Déanann an tAire Hackett cathaoirleacht ar Fhóram an Tionscail Ghairneoireachta
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Chas Fóram an Tionscail Ghairneoireachta (FTG) inniu leis an Aire Stáit ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara le freagracht speisialta as Gairneoireacht, an Seanadóir Pippa Hackett.
I ndiaidh comhchathaoirleacht a dhéanamh ar an gcruinniú, a phléigh bealaí chun príomh-shaincheisteanna a thabhairt chun cinn laistigh den tionscal, dúirt an tAire Hackett,
“Earnáil í seo a bhfuil acmhainn ollmhór aici agus deis iontach a bhí sa lá inniu súil a chaitheamh ar limistéir thábhachtacha dá forbairt, comhoibriú, taighde agus forbairt, deiseanna margaidh agus beartas poiblí a fhás ina measc. Teastóidh idir iarracht agus tiomantas ón bhforbairt sin, agus sin an fáth a bhí mé sásta leithdháileadh buiséid i bhfad níos mó a fháil don ghairneoireacht don bhliain 2021. Léiríonn an méadú 50% ar an mbuiséad don scéim cúnaimh infheistíochta chun an earnáil ghairneoireachta tráchtála a fhorbairt, aníos go dtí €9 milliún, mo thiomantas don earnáil seo agus tugann sé le fios go soiléir go bhfuilimid ag tacú le lena fairsingiú agus lena forbairt leanúnach.”
Bunaíodh Fóram an Tionscail Ghairneoireachta (FTG) in 2014 mar bhrateagraíocht, do shaothróirí torthaí Éireannacha, chun dul i ngleic le dúshláin agus deiseanna a thabhairt chun solais don tionscal. Tugann FTG gnéithe fairsinge na hEarnála Gairneoireachta le chéile, Glasraí Páirce, Barra Cosanta, Torthaí Boga agus Barrthorthaí, Muisiriúin, Taitneamhacht agus Prátaí san áireamh.
Agus trácht breise á dhéanamh aici do na deiseanna don earnáil, dúirt an tAire mar fhocal scoir,
“Tá deis ann chun taighde agus forbairt a dhéanamh ar thorthaí agus táirgí a fhástar sa bhaile atá bunaithe ar phlandaí agus táim meáite go mór dá bharr oibriú leis an tionscal seo chun a lánchumas a bhaint amach. Cé go mbaineann dúshláin le Covid agus Brexit, creidim go bhfuil sé athléimneach a dhóthain iad seo a shárú agus na deiseanna atá amach romhainn a thapú. Chuir cruinniú an lae inniu go leor fianaise ar fáil i dtaobh na béime láidre a leagann an Fóram ar a n-uaillmhian. Cuirim fáilte mhór roimhe sin.”
CRÍOCH