Deimhníonn an tAire McConalogue go leanfar le tacaíochtaí a sholáthar le deireadh a chur le BVD
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Luaigh an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue, T. D., inniu go dtugann sé tacaíocht do dheireadh a chur le Buinneach Víreasach Bhólachta (BVD) faoi dheireadh 2023 agus na tacaíochtaí leanúnacha a chuireann a Roinn ar fáil do Chlár Díothaithe BVD.
Dúirt an tAire go bhfuil sé sásta leis an dul chun cinn atá á dhéanamh i dtreo deireadh a chur le BVD. Luaigh sé go bhfuil coigilteas substainteach á bhaint amach ag feirmeoirí, agus gur tháinig titim ar fhorleithne na n-ainmhithe a bhain toradh dearfach tástála BVD amach i mbliana go dtí 0.03% ó 0.66% in 2013 - an chéad bhliain inar cuireadh an chéim éigeantach den chlár díothaithe i bhfeidhm.
Dúirt an tAire,
“Tá pointe ríthábhachtach bainte amach ag an gclár agus táimid ar tí deireadh a chur le BVD ón tréad. Tá an deis le saoirse a bhaint amach ó BVD ar leac an dorais. Tá sé ríthábhachtach go nglacann gach duine lena ról leis seo a bhaint amach. Rinneadh dul chun cinn sármhaith le blianta beaga anuas agus táimid tar éis ár n-iarrachtaí le rath a chinntiú a neartú. Leanfaimid ag tacú leis don chlár feabhsaithe lenar chomhaontaigh an Grúpa um Chur i bhFeidhm BVD agus gealltar tacaíochtaí substainteacha a chur ar fáil arís eile an bhliain seo chugainn.
“Tá pacáiste cuimsitheach tacaíochtaí á sholáthar ag mo Roinn do gach feirm a ndéantar difear dóibh chun baol amach anseo i dtaobh galair a laghdú laistigh de na feirmeacha siúd agus an baol i leith tréada eile a laghdú. Tá deis ann d’fheirmeoirí eallaigh na hÉireann a dtiomantas a léiriú arís eile, agus iarrachtaí a neartú chun stádas saor ó BVD a bhaint amach.”
Faoi mar a bhí i gceist in 2021, leanfar le srianta uathoibríocha a chur ar thréada agus le fógra a thabhairt do ghabháltais máguaird in 2022. Lena chinntiú go sriantar ionfhabhtú BVD laistigh den tréad nochta, beidh srianta tréada i gceist ón gcéad lá i ndiaidh an dáta a baineadh an tástáil dhearfach nó neamhchonclúideach BVD amach.
I measc an phacáiste tacaíochtaí a bheidh ar fáil in 2022, beidh tacaíocht a thabhairt d’ainmhithe a bhaint go luath a bhain toradh dearfach tástála amach, mar seo a leanas:
Tréada Déirí
• €160 má bhaintear ainmhithe déirí agus crosphóraithe déirí laistigh de 10 lá i ndiaidh gur baineadh an chéad toradh dearfach nó neamhchonclúideach amach i dtástáil.
• €30 má bhaintear ainmhithe baineanna déirí agus crosphóraithe déirí laistigh de thréimhse idir 11 agus 21 lá i ndiaidh gur baineadh an chéad toradh dearfach nó neamhchonclúideach amach i dtástáil.
• €30 i dtreo laonna fireanna déirí a dhiúscairt tríd an seamlas nó tríd an gcniogaire laistigh de 14 lá i ndiaidh gur baineadh an chéad toradh dearfach nó neamhchonclúideach amach i dtástáil.
Tréada Mairteola
• €220 má bhaintear an t-ainmhí laistigh de 10 lá i ndiaidh gur baineadh an chéad toradh dearfach nó neamhchonclúideach amach i dtástáil.
• €30 má bhaintear an t-ainmhí idir 11 agus 21 lá i ndiaidh gur baineadh an chéad toradh dearfach nó neamhchonclúideach amach i dtástáil.
De bhreis air sin, dheimhnigh an tAire go leanfar leis na himscrúduithe a dhéanann an tSeirbhís Spriocdhírithe Chomhairleach um Shláinte Ainmhithe (TASAH), ina ndéantar imscrúdú éigeantach eipidéimeolaíochta tréada atá go hiomlán cistithe tar éis gur nochtadh ainmhí a bhain toradh dearfach nó neamhchonclúideach tástála amach i dtástáil BVD. Cisteoidh an Roinn tástáil tréada iomláin BVD freisin mar chuid d’imscrúdú eipidéimeolaíochta, chomh maith le vacsaíniú na n-ainmhithe baineanna incháilithe go léir sna tréada seo in aghaidh BVD in 2022 agus 2023. Déanfaidh Cleachtóir Tréidliachta Príobháideach ainmnithe gach tréada é seo.
Dheimhnigh an tAire go leanann obair an Ghrúpa um Chur i bhFeidhm BVD le hathbhreithniú a dhéanamh ar dhul chun cinn agus le breithniú a dhéanamh ar cibé acu an bhféadfadh nó nach bhféadfadh aon bhearta breise a bheith ag teastáil leis an gClár Díothaithe BVF a chur i gcrích a thapúla agus is féidir.
Léirítear sna hathruithe a rinneadh in 2021 agus 2022 riachtanais Reachtaíocht nua Sláinte Ainmhithe an AE agus na hathruithe riachtanacha a theastaíonn chun go mbainfear aitheantas oifigiúil amach ar an gclár ar leibhéal an AE.
Ar deireadh, ghlac an tAire an deis chun buíochas a ghabháil le Sláinte Ainmhithe Éireann agus le Grúpa um Chur i bhFeidhm BVD an tionscail as ucht a n-oibre luachmhaire i gcaitheamh 2021.
Nótaí d’Eagarthóirí:
Dlí Sláinte Ainmhithe an AE
Le ceanglais Dhlí Sláinte Ainmhithe an AE a chomhlíonadh, caithfidh Éire tréimhse 18 mí a bhaint amach gan ainmhí ar a bhfuil ionfhabhtú seasta BVD a nochtadh, agus 99.8% de na bunaíochtaí iomlána eallaigh a bheith saor ó BVD, arb ionann sin agus 99.9% den daonra buaibheach iomlán.
Tástáil deimhnithe
Ní thabharfar faoi thástáil deimhnithe ar ainmhithe poll cluaise faoi chlár 2022.
Tacaíocht airgeadais do thréada a ndéantar difear dóibh
Oibreofar an t-imscrúdú eipidéimeolaíochta mar chuid de chlár TASAH, a chistítear faoin gClár Náisiúnta um Fhorbairt Tuaithe (RDP). Cisteoidh an RTBM an costas iomlán a bhíonn ar an tréad iomlán a thástáil i leith BVD; agus ainmhithe incháilithe baineanna a vacsaíniú i ngach tréad a ndéantar difear dóibh ar feadh tréimhse dhá bliain mar chuid den imscrúdú tréada seo.
CRÍOCH