Déanann an tAire McConalogue trácht ar 10ú cruinniú an Tascfhórsa Mairteola
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Thit 10ú cruinniú an Tascfhórsa Mairteola amach Déardaoin, an 3 Meitheamh.
Cuireadh tús leis an gcruinniú le cur i láthair mionsonraithe a rinne an Bord Bia ar chás agus dearcadh an mhargaidh faoi láthair, agus le léargas ginearálta a thug an Roinn ar stádas reatha idirbheartaíocht éagsúil maidir le Comhaontú Saorthrádála an AE.
Mar fhreagairt do chuireadh ón gCathaoirleach, Michael Dowling, ghlac ionadaithe ó roinnt próiseálaithe feola páirt sa chruinniú seo chun plé a dhéanamh ar chás an mhargaidh, dúshláin agus deiseanna amach anseo, agus freagairt do shaincheisteanna ar leith a thug baill den Tascfhórsa chun solais.
Pléadh sa chruinniú freisin dul chun cinn ar ghníomhartha a chur i bhfeidhm i gComhaontú na hEarnála Mairteola i Meán Fómhair 2019.
I ndiaidh an chruinnithe, dúirt an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue, T.D.,
“Ábhar spreagtha dom an t-idirchaidreamh díreach idir na próiseálaithe agus an Tascfhórsa Mairteola a thabhairt faoi deara. Faoi mar a dúirt mé roimhe seo, teastaíonn idirchaidreamh láidir cuiditheach ar fud an tslabhra soláthair.”
Bhí trí thuarascáil sainchomhairleoireachta a coimisiúnaíodh ar shaincheisteanna trédhearcachta margaidh príomhchuid d’obair an Tascfhórsa.
Foilsíodh an chéad dá thuarascáil a chuir Grant Thornton le chéile, ar an dlí iomaíochta san earnáil mhairteola, agus ar shonraíochtaí agus riachtanais mhargaidh, ní ba luaithe i mbliana. Foilseofar an tríú tuarascáil ar an gcomhdhéanamh praghais feadh an tslabhra soláthair ar gov.ie níos déanaí an tseachtain seo.
Maidir leis an staidéar ar thrédhearcacht, dúirt an tAire,
“Is deas liom a thabhairt faoi deara go bhfuil na trí staidéar ar thrédhearcacht an mhargaidh críochnaithe anois ag an Roinn. D’ainneoin na ndúshlán a sainaithníodh maidir le neamhfháil ar shonraí, gníomhóidh na tuarascálacha seo mar phointe tosaigh tábhachtach d’obair bhreise a dhéanamh ar thrédhearcacht. Tá súil agam go ndéanfaidh Oifig nua an Ombudsman Náisiúnta Bia, nó rialálaí a bhunófar faoin mbunreachtaíocht, an obair seo a thabhairt chun cinn.
Mar gheall go bhfuil na gníomhartha mionsonraithe a leagtar amach i gComhaontú na hEarnála Mairteola críochnaithe anois nó beagnach críochnaithe, d’iarr an tAire McConalogue ar an gCathaoirleach Neamhspleách, Michael Dowling, tuarascáil mhionsonraithe a sholáthar dó ar obair an Tascfhórsa Mairteola.
Nóta don Eagarthóir:
Cuirfear an cháipéisíocht go léir a bhaineann leis an Tascfhórsa Mairteola, na mionsonraithe san áireamh, ar fáil ag Gov.ie - Mairteoil (www.gov.ie) nuair a bheidh siad curtha i gcrích