Déanann an tAire McConalogue cathaoirleacht ar chruinniú an Fhóraim Dhéiríochta
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Chuir an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue T.D., cruinniú fíorga an Fhóraim Dhéiríochta ar siúl inniu, Dé Céadaoin, an 31 Márta. Tugann an Fóram Déiríochta na príomhpháirtithe leasmhara go léir san earnáil le chéile chun plé a dhéanamh ar fhorbairt straitéiseach na hearnála.
D’aithin an tAire McConalogue an athléimneacht a léirigh an earnáil déiríochta in 2020 nuair a méadaíodh an méid easpórtálacha faoi chúinsí an-dúshlánacha. Luaigh sé,
“Ba mhór an t-éacht é gur cinntíodh gur éirigh le próiseálaithe déiríochta an bainne go léir a soláthraíodh a phróiseáil go leanúnach i rith na paindéime agus gur éirigh leo margadh a aimsiú dár dtáirgí déiríochta i margadh domhanda dúshlánach in 2020. Molaim an tionscal, idir na soláthraithe agus na comhairleoirí agus na próiseálaithe, as oibriú as lámh a chéile chun é seo a bhaint amach. Rinne sibh éacht ar cheart daoibh a bheith bródúil as.”
Thug Ornua nuashonrú don Fhóram ar mhargaí idirnáisiúnta agus rinneadh plé ar fhorbairtí a tháinig ar Brexit. Díríodh go sonrach i rith chruinniú seo an Fhóraim ar dhá shaincheist: laonna bainne agus inbhuanaitheacht chomhshaoil.
Leag an tAire an bhéim air gur theastaigh iarrachtaí breise chun feabhas a chur ar chaighdeán mairteola laonna ón tréad bainne mar sprioc fhadtéarmach inbhuanaithe. Leag sé béim freisin ar an ngá atá lena chinntiú go leantar i gcónaí leis na caighdeáin is airde de leas ainmhithe a bhaint amach ar gach feirm agus i rith iompair.
Dúirt sé freisin,
“Mar Aire, déanfaidh mé an trádáil easpórtála beo a chosaint go diongbháilte agus go daingean mar gheall gur gné ríthábhachtach é den earnáil agus go mbainimid an caighdeán is fearr amach ó leibhéal feirme go dtí go ndéantar easpórtáil ach ní foláir dúinn leanúint le cur chuige réamhghníomhach a ghlacadh i leith ár gcaighdeáin a choimeád chomh hard agus is féidir.”
Agus é ag trácht ar cheist inbhuanaitheacht chomhshaoil na hearnála déiríochta, mheabhraigh an tAire do na rannpháirtithe,
“Caithfidh an earnáil déiríochta díriú sna blianta amach romhainn ar a chinntiú go mbainistítear táirgeadh ar bhealach atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de.”
Agus tagairt á déanamh aige don Bhille um Ghníomhú ar son na hAeráide agus um Fhorbairt Ísealcharbóin (Leasú), 2021 agus do ról na hearnála talmhaíochta ina leith seo, dúirt an tAire McConalogue,
“Ní haon amhras go mbeidh sé dúshlánach, ach caithfimid leanúint de bheith dírithe ar an sprioc dheiridh a bhaint amach, áfach. Tríd an earnáil a aistriú chuig ardán fadtéarmach níos inbhuanaithe, is féidir linn feirmeacha déiríochta teaghlaigh Éireannacha a chosaint don ghlúin amach anseo.”
Chuir an tAire McConalogue deireadh leis an gcruinniú trí bhuíochas a ghabháil le baill an Fhóraim as an bpáirt iomlán agus chuiditheach a ghlac siad sna saincheisteanna a pléadh. Leag sé an bhéim air gur gá do gach páirtí leasmhar oibriú as lámh a chéile chun an earnáil a chosaint agus a fhorbairt. D’iarr sé ar pháirtithe leasmhara leanúint le hidirchaidreamh comhoibritheach a dhéanamh lena oifigigh sna fóraim éagsúla a éascaíonn an Roinn seo agus dúirt sé go raibh sé ag tnúth le leanúint ag oibriú leo chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin agus na deiseanna atá amach romhainn.
CRÍOCH