Déanann McConalogue cur síos ar dhúshláin leanúnacha earnáil na muc agus ionchuir ag an gComhairle um Thalmhaíocht agus um Iascach
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Iarrfaidh an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara Charlie McConalogue TD arís go ndéanfaí gníomhaíocht chomhbheartaithe ón AE maidir leis na deacrachtaí atá ann in earnáil na muiceola ag an gComhairle um Thalmhaíocht agus um Iascach sa Bhruiséil inniu.
Ag labhairt dó roimh an gComhairle, dúirt an tAire:
“Beidh mé ag dul i dteagmháil le mo chomhghleacaithe san AE maidir leis na príomh-shaincheisteanna atá ar ár gclár oibre inniu. Maidir le staid an mhargaidh, tá imní orm i gcónaí faoi na brúnna atá á gcur ar ioncam feirme ó chostais mhéadaithe ionchuir. Leanaim de dhlúthfhaireachán a dhéanamh ar an scéal, agus d’iarr mé gníomhaíocht iomchuí ar leibhéal an AE, lena n-áirítear maidir le dleachtanna frithdhumpála ar allmhairí leasacháin. Admhaím freisin na deacrachtaí leanúnacha atá le sárú san earnáil muiceola. Bhí ár bhfeirmeoirí muc thar a bheith athléimneach i gcónaí, ach is eol dom go maith na dúshláin atá rompu faoi láthair. Leagfaidh mé béim arís inniu go bhfuil gá le gníomhaíocht chomhbheartaithe ón AE agus gurb í sin an beart is fearr.”
Áireofar le cruinniú an lae inniu plé freisin maidir le comhleanúnachas a neartú idir CAP, beartas trádála AE agus beartas comhshaoil an AE, chomh maith le bearta chun an riosca dífhoraoisithe agus díghrádaithe foraoise a bhaineann le táirgí a chuirtear ar mhargadh an AE nó a onnmhairítear ón AE a íoslaghdú. Breithneoidh na hAirí freisin an t-athbhreithniú ar bheartas cur chun cinn agraibhia an AE amach anseo, na dúshláin a imríonn tionchar ar ioncam feirme, agus míreanna leasa ainmhithe a chlúdaíonn coimeád agus díolachán tráchtála madraí agus an tionchar atá ag staid an fhliú éanúil ar earnáil na n-uibheacha saor-raoin. Beidh plé acu freisin ag am lóin ar an measúnú eolaíoch ar acmhainní iascaigh.
Agus é ag tnúth leis an bplé ar chomhleanúnachas, dúirt an tAire:
“Tacaíonn Éire leis an moladh feabhas a chur ar chomhleanúnachas ar fud na mbeartas trádála agus comhshaoil. Tá sé dúshlánach caighdeáin Eorpacha a chomhlíonadh, agus níor cheart go mbeadh táirgeoirí Eorpacha faoi mhíbhuntáiste i gcomhthéacs trádála idirnáisiúnta mar gheall ar an ngá leis na caighdeáin sin a choinneáil. Mar sin agus muid ag obair chun comhleanúnachas a mhéadú, ní mór dúinn a chinntiú go mbeidh rochtain ag ár bhfeirmeoirí i gcónaí ar mhargaí domhanda. Féadfaidh an AE ról ceannaireachta a imirt sa réimse seo, trí chomhoibriú go dlúth lenár gcomhpháirtithe domhanda ar na hábhair imní domhanda seo."
Maidir leis an athbhreithniú atá le teacht ar bheartas cur chun cinn an AE, dúirt an tAire:
“Baineann saoránaigh Eorpacha leas as raon leathan táirgí ardchaighdeáin bia agus dí, agus spreagtar iad chun na táirgí sin a ithe ar bhealach a thacaíonn le haiste bia sláintiúil, cothrom a chothabháil. Cuidíonn an beartas cur chun cinn reatha le baint amach an chuspóra seo.
“Díreach mar a spreagtar tomhaltóirí chun aiste bia chothrom a choinneáil, ba cheart go mbeadh an cur chuige maidir le beartas cur chun cinn amach anseo, ó thaobh ábhair agus teanga de, cothrom agus comhréireach. Mar shampla, níor cheart go mbreathnófaí ar chur chun cinn táirgí feola Eorpacha ar ardchaighdeán a bheith ar neamhréir le daoine a spreagadh chun a dtomhaltas torthaí agus glasraí, agus táirgí eile planda-bhunaithe, a mhéadú. Níor cheart breathnú air, ná a chur i láthair, mar rud ar bith seachas tomhaltas a chur chun cinn ar bhealach freagrach agus comhréireach, mar chuid d'aiste bia chothrom, shláintiúil. Is foinse iontach de phríomhchothaithigh iad ár dtáirgí feola atá sláintiúil, sábháilte, cothaitheach agus inrianaithe.”