Déanann an tAire McConalogue cathaoirleacht ar chéad Chruinniú um Chur i bhFeidhm Fís don Bhia 2030
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Rinne an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue, TD, cathaoirleacht inniu ar chéad chruinniú an Choiste um Chur i bhFeidhm Ardleibhéil de chuid Straitéis nua Fís don Bhia 2030 de chuid na hÉireann, a sheol an Rialtas i rith an tsamhraidh.
Straitéis cheannródaíoch é Fís don Bhia d’earnáil agraibhia na hÉireann agus d’fhéadfadh sé ár n-earnálacha talmhaíochta, bia, foraoiseachta agus mara a athrú ó bhonn i gcaitheamh na tréimhse a fhaide le 2030, agus an inbhuanaitheacht ina croílár.
Dúirt an tAire McConalogue,
“Tá cur i bhfeidhm Fís don Bhia 2030 ar siúl, agus tá tús curtha cheana féin le go leor dá gníomhartha. Tugtar tús áite amháin láithreach bonn i gcomhthéacs ár n-uaillmhianta aeráide é tús a chur le hobair ar an ngníomh tábhachtach le lorg coise comhshaoil inbhuanaithe na n-earnálacha déiríochta agus mairteola a dheimhniú, nach mór a chríochnú faoi shamhradh na bliana seo chugainn. Comhoibreoidh mo Roinn agus gníomhaireachtaí le tograí a thabhairt chun cinn ina leith seo, trí rannpháirteachas forleathan le páirtithe leasmhara san áireamh. Tá sé ríthábhachtach a aithint go bhfuilimid ag tosú ó sheasamh an-láidir i dtaobh ár ndintiúr inbhuanaitheachta.
“Tá Fís don Bhia oscailte faoi na dúshláin atá roimh an earnáil, anuas ar na deiseanna atá amach romhainn. Thar rud ar bith eile, molann sé réitigh agus leagann sé bealach chun cinn amach i dtreo gach gné den inbhuanaitheacht a bhaint amach – inbhuanaitheacht chomhshaoil, gheilleagrach agus shóisialta. Táim tiomanta do mhisin Fís don Bhia 2030 a shásamh chun go ndéanaimid an fhís a fhíorú go mbeidh Éire ina a ceannasaí domhanda i dtaobh Córais Bhia Inbhuanaithe, ar mhaithe leo siúd go léir san earnáil, agus ár bhfeirmeoirí agus iascairí, ach go háirithe.
“Tá deich mbliana an-spreagúla amach romhainn dár n-earnáil, tréimhse ar dóchúil go mbeidh cuma an-éagsúil air i gcomparáid leis an tréimhse atá díreach imithe tharainn. Táimid tiomanta do na spriocanna a leagtar amach in Fís don Bhia 2030 a bhaint amach agus a chinntiú, i gcomhthráth, go ndéanaimid gach rud is féidir linn le hioncaim ár dtáirgeoirí tosaigh a chosaint agus a bharrfheabhsú, arb iad bunchloch na hearnála bia trí chéile.
Nótaí don Eagarthóir
D’fhorbair Coiste páirtithe leasmhara agraibhia Fís don Bhia 2030 trí úsáid a bhaint as cur chuige córais bhia. Is í an fhís atá acu go ndéanfar ceannasaí domhanda d’Éirinn i dtaobh córais bhia inbhuanaithe trí aghaidh a thabhairt ar cheithre mhisean:
- Earnáil Agraibhia atá Cliste ó thaobh na hAeráide de agus atá Inbhuanaithe ó thaobh an Chomhshaoil de
- Táirgeoirí Tosaigh Inmharthana agus Athléimneacha, le Folláine Níos Fearr
- Bia atá Sábháilte, Cothaitheach agus Mealltach, Iontaofa agus ar a bhfuil Luach in Éirinn agus Thar Lear
- Earnáil Nuálach, Iomaíoch agus Athléimneach, a chuireann an Teicneolaíocht agus Tallann chun cinn.
Tá POFanna agus oifigigh shinsearacha ón mBord Bia, Fiontraíocht Éireann, Bord Iascaigh Mhara agus Teagasc, chomh maith le hoifigigh shinsearacha ó Ranna agus gníomhaireachtaí ábhartha Rialtais sa Choiste um Chur i bhFeidhm Ardleibhéil. Déanfaidh an tAire cathaoirleacht air agus tá sé freagrach as cur i bhfeidhm Fís don Bhia 2030 a chur i bhfeidhm, a ndéanfaidh sé idirchaidreamh leis na príomhpháirtithe leasmhara go léir ina thaobh.