D’fhógair an tAire Gnóthaí Eachtracha agus an tAire Cosanta Simon Coveney, go gcuirfí trealamh leighis ar fáil don Liobáin, tar éis na pléisce a rinne scrios ar Béiriút.
“Seolann Éire a comhbhrón ó chroí dóibh siúd go léir atá thíos leis an bpléasc uafásach i mBéiriút, go háirithe dóibh siúd a bhfuil daoine muinteartha caillte acu.
Tá caidreamh láidir ag Éire leis an Liobáin – is tír í ina bhfuil ár gcoimeádaithe síochána i seirbhís chumasach na síochána ó 1978. Ag am an ghátair seo, seasamid i ndlúthpháirtíocht leis an Liobáin, agus cheadaigh mé inniu trealamh leighis agus trealamh cosanta pearsanta a bhfuil géarghá leo a sheoladh.
Cuideoidh an trealamh seo, arna sholáthar ag an FSS agus á iompar ag na Fórsaí Cosanta ar bord Casa Aerchór, go mór le hiarrachtaí an EDS sa Liobáin agus iad ag comhordú an fhreagra sláinte idirnáisiúnta ar an tubaiste seo, chomh maith le bagairt leanúnach COVID-19.
Léiríonn an oibríocht freagairt shuntasach agus thapaidh tras-Rialtais lena mbaineann an Roinn Gnóthaí Eachtracha, an Roinn Cosanta, na Fórsaí Cosanta agus an FSS.”
Dúirt an tAire Stáit um an Diaspóra agus Chúnamh Forbartha Thar Sáile Colm Brophy T.D. freisin;
“Tagann an pléascadh i mBéiriút anuas ar an ngéarchéim eacnamaíoch agus daonnúlach atá sa Liobáin cheana féin. Go háirithe, leanann an Liobáin ag óstáil go fial os cionn 1.5 milliún teifeach Siriach. Chuir Éire níos mó ná €3.5 milliún ar fáil cheana féin i maoiniú daonnúlach i 2020, agus tá cuid de á athchur anois chun déileáil le himpleachtaí na pléisce. Is cuid í seo de níos mó ná €30 milliún i maoiniú daonnúlach a cuireadh ar fáil don Liobáin ó 2014.
De réir mar a thosnaíonn Béiriút ag atógáil agus ag teacht slán ón tubaiste seo, ba mhaith liom dlúthpháirtíocht agus tacaíocht leanúnach na hÉireann a dhearbhú do mhuintir na Liobáine.”
CRÍOCH