuil a dtithe sábháilte ó thaobh dóiteáin de?
Le haghaidh agallaimh raidió féideartha le Príomhoifigeach Dóiteáin na Mí déan teagmháil le do thoil le press@housing.gov.ie.Bunaíodh an Stiúrthóireacht Náisiúnta um Bainistíocht Dóiteáin agus Éigeandála in 2009. Is rannóg iad sa Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta a chomhordaíonn freagairtí éigeandála agus a thugann tacaíocht do Sheirbhís Dóiteáin na hÉireann.
Beidh feachtas sábháilteachta dóiteáin na Nollag ar siúl anseo i mí na Nollag.
Suíomh gréasáin: www.fireireland.ie
Bí ag faire agus ag éisteacht lenár bhfeachtas teilifíse agus meán sóisialta i rith thréimhse na Nollag.