Deimhníonn an tAire McConalogue gur féidir le ceannaitheoirí filleadh ar chróite marglainne ón 17 Bealtaine
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Dheimhnigh an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue, T.D., gur féidir le ceannaitheoirí filleadh ar chróite marglainne, a fhad agus a chloítear le treoirlínte poiblí, ón 17 Bealtaine seo chugainn. Rinneadh an cinneadh ag cruinniú a thionóil an Chomh-Aireacht inné (an 29 Aibreán). Leanfar le trádáil ar líne a éascú, agus cuirfear ceannach sa chró ar siúl freisin.
Is féidir le ceannaitheoirí freastal ar an gcró díolachán agus féachaint ar stoc i gcróite. Caithfear seo a dhéanamh trí choinne a dhéanamh roimh ré leis an marglann bheostoic, áfach. Caithfidh ceannaitheoirí ar mian leo bheith i láthair taobh leis an gcró clúdaigh aghaidhe a chaitheamh agus cloí le scaradh dian sóisialta 2 mhéadar. Caithfidh marglanna cosc a chur freisin ar bhaill den phobal bailiú timpeall ar a chéile i gcarrchlós na marglainne nó ag bealaí isteach i bhfoirgnimh mharglainne.
Caithfear marglanna a oibriú i gcomhréir le buan-nósanna imeachta oibriúcháin (SOPanna) COVID-19 a cheadaigh a nOifig Tréidliachta Réigiúnach.
Is tábhachtach a thabhairt faoi deara gurbh ionann an méid eallaí a ghabh tríd an marglann ón 1 Eanáir go dtí an 14 Márta 2021 agus 94% den mhéid chéanna sa tréimhse inchomparáide in 2020. B’ionann an méid caorach a ghabh tríd an marglann sa tréimhse chéanna agus 100% den mhéid a ghabh tríd sa tréimhse inchomparáide in 2020.
Ag trácht dó ar an gcinneadh, dúirt an tAire McConalogue,
“I ndiaidh gur ceadaíodh é ag cruinniú na Comh-Aireachta inniu, is deas liom a fhógairt gur féidir ceannach sa chró a éascú i marglanna beostoic ón 17 Bealtaine a fhad agus a dhéantar sin ar bhealach sábháilte agus a shásaíonn na treoirlínte sláinte poiblí náisiúnta COVID-19 go léir.
“Leanfar leis an bhfilleadh ar cheannach sa chró a mhéadú trí dhíolacháin ar líne a éascú ar éirigh go han-gheal leo i rith na tréimhse seo a bhí dúshlánach dúinn go léir. Cruthaíodh gur bealach iontach an t-aistriú chuig ardáin ar líne amháin i nDeireadh Fómhair chun eallach agus caoirigh a thrádáil, agus baineadh tréchur tréan amach, anuas ar phraghsanna cobhsaí amach i rith an ama seo. I bhfírinne, cruthaíodh go n-aimsíonn díolacháin ar líne i bhfad níos mó feirmeoirí agus gníomhairí ná na díolacháin thraidisiúnta i bpearsan.”
Luaigh an tAire mar fhocal scoir,
“Thar aon ní eile, is eol dom gur ghlac an t-aistriú chuig díolacháin ar líne amháin ról mór maidir le cabhrú leis an líon cásanna COVID-19 in Éirinn a laghdú. Táim ag tnúth leis an dul chun cinn suntasach seo i dtreo cur chuige measctha ina bhfuil díolacháin ar líne agus sa chró, a leanfaidh ar siúl amach anseo. Molaim, arís eile, obair na mbainisteoirí marglainne agus na bhfeirmeoirí as cloí chomh bríoch sin leis na treoirlínte sláinte poiblí go léir le roinnt míonna anuas. Chabhraigh bhur n-iarrachtaí gaisciúla lena chinntiú go leanann an trádáil bheo ar aghaidh agus, thar aon ní eile, go raibh ár bpobail á gcoimeád sábháilte.”
CRÍOCH