Déanann an tAire Foley, Madigan agus Byrne comhghairdeas le 61,736 scoláire a fuair a dtorthaí Ardteistiméireachta inniu
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Rinne an tAire Oideachais Norma Foley TD, an tAire Stáit um Oideachas Speisialta agus Cuimsiú Josepha Madigan TD agus an tAire Stáit do Spórt agus Corpoideachas Thomas Byrne TD comhghairdeas le 61,736 iarrthóir ar fud na hÉireann a fuair torthaí a scrúduithe Ardteistiméireachta inniu.
Ó 10am inniu, eiseoidh Coimisiún na Scrúduithe Stáit (CSS) torthaí Ardteistiméireachta 2023 do scoláirí a rinne an Ardteistiméireacht Bhunaithe, an Ardteistiméireacht Fheidhmeach agus Gairmchlár na hArdteistiméireachta.
Mheabhraigh na hAirí Foley, Madigan agus Byrne do na scoláirí go léir go raibh iliomad tacaíochtaí ar fáil dóibh chun tacú lena bhfolláine agus chun roghanna oideachais agus gairme todhchaí ar mian leo a fhiosrú a phlé leo.
Dúirt an tAire Foley: “Is mian liom tréaslú ó mo chroí amach le gach uile dhuine de bhreis agus 60,000 scoláire ar fud na hÉireann a fuair a dtorthaí inniu. Tá luach saothair agus aitheantais rímhór faighte agaibh inniu as bhur ndiansaothar agus bhur dtiomantas le cúpla bliain anuas, lena n-áirítear tréimhsí a bhí dúshlánach freisin.
“Is ócáid spleodrach í seo i bhur saolta, ócáid ina bhfuil iliomad deiseanna iontacha agus éagsúla amach romhaibh. Guím gach rath agus sonas ar gach uile dhuine a bhfuil torthaí á fháil agaibh inniu agus sibh ag tabhairt faoin gcéad chéim eile i bhur saol. Cibé an céim chun oibre, printíseachta, breisoideachais nó ardoideachais, nó féidearthachtaí eile atá romhaibh, tá súil agam gur féidir libh taitneamh a bhaint as an lá inniu agus machnamh a dhéanamh ar a bhfuil bainte amach agaibh go dtí seo.
“Is mian liom tréaslú freisin leis na múinteoirí, na príomhoidí, pobail na scoileanna, na tuismitheoirí agus na caomhnóirí agus go deimhin leo siúd go léir a rinne dian dícheall chun tacú le hiarrthóirí le linn a n-aistear agus a chinntigh gur éirigh go réidh le tréimhse scrúduithe Ardteistiméireachta na bliana seo.”
Dúirt an tAire Madigan: “Ba mhaith liomsa mo chomhghairdeas a dhéanamh le Rang Ardteistiméireachta 2023 a fuair a dtorthaí inniu. Is léiriú é seo ar an obair chrua atá déanta agaibh agus cruthaíonn sé deis chun machnamh agus ceiliúradh a dhéanamh ar gach a bhfuil gnóthaithe agaibh go dtí seo. Beag beann ar na torthaí atá faighte agaibh inniu ba chóir go mbeadh sibh bródúil as gach rud atá bainte amach agaibh. Tá bealaí níos solúbtha ar fáil anois ná mar a bhí riamh chun na spriocanna atá agaibh a bhaint amach. Is lá mór mórtais é seo do scoláirí, agus dá dteaghlaigh agus do phobail a scoileanna a chuir treoir agus tacaíocht ar fáil dóibh, agus guím gach rath orthu sa todhchaí.
“Is mian liom buíochas a ghabháil leis na múinteoirí tiomanta, le CRSanna, le foirne agus gníomhaireachtaí scoile, lena n-áirítear Coimisiún na Scrúduithe Stáit, a chuidigh lena chinntiú go raibh tacaíocht ar fáil do scoláirí agus iad ar a dturas oideachais agus gur cuireadh ar a gcumas eolas a bheith acu faoina roghanna le linn na hArdteistiméireachta 2023.”
Dúirt an tAire Byrne: “Comhghairdeas le gach scoláire a ghnóthaigh a dtorthaí Ardteistiméireachta inniu, ina measc 7,155 scoláire a ghnóthaigh torthaí ina scrúdú Corpoideachais. Seo é bhur lá, ceiliúradh ar bhuaicphointe an ama, na hoibre agus na foghlama suntasach agus sibh ar bhur dturas oideachais go dtí seo. Inniu, tá sibh ag tosú ar chosán nua agus tá raon leathan tacaíochtaí ar fáil daoibh agus sibh ag fiosrú na roghanna iomadúla agus éagsúla amach romhaibh.
“Maidir le gach scoláire a rinne staidéir ar Chorpoideachas agus scrúduithe sa Chorpoideachas, tá súil agam go leanfaidh sibh oraibh ag baint leasa as na léargais, na scileanna agus na nósanna sláintiúla a chuir an t-ábhar ar fáil. Comhghairdeas as bhur dtorthaí inniu.”
Beidh Líne Chabhrach Náisiúnta Ardteistiméireachta do Thuismitheoirí agus do Scoláirí ag feidhmiú ar 1800 265 165 ón Aoine 25 Lúnasa go dtí an Satharn 2 Meán Fómhair, ó 10 am to 6 pm gach lá, seachas an Domhnach 27 Lúnasa nuair a bheidh sí ar oscailt ó 10 am go 2 pm agus an Satharn 2 Meán Fómhair nuair a bheidh sí ar oscailt ó 10 am go 4 pm.
Is seirbhís saorghlao í an Líne Chabhrach atá ar fáil do scoláirí Ardteistiméireachta agus dá dtuismitheoirí agus dá gcaomhnóirí. Is treoirchomhairleoirí cáilithe le taithí a bheidh mar fhoireann na Líne Cabhrach agus cuirfidh siad tacaíocht duine le duine ar fáil do thuismitheoirí agus do scoláirí. Is baill d’Institiúid na dTreoirchomhairleoirí (IGC) iad na treoirchomhairleoirí a bheidh gafa leis an líne chabhrach. Tacaíonn Comhairle Náisiúnta na dTuismitheoirí leis an Líne Chabhrach Náisiúnta Ardteistiméireachta do Thuismitheoirí agus do Scoláirí, agus tá sí urraithe ag an Roinn Oideachais agus ag an Irish Independent/Independent.ie agus tacaithe ag Eir agus ag ISSU (Aontas na Mac Léinn Dara Leibhéal). Is féidir teagmháil a dhéanamh leis an líne chabhrach ar 1800 265 165.
Tá líne chabhrach Iarrthóirí Choimisiún na Scrúduithe Stáit ar fáil do cheisteanna a bhaineann leis an Tairseach Féinseirbhíse d’Iarrthóirí agus leis na seirbhísí a chuirtear ar fáil tríd an tairseach sin. Beidh líne chabhrach Tairseach na nIarrthóirí ar fáil ag 1800 111 135 nó 1800 111 136 ó 9 am go 5 pm ón Aoine 25 Lúnasa go dtí an Luan 4 Meán Fómhair, an deireadh seachtaine san áireamh. Lasmuigh de na huaireanta seo is féidir ceisteanna a chur ar ríomhphost chuig candidateportal@examinations.ie
Tá raon acmhainní folláine arna bhforbairt ag an tSeirbhís Náisiúnta Síceolaíochta Oideachais ar fáil freisin ag gov.ie – ag gov.ie – Tacaíocht folláine do scoláirí Ardteistiméireachta, do thuismitheoirí agus d’fhoireann scoile (www.gov.ie).
Beidh soláthraithe seirbhíse arna maoiniú ag FSS/soláthraithe seirbhísí FSS-maoinithe ar fáil chun tacú le scoláirí trí sheirbhísí meabhairshláinte a chur ar fáil. Tá tuilleadh eolais ar fáil ón nasc seo: Types of help for mental health - HSE.ie.
Iarradh ar scoileanna tacaíocht a chur ar fáil d’iarrthóirí inniu, lá na dtorthaí, trí chead a thabhairt dóibh teacht chun na scoile ag am sceidealaithe, más mian leo, chun bualadh le baill den Fhoireann Tacaíochta Mac Léinn ar nós treoirchomhairleoirí, cinn bliana, teagascóirí agus séiplínigh.