Deimhníonn an tAire McConalogue íocaíochtaí €31 milliún faoi CGSM 2021
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Dheimhnigh an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed, TD, inniu gur cuireadh tús le híocaíochtaí faoin gClár Géanómaíochta agus Sonraí Mairteola (an CGSM) 2021.
Luaigh an tAire,
“Tá gliondar croí orm a bheith in ann tús a chur le híocaíochtaí faoi scéim an CGSM 2021. Tá íocaíochtaí ar luach breis agus €31 milliún á n-eisiúint sna laethanta amach romhainn do níos mó rannpháirtithe mar chuid de Chlár Géanómaíochta agus Sonraí Mairteola I agus II. Is léir go raibh an rath geal ar scéim an CGSM agus thacaigh sé le hioncaim feirmeoirí mairteola agus chuir sé leibhéil níos airde d’éifeachtúlacht chun cinn inár dtréad diúil den chéad scoth.
Roghnaigh 17,700 de na rannpháirtithe sa bhunscéim leanúint de bheith páirteach sa scéim don bhliain 2021 i gClár Géanómaíochta agus Sonraí Mairteola idirthréimhseach aon bhliana agus tá 1,450 rannpháirtí sa dara tráinse den Chlár bunúil, an Clár Géanómaíochta agus Sonraí Mairteola II, agus tiocfaidh deireadh leis in 2022.
Luaigh an tAire arís eile,
“D’eisíomar breis agus €70 milliún dár bhfeirmeoirí mairteola agus diúil le fiú seachtain anuas trínár scéimeanna nuálacha. Déantar na híocaíochtaí faoin CGSM anuas ar an €42 milliún a eisíodh an tseachtain seo caite faoi na Cláir BEEP S 2021 agus Dhéirí do bhreis agus 30,000 rannpháirtí”.
Leanfar le híocaíochtaí breise an Chláir Ghéanómaíochta agus Sonraí Mairteola a eisiúint ar bhonn leanúnach de réir mar a dheimhníonn níos mó feirmeoirí go gcomhlíonann siad riachtanais scéime 2021. Spreag an tAire feirmeoirí “chun gach suirbhé agus sampla géinitíopála a sheoladh ar ais agus/nó chun nuashonrú an treoraí carbóin a chomhlánú a luaithe agus is féidir chun íocaíocht a éascú.”
Dúirt an tAire freisin,
“Fuarthas faomhadh go leanfar le go leor scéimeanna feirme in 2022, an Clár Géanómaíochta agus Sonraí Mairteola san áireamh. Sa chomhthéacs sin, tá mo Roinn ag glacadh ón 18 Samhain 2021 le hiarratais ó rannpháirtithe i scéim idirthréimhseach Chlár Géanómaíochta agus Sonraí Mairteola 2021 chun páirt a ghlacadh i síneadh breise bliana ar an gClár Géanómaíochta agus Sonraí Mairteola don bhliain 2022. Is é an dáta deiridh chun iarratais a fháil 5pm an 20 Nollaig 2021.
“Táim ag tnúth le cur leis an méid a baineadh amach faoin CGSM tríd an Scéim Éifeachtúlachta Carbón Ba Diúil faoin gcéad CBT eile ina dtuillfidh rannpháirtithe €150/an bhó ar na chéad 10 mbó, arbh ionann sin agus méadú €90/an bhó ar na chéad 10 mbó faoin CGSM.”
CRÍOCH