Deimhníonn an tAire McConalogue íocaíochtaí an Chláir Sonraí Mairteola agus Géanómaíochta 2022
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Dheimhnigh an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue TD, inniu go bhfuil tús curtha le híocaíochtaí faoi na Cláir Sonraí Mairteola agus Géanómaíochta 2022 (BDGP).
Ag labhairt dó ar thús na n-íocaíochtaí, dúirt an tAire:
“Táim an-sásta gur cuireadh tús le híocaíochtaí faoin scéim fíorthábhachtach BDGP a thug laghduithe in astaíochtaí gás ceaptha teasa na hÉireann chun críche agus a thug teicneolaíocht ghéiniteach isteach sa tréad náisiúnta ag an am céanna, rud a fheabhsaíonn brabúsacht feirme. Tá an BGDP ina thacaíocht ioncaim chriticiúil freisin d'fheirmeoirí mairteola agus laonna diúil ó bunaíodh é. Tá íocaíochtaí dar luach breis agus €28 milliún á n-eisiúint sna laethanta amach romhainn chuig níos mó ná 14,500 rannpháirtí ar fud an dá chlár."
I gclár idirthréimhseach aon bhliana um Shonraí Mairteola agus Géanómaíochta (BDGP) do 2022, roghnaigh 16,524 de rannpháirtithe na scéime BDGP I leanúint ar aghaidh sa scéim do 2022 agus tá 1,402 rannpháirtí sa dara tráinse den chlár bunaidh, an Clár Sonraí Mairteola agus Géanómaíochta II. Is í seo an bhliain deiridh don dá scéim mar go gcuirfear an Clár Éifeachtúlachta Carbóin Diúil (SCEP) ina n-ionad in 2023.
Dúirt an tAire:
“Tá an-áthas orm go bhfuil an obair fós ar siúl maidir le hoscailt an SCEP. Cuirfidh sé seo leis an rath a bhí ar an BDGP agus íocfaidh sé €150/bó ar na chéad 10 n-ainmhí le rannpháirtithe i gcomparáid le €90/bó ar an gcéad 10 n-ainmhí san BDGP amach.”
D'athdhearbhaigh an tAire freisin go bhfuil
"na híocaíochtaí seo faoi na Cláir Sonraí Mairteola agus Géanómaíochta sa bhreis ar an €42 milliún a eisíodh an tseachtain seo caite faoi na scéimeanna Mairteola BEEP-S 2022 agus Déiríochta le níos mó ná 30,000 rannpháirtí. Ciallaíonn sé seo go bhfuil €70m de thacaíochtaí curtha ar fáil againn d'fheirmeoirí mairteola agus laonna diúil le seachtain anuas ”.
Leanfar de thuilleadh íocaíochtaí de chuid an Chláir Sonraí Mairteola agus Géanómaíochta a eisiúint ar bhonn leanúnach de réir mar a dheimhneoidh níos mó feirmeoirí go gcomhlíonann siad riachtanais scéime 2022.
D'áitigh an tAire ar fheirmeoirí rannpháirteacha “na suirbhéanna agus na samplaí géinitíopála go léir a thabhairt ar ais agus/nó nuashonrú na dtreoraithe carbóin a chomhlánú a luaithe is féidir chun íocaíocht a éascú”.