Déanann an tAire Hackett rialú níos déine ar iompórtálacha plandaí agus táirgí plandaí ardriosca
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an tAire Stáit ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, an Seanadóir Pippa Hackett, inniu gur tugadh reachtaíocht nua isteach ina leagtar amach riachtanais fógartha nuair a thagann plandaí agus táirgí áirithe plandaí go hÉirinn ó Bhallstáit eile Eorpacha - Rialacháin an Aontais Eorpaigh (Rialuithe Sláinte Phlandaí), (I.R. Uimh. 310 de 2021).
Dúirt an tAire Hackett: “Baineann buntábhacht le rialuithe sláinte phlandaí le stádas sláinte phlandaí na hÉireann a chosaint. Tríd an Roinn a chur ar an eolas ar theacht na bplandaí agus na dtáirgí plandaí seo isteach sa Stát, beidh ról ríthábhachtach á ghlacadh ag oibreoirí chun cosc a chur ar leathadh lotnaidí agus galar millteach. Cabhróidh seo le stádas fabhrach sláinte phlandaí na hÉireann a choimeád agus a neartú níos mó”.
Níl go leor lotnaidí agus galair phlanda a dtagtar orthu in áiteanna eile in Éirinn go fóill. Cuireann an Roinn córas dian sláinte phlandaí i bhfeidhm chun an stádas fabhrach sláinte phlandaí seo a chosaint. Speicis óstaigh orgánach díobhálach iad na plandaí agus na táirgí plandaí a liostaítear sa Rialacháin nua, cosúil leis an Smol Dóite, an Leamhan Darach agus an Leamhan Mórshiúil Darach, an Ghálfhoiche Dhonnrua Oirthearach, agus Ciaróga Coirt Sprúis áirithe, atá ina gcúis ar leith bhuartha ar Éirinn. Is gá fógra a thabhairt chun gur féidir tabhairt faoi na cigireachtaí riachtanacha. San áireamh sa liosta plandaí atá le cur, tá labhandar agus marós. Cuimsítear sa liosta táirgí plandaí ar gá fógra a thabhairt ina leith adhmad breosla.
Dúirt an tAire freisin, “Ceann de phríomhphrionsabail Straitéis Sláinte Phlandaí agus Bithshlándála mo Roinne is ea faireachas rioscabhunaithe a dhéanamh ar luathbhrath ar aon dul le dea-chleachtas idirnáisiúnta agus fianaise eolaíochta. Cuirfidh riachtanais bhreise fógartha a thabhairt isteach ar chumas mo Roinne a chinntiú go ndéantar faireachas ceart ar an trádáil sna speicis óstaigh seo agus go ndéantar lotnaidí agus galair a bhrath go luath.”
Ba cheart an Roinn a chur ar an eolas ar theacht i láthair na bplandaí agus na dtáirgí plandaí seo ó Bhallstáit eile a luaithe is indéanta agus tráth nach déanaí ná 48 uair an chloig i ndiaidh dóibh an Stát a iontráil. Tá na socruithe seo ar leith ó na riachtanais fógartha chun na plandaí seo a iompórtáil ó áiteanna lasmuigh den AE.
Nóta d’Eagarthóirí
I gcomhréir le ceanglais an Rialacháin um Rialuithe Oifigiúla (AE) 2017/625, ceanglaítear ar an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara tabhairt faoi rialuithe rialta rioscabhunaithe a bhaineann le gach limistéar sláinte phlandaí. Sainaithníodh na horgánaigh dhíobhálacha a liostaítear sa sceideal atá ar ceangal amhail ardriosca a chur roimh thionscail ghairneoireachta agus foraoiseachta na hÉireann. Tugadh riachtanais bhreise fógartha isteach lena chinntiú go gcuirtear an Roinn ar an eolas ar iontráil speicis óstaigh na n-orgánach díobhálach seo ó Bhallstáit Eorpacha eile chun gur féidir rialuithe oifigiúla a eagrú.
Caithfear fógra gur tháinig plandaí lena gcur i dtír a sheoladh ar ríomhphost chuig plantandpests@agriculture.gov.ie . Caithfear fógra faoi na táirgí plandaí a liostaítear a sheoladh ar ríomhphost chuig forestprotection@agriculture.gov.ie . Caithfear na sonraí seo a leanas a chur san áireamh maidir le gach coinsíneacht:
(a) an dáta a tháinig an planda nó an táirge plandaí isteach sa Stát;
(b) ceann scríbe an phlanda nó an táirge plandaí;
(c) cineál, speiceas agus méid an phlanda nó an táirge plandaí;
(d) uimhir aitheantais sholáthraí an phlanda nó an táirge plandaí; agus
(e) an Ballstát ónár seachadadh an planda nó an táirge plandaí.
Cuirtear iompórtáil na speiceas seo ó áiteanna lasmuigh den AE in iúl trí chóras ar leith ar a dtugtar TRACES. Ní dhéanann an I.R. nua difear don phróiseas seo. Is féidir teacht ar Fhógra Trádálaí ar na riachtanais nua ag Trader Notices - Plant Health & Trade
Sceideal