Dearbhaíonn an tAire McConalogue comhaontú maidir le scéimeanna cúitimh eitinne
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fháiltigh an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue TD, inniu roimh dheimhniú go bhfuil comhaontú curtha i gcrích ag an bhFóram TB maidir le scéimeanna cúitimh eitinne agus socruithe maoinithe athnuaite.
Mhol an tAire comhaltaí an Fhóraim as a gcomhoibriú éifeachtach go dtí seo i gcur i bhfeidhm straitéis díothaithe eitinne Buaibheac.
Dúirt an tAire, tar éis an chruinnithe is déanaí den Fhóram, agus é ag trácht ar chomhoibriú rathúil Fhóram Geallsealbhóirí na heitinne Buaibheac,
“Tá mé go mór ar an eolas faoin bpian airgeadais agus mothúchánach a bhaineann le briseadh amach eitinne agus mar sin tá áthas orm rannpháirtíocht chuiditheach gach ball d’fhóram na heitinne a fheiceáil. Faoi mhaoirseacht an Chathaoirligh Michael Cronin, tá dul chun cinn dáiríre á dhéanamh ag samhail chomhoibríoch an Fhóraim; le minicíocht tréada ag leanúint ar aghaidh ag laghdú i mbliana.
“Tá áthas orm a fhógairt freisin go bhfuil an Mheitheal Airgeadais tar éis teacht ar chomhaontú maidir le hathruithe ar scéimeanna cúitimh eitinne agus maidir le maoiniú na scéimeanna sin faoin gclár eitinne chomh maith le tacaíocht mar bheart idirthréimhseach chun ceanglais an Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe a chur chun feidhme do 2023. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an t-Uasal Gerry Kiely, Cathaoirleach an Ghrúpa Oibre Airgeadais as a chuid iarrachtaí teacht ar chomhaontú.
“Leanfaidh an Grúpa Oibre Forfheidhmithe, faoi Chathaoirleach an Dr. Sean Brady agus an Ghrúpa Oibre Eolaíochta, faoi Chathaoirleach an Dr. John Griffin, le chéile chun straitéisí breise a fhorbairt chun leanúint ar aghaidh le leibhéil galar a laghdú.”
"Tá róil ríthábhachtacha le himirt fós ag feirmeoirí, tréidlianna, eolaithe, mo Roinn agus gach páirtí leasmhar eile. Tá dúshlán ag baint leis an turas atá romhainn, ach de bharr an chomhoibrithe mar sin is féidir an t-aistear seo a thabhairt le chéile go rathúil.”
Ag labhairt dó ar chur chun feidhme straitéis díothaithe na heitinne a sheol sé i mí Eanáir 2021, dúirt an tAire,
“Ó chuaigh mé i mbun oifige, tá sé ina phríomhthosaíocht agamsa dul i ngleic leis an eitinn. Bhí moltaí an Fhóraim ríthábhachtach d’fhorbairt beartas a d’fhéadfadh cabhrú le heitinn a laghdú agus a dhíothú ar deireadh. Tá cuid de mholtaí an Fhóraim á gcur chun feidhme cheana féin, amhail an t-athrú ar an mbeartas maidir le hainmhithe neamhchonclúideacha, tacaíocht bhreise do rialú fiadhúlra agus vacsaíniú broic”.
“Tá siad seo ag cuidiú le leibhéil minicíochta tréada a laghdú. Mholfainn don Fhóram leanúint dá uaillmhianta a mhéadú maidir leis an iarracht eitinn a dhíothú sna blianta amach romhainn”.
Ag cur béime ar an tábhacht a bhaineann le tógáil ar dhul chun cinn go dtí seo, d’áitigh an tAire ar pháirtithe leasmhara leanúint ar aghaidh ag forbairt bearta a d’fhéadfadh cabhrú le deireadh a chur leis an eitinn.
Tá na príomhathruithe ar scéimeanna cúitimh leagtha amach san iarscríbhinn.
Foilseofar leabhrán nuashonraithe de Shocruithe Cúitimh na nEitinne ina mbeidh cur síos ar théarmaí agus coinníollacha nuashonraithe na Scéimeanna Cúitimh TB go luath.
Cineál tréada | ||
Déiríocht | Ráta reatha €55 | |
Ráta Nua € | ||
5 mhí tar éis lao a bhreith: €100 | ||
6-10 mhí tar éis lao a bhreith: €65 | ||
2 mhí x €0 | ||
Cineál tréada | ||
Súiteoir | Ráta reatha €38.09 | |
Ráta Nua € | ||
7 mhí tar éis lao a bhreith: €52 | ||
8-12 mhí tar éis lao a bhreith: €40 | ||
Cineál tréada | ||
Eile | Ráta reatha €25.39 | |
Ráta nua €30 |
Cineál tréada | Ráta reatha € | Ráta nua € |
Déiríocht | 220 | 280 |
Súiteoir | 152.36 | 180 |
Eile | 76.16 | 120 |
Cineál tréada | Ráta reatha € | Ráta Nua € |
Súiteoir | 38 | €50 |
Déiríocht/eile | 25 | €30 |
Chun tacú le feirmeoirí, mar bheart idirthréimhseach i dtreo chur chun feidhme ceanglas an Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe do 2023, sa bhreis ar na socruithe a foilsíodh roimhe seo i ndáil leis an Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe a thabhairt isteach an 1 Feabhra 2023, tabharfar ranníocaíocht aonuaire suas le huasmhéid €70 do thréad pórúcháin in 2023 ar gá dóibh an tástáil bhreise riachtanach a dhéanamh ar bha d’aois ar bith nó ar fhir os cionn 36 mhí arna n-aistriú ó thréad pórúcháin amháin go tréad pórúcháin eile. (Déantar tréad pórúcháin a shainmhíniú mar thréad ar cláraíodh breith air in 2023)