Déanann an tAire McConalogue ceiliúradh ar Lá Domhanda an Bhia 2022 sula labhraíonn sé ag an bhFóram Bia Dhomhanda sa Róimh
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Luaigh an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue, T.D. arís eile tiomantas na hÉireann do dheireadh a chur le hocras domhanda ar Lá Domhanda an Bhia, an 16 Deireadh Fómhair 2022.
Ag trácht dó ar an téama “Bia sábháilte inniu do thodhchaí shláintiúil”, dúirt an tAire:
“Tá anois breis agus 828 milliún duine thíos leis an ocras go domhanda. In ainneoin iarrachtaí chun dul chun cinn a dhéanamh i dtreo an Sprioc Forbartha Inbhuanaithe, Díothú an Ocrais (SFI 2), a bhaint amach, tá leibhéil níos airde de neamhdheimhneacht bhia agus de mhíchothú á gcur chun cinn ag coimhlint, athrú aeráide agus tionchar marthanach Covid-19. Mar phobal domhanda, is féidir linn na dúshláin seo a shárú chun todhchaí níos fearr a chruthú trínár gcórais agraibhia, atá á gcur as riocht, a athrú ó bhonn chun cothú inacmhainne agus cothaitheach a sholáthar do gach duine.”
“Tá príomhthacadóir le claochlú córais agraibhia déanta d’Éirinn, trína rannpháirtíocht i gCruinniú Mullaigh Córais Bhia na Náisiún Aontaithe agus trína comhpháirtíocht leis an Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta (an FAO). Forbraíodh ár straitéis náisiúnta agraibhia, Fís don Bhia 2030, trí úsáid a bhaint as cur chuige córais bhia agus aithníonn sí an tábhacht a bhaineann le córais agraibhia a chlaochlú chun Córais Bhia Inbhuanaithe a sholáthar go domhanda.”
Soláthróidh an tAire McConalogue spreagaitheasc don Fhóram Bia Domhanda sa Róimh Dé Luain, an 17 Deireadh Fómhair ina luafaidh sé arís eile tábhacht an chlaochlaithe maidir le córais agraibhia inbhuanaithe. Casfaidh sé, roimh an aitheasc iomlánach seo, freisin le hArd-Stiúrthóir an FAO, Qu Dongyu, le plé breise a dhéanamh ar chomhpháirtíocht thábhachtach na hÉireann leis an FAO, atá buntacaithe ag Creat-Chomhaontú a rinneadh le déanaí idir Éirinn agus an FAO agus ag an tacaíocht a thugann Éire do Mhol Claochlaithe Bia ilghníomhaireachta na NA a cuireadh ar siúl san FAO.
Gluaiseacht dhomhanda óige é an Fóram Bia Domhanda, a bheidh ar siúl ón 17 go dtí an 21 Deireadh Fómhair faoin téama “Cothú Sláintiúil. Pláinéad Sláintiúil”, chun córais agraibhia a chlaochlú agus na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SFIanna), SFI 2 - Díothú an Ocrais san áireamh, a bhaint amach. Tá seisear ceannairí agus nuálaithe éagsúla i limistéar an táirgthe bia, caillteanas agus dramhaíl bhia, neamhdheimhneacht bhia agus cothú, i dtoscaireacht óige na hÉireann, a dtacaíonn an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara lena rannpháirtíocht.
Taistealóidh an tAire McConalogue go Milano Dé Máirt, an 18 Deireadh Fómhair, chun freastal ar roinnt idirchaidrimh idir an Bord Bia agus príomhchustaiméirí trádála na hIodáile i dtaobh bhia agus dheoch na hÉireann atá dearbhaithe ó thaobh cáilíochta.
Eolas breise ar World Food Day 2022
Eolas breise ar an World Food Forum 2022
Eolas breise ar Food Vision 2030
4. Sainghníomhaireacht den NA í Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe (an FAO) atá freagrach as deireadh a chur leis an ocras agus cothú agus slándáil bhia níos fearr a bhaint amach do chách.
Is é FAO coimeádaí SFI 2: Díothú an Corais, a bhfuil ceannas á ghlacadh acu ar iarrachtaí idirnáisiúnta sa troid in aghaidh an ocrais agus gach foirme de mhíchothú trí fheabhas a chur ar tháirgiúlacht agus rialachas talmhaíochta, agus feabhas á chur freisin ar shaol daonraí tuaithe agus cur leis an mborradh atá ag teacht ar gheilleagar an domhain.
Tá eolas breise ar fáil ag an the FAO website. . Ba í an tsuibscríbhinn bhliantúil a d’íoc Éire in 2021 leis an FAO €1.56 milliún agus soláthraíodh cistiú breise €2.09m freisin le haghaidh thionscadail specific FAO projects. .