Déanann an tAire Hackett staidéar mór a choimisiúnú ar an Tionscal Gairneoireachta
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an tAire Stáit Pippa Hackett inniu gur choimisiúnaigh sí tuarascáil mhór ar an Tionscal Gairneoireachta in Éirinn. Dúirt sí, tar éis gur thug sí le fios gur lorg sí saineolaithe neamhspleácha le deiseanna a shainaithint agus le hanailís a dhéanamh orthu atá ag teacht chun cinn don earnáil:
“Tionscal ríthábhachtach é seo d’Éirinn agus tionscal é a chreidim a chuireann go leor deiseanna ar fáil do bhorradh. Ach teastaíonn treochlár uainn chun an bealach chun cinn a leagan amach, agus ba mhaith liom go gcuirfeadh an tuarascáil seo é sin ar fáil dúinn.’
Déanfar measúnú sa tuarascáil ar staid reatha an tionscail ghairneoireachta in Éirinn i measc earnálacha éagsúla (Barra páirce, Barra cosanta, Torthaí boga, Áineas, Prátaí agus Muisiriúin). Déanfaidh sé anailís mhionsonraithe ar gach earnáil, agus cumhdóidh sé réimse fairsing limistéar, éagsúlú, athrú aeráide, táirgeadh orgánach agus comhtháite, saothar, bealaí a fhad leis an margadh, taighde agus forbairt, cur chun cinn, aistriú chuig modhanna fáis inbhuanaithe agus bainistíocht eolais.
Dúirt an tAire agus fáilte á cur aici roimh thacaíocht Fhóram an Tionscail Ghairneoireachta, FAÉ, Teagasc agus an Bhoird Bhia, don tuarascáil:
‘Aithnítear i gClár nua an Rialtais, straitéisí nua an AE ‘Ón bhFeirm go dtí an Forc’ agus Bithéagsúlachta an AE, agus an Treochlár AgClimatise a foilsíodh le déanaí, an ríthábhacht a bhaineann le slándáil bhia, agus cuirfidh an tuarascáil seo, agus an plean um chur i bhfeidhm a leanfaidh é, ar chumas na hearnála gairneoireachta leanúint le ról lárnach a ghlacadh i slándáil bhia náisiúnta a chothú. Ní dhéanaim beag agus fiú den tasc. Is eol dom go bhfuil go leor limistéar ann atá le fiosrú ach tá seo an-tábhachtach, i bhfírinne, agus ba mhaith liom go ndéanfar an tuarascáil seo a sholáthar faoi Aibreán 2022 dá bharr.
Mar fhocal scoir nuair a bhí an pointe á dhéanamh ag an Aire go gcuireann an tionscal go mór le geilleagar na hÉireann, dúirt sí:
“B’fhiú suim an-mhór €467 milliún aschur na hearnála gairneoireachta in 2020. Is í an 4ú hearnáil is mó i dtaobh luacha, agus níl ach na hearnálacha mairteola, déirí agus muc níos mó. Fostaíonn an earnáil 6,600 ball foirne lánaimseartha i dtáirgeadh príomhúil agus tá 11,000 duine eile fostaithe i ngnólachtaí iartheachtacha. Ach creidim gurb é an chéad rud ba cheart a dhéanamh ná súil a chaitheamh ar na figiúirí seo. Tá deis ollmhór ann le haghaidh borrtha agus forbartha agus teastaíonn uaim go gcabhróidh an tuarascáil seo linn cur i bhfad níos mó leis an méid atá á dhéanamh cheana féin againn.
Nótaí d’Eagarthóirí:
Ba cheart do pháirtithe ar spéis tairiscint a chur isteach don tuarascáil a spéis a chlárú ar e-tenders.gov.ie.
CRÍOCH