Deimhníonn an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara an Fliú Éanúil HPAI H5N1 in Iolar Mara i gContae Chiarraí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara inniu gur dheimhnigh sí Fliú Éanúil An-Phataigineach H5N1 (HPAI H5N1) in iolar mara in aice le Tairbeart, Contae Chiarraí. Cuireadh an t-iolar mara faoi bhráid na Saotharlainne Tréidliachta i Luimneach mar chuid de chlár faireachais na Roinne um Fhliú Éanúil (AI) in éin fhiáine. Seo an cineál an-phataigineach céanna a braitheadh cheana an tseachtain seo caite i bhfabhcún gorm i gContae na Gaillimhe. Deimhníodh inniu go bhfuil H5N1 ar éin fhiáine i nDún na nGall agus in Uíbh Fhailí, lena n-áirítear ealaí balbha agus eala glóracha araon agus géanna fiáine.
Dúirt an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue TD:
“Tá sé mí-ámharach go bhfuarthas an cás seo in éan atá chomh gann, ach ba mhaith liom obair chlár Faireachais na Roinne um AI in éin fhiáine a mholadh. Tá sé tábhachtach go bhfanfaimis ar an airdeall, agus mholfainn freisin gur cheart d’úinéirí ealtaí a bheith airdeallach freisin. Ba cheart dúinn gach rud is féidir a dhéanamh chun a chinntiú nach mbíonn teagmháil ag éin fhiáine a d’fhéadfadh a bheith ionfhabhtaithe le ealtaí baile."
Dúirt an tAire Stáit Oidhreachta sa Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, Malcolm Noonan TD:
“Is cúis mhór imní iad na dearbhuithe seo den Fhliú Éanúil. Tá ceist láithreach faoi na tionchair dhíreacha ar éin i gcoitinne, agus freisin, ar ndóigh, d’fhéadfadh go mbeadh ceisteanna ag teacht chun cinn a mbeadh tionchar acu ar éin is ábhar imní maidir le caomhnú, lena n-áirítear iad siúd atá á dtabhairt isteach arís san fhiántas faoi thionscadail ar nós Tionscadal Suaitheanta Athbhunaithe na nIolar. Leanfaidh an NPWS ag tacú le comhghleacaithe sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara chun monatóireacht agus aghaidh a thabhairt ar an gcás seo. Idir an dá linn, d’iarrfainn ar bhaill an phobail gan aon éan marbh a láimhseáil. Ina áit sin, ba cheart dóibh teagmháil a dhéanamh le hoifigí áitiúla na Roinne Talmhaíochta nó NPWS."
Dheimhnigh an tIonad Faireachais um Chosaint Sláinte, cé gur féidir le fochineál H5N1 a bheith ina chúis le galar tromchúiseach in éanlaith chlóis agus in éin eile, níor tuairiscíodh aon ionfhabhtuithe i ndaoine leis an víreas seo ar fud an domhain agus dá bhrí sin measann sé go bhfuil an riosca do dhaoine an-íseal. Tá táirgí éanlaithe clóis agus éanlaithe atá cócaráilte i gceart, lena n-áirítear uibheacha sábháilte le hithe.
Aibhsíonn na torthaí breise seo de H5N1 in éin fhiáine an baol go dtabharfaí fliú éanúil isteach san earnáil éanlaithe. Bhí an Roinn ag idirchaidreamh go dlúth le comhghleacaithe ón tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra. Tá an Roinn i ndlúth-theagmháil chomh maith le páirtithe leasmhara tionscail agus athdhearbhaíonn sí go bhfuil dianbhearta bithshlándála riachtanach chun cosc a chur ar fhliú éanúil a thabhairt isteach in éanlaith chlóis agus in ealta éan gabhála. Ba cheart d’úinéirí ealtaí a bheith airdeallach ar aon chomharthaí den ghalar ina n-ealtaí agus aon amhras faoi ghalair a thuairisciú don Oifig Tréidliachta is gaire.