Deimhníonn an tAire McConalogue go gcuirfear tús le €42m in íocaíochtaí faoin gClár Éifeachtúlachta na hEarnála Mairteola
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Dheimhnigh an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue, TD, inniu go bhfuil tús curtha le híocaíochtaí faoi Chláir Éifeachtúlachta na hEarnála Mairteola. San iomlán, tá thart ar €42 milliún á heisiúint chuig níos mó ná 30,000 feirmeoir rannpháirteach.
Dúirt an tAire,
“Tá lúcháir orm a dhearbhú go bhfuil íocaíochtaí tosaithe anois faoin gClár Éifeachtúlachta Comhshaoil Mairteola - Bó Dhiúil (BEEP-S) agus Mairteoil Déiríochta, ag tógáil ar an raon scéimeanna tacaíochta atá ar fáil d’fheirmeoirí mairteola.
“Cuidíonn an scéim BEEP-S le héifeachtúlacht eacnamaíoch agus chomhshaoil a mhéadú sa tréad diúil trí fheabhas a chur ar chainníocht agus ar cháilíocht na sonraí feidhmíochta a bhailítear, d’fhonn tacú le glacadh le dea-chleachtas agus cinnteoireacht níos eolasaí ar leibhéal na feirme.
“Cuidíonn an Scéim Mairteola Déiríochta le héifeachtúlacht eacnamaíoch agus chomhshaoil mairteola ón tréad déiríochta a mhéadú, agus chun comhtháthú na n-earnálacha déiríochta agus mairteola a éascú tuilleadh trí thacaíocht a sholáthar d’fheirmeoirí atá ag tógáil síolrach ón tréad déiríochta."
Dhírigh an clár BEEP-S ar éifeachtúlacht scoitheadh bó agus laonna, agus meáchan beo an lao ag scoitheadh mar chéatadán de mheáchan beo na bó. Mar aitheantas ar an ról tábhachtach atá ag saincheisteanna sláinte agus leasa ainmhithe, tugadh spreagadh do rannpháirtithe freisin roinnt beart roghnach sláinte agus leasa a chur i bhfeidhm lena n-áirítear beathú béile réamh-scoite, cláir vacsaínithe agus tástáil faecais. Ba é croíghníomhaíocht na Scéime Mairteola Déiríochta meá na laonna incháilithe a raibh íocaíocht de €20 in aghaidh an lao i gceist léi suas go dtí 20 lao ar a mhéad.
Dúirt an tAire,
“Tuigim go maith an tábhacht a bhaineann le híocaíochtaí faoi na scéimeanna seo d’earnáil na mairteola agus tá próiseáil na n-íocaíochtaí sin chomh luath agus is féidir fós mar phríomhthosaíocht do mo Roinn. Tá na híocaíochtaí criticiúla seo daingnithe agam don bhliain seo chugainn mar chuid de Bhuiséad 2022 agus leagann sé béim ar mo thiomantas leanúnach do na hearnálacha mairteola agus diúil."