Deimhníonn an Roinn Plean Straitéiseach CAP (an Comhbheartas Talmhaíochta CBT) na hÉireann 2023-2027 a Atógáil chuig an gCoimisiún Eorpach
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá sé deimhnithe ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue TD, go bhfuil Plean Straitéiseach CBT na hÉireann 2023-2027 curtha faoi bhráid an Choimisiúin Eorpaigh go foirmiúil ag a Roinn lena cheadú.
Cuireann an plean nuashonraithe san áireamh na barúlacha a fuarthas ón gCoimisiún Eorpach i mí an Mhárta agus léiríonn sé toradh na bpléití fairsinge leis an gCoimisiún Eorpach ag leibhéil oifigiúil agus Aireachta le trí mhí anuas.
Dúirt an tAire McConalogue
“tá áthas orm go bhfuil réamh-chomhaontú bainte amach againn ar Phlean Straitéiseach CBT don tréimhse 2023-2027. Is cloch mhíle thábhachtach eile é seo i bhforbairt an Phlean, agus ceann an-tábhachtach.
“Rinneadh na cainteanna ar gach leibhéal chun teacht ar an gcomhaontú seo, lena n-áirítear cruinniú a bhí agam le déanaí leis an gCoimisinéir Wojciechowski chun roinnt de na gnéithe is dúshlánaí a phlé. Leanfaidh an obair ar fead na míonna amach romhainn, leis na próisis chomhthreomhara maidir leis an gcomhshaol a thabhairt chun na measúnuithe a chríochnú, fad is a chríochnaíonn an Coimisiún a athbhreithnithe inmheánacha agus a phróisis dhlíthiúla.
"Táim muiníneach go bhfuil Plean láidir curtha i láthair againn, a bhfuil sé mar aidhm aige an dá chuspóir a bhaint amach, mar atá inmharthanacht leanúnach na bhfeirmeacha teaghlaigh a chinntiú agus inbhuanaitheacht chomhshaoil agus shóisialta na hearnála a uasmhéadú.”
Fuair Plean Straitéiseach CBT aiseolas tosaigh ón gCoimisiún Eorpach i bhfoirm litreach breathnadóireachta i mí an Mhárta 2022. Ó shin i leith, bhuail oifigigh na Roinne le geallsealbhóirí trí Choiste Comhairleach an Chomhbheartais Talmhaíochta trí huaire. D’aithin an tAire a thábhachtaí atá an t-ionchur agus na tuairimí a thug páirtithe leasmhara sa tréimshe seo, agus ar feadh an phróisis.
Thug sé faoi deara freisin go leanfar leis an gcomhoibriú seo sna míonna amach romhainn, mar na próisis dlí agus riaracháin deiridh; lena n-áirítear na measúnuithe comhshaoil,; i gcrích. Thug sé faoi deara go bhfuil an Roinn ag obair cheana féin chun feirmeoirí a chur ar an eolas faoi shonraí na scéimeanna agus go bhfuil na hullmhúcháin ábhartha á ndéanamh chun córais riaracháin agus TF a fhorbairt.
Mar fhocal scoir, dúirt an tAire:
“Tá an Plean Straitéiseach CBT deiridh mar thoradh ar phróiseas comhoibríoch leis na páirtithe leasmhara go léir agus ar tiomantas m’oifigigh agus an Choimisiúin Eorpaigh plean a fhorbairt a chinnteoidh inbhuanaitheacht eacnamaíoch, chomhshaoil agus shóisialta na hearnála do na cúig bliana atá romhainn.
“Léiríonn an gealltanas buiséid de bheagnach €10 billiún leibhéal tiomantais an Rialtais seo d’fheirmeoirí, agus don gheilleagar tuaithe níos leithne.”