Deimhníonn an tAire McConalogue luach €42m d’íocaíochtaí faoi Chláir Éifeachtúlachta na hEarnála Mairteola
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Dheimhnigh an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue, T.D., gur cuireadh tús le híocaíochtaí a eisiúint faoi Chláir Éifeachtúlachta na hEarnála Mairteola. Tosaíodh le luach breis agus €42 milliún, ar an iomlán, a eisiúint do 30,000 feirmeoir atá ag glacadh páirt ann.
Dúirt an tAire,
“Tá gliondar croí orm a dheimhniú go bhfuil tús curtha le híocaíochtaí faoi Chláir BEEP-S agus Déiríochta-Mairteola, a chuireann leis an réimse scéimeanna tacaíochta atá ar fáil d’fheirmeoirí mairteola. Is léir go raibh an-tóir ar an dá scéim seo i measc feirmeoirí. Sholáthair siad tacaíochtaí ioncaim d’fheirmeoirí agus chabhraigh siad freisin le gnóthachain thábhachtacha éifeachtúlachta a chur chun cinn.”
Cabhraíonn an clár BEEP-S le héifeachtúlacht gheilleagrach agus chomhshaoil a mhéadú sa tréad diúil trí fheabhas a chur ar chainníocht agus ar cháilíocht na sonraí feidhmíochta a bhailítear, ag féachaint le tacú le glacadh le dea-chleachtas agus le cinnteoireacht níos feasaí ar leibhéal feirme.
Cabhraíonn sé, maidir leis an Scéim Mairteoil Déiríochta, le héifeachtúlacht gheilleagrach agus chomhshaoil na mairteola ón tréad déiríochta a mhéadú, agus cabhair a thabhairt do na hearnálacha déiríochta agus mairteola a chomhcheangal níos mó trí thacaíocht a thabhairt d’fheirmeoirí a bhfuil sliocht á thógáil acu ón tréad déiríochta.
Dhírigh an clár BEEP-S ar a éifeachtúla a bhaintear ba agus laonna den chíoch trí mheáchan beo an lao a thomhas nuair a bhaintear den chíoch iad mar chéatadán de mheáchan beo na bó.
Mar aitheantas ar an ról tábhachtach atá ag saincheisteanna sláinte agus leasa ainmhithe, spreagadh rannpháirtithe freisin roinnt bearta roghnacha sláinte agus leasa a chur i bhfeidhm, min a thugtar mar bheatha sula mbaintear an lao den chíoch, cláir vacsaínithe agus tástáil faecais ina measc.
Ba é an croíghníomh don Scéim Mairteoil Déiríochta laonna incháilithe a mheá dá ndéantar íocaíocht €20 in aghaidh an lao le haghaidh a mhéid le 40 lao.
Mheabhraigh an tAire d’fheirmeoirí freisin go leanfaidh an Scéim Leasa Mairteoil Déiríochta ar aghaidh sa leagan amach atá uirthi faoi láthair (laonna mairteoil déiríochta a mheá) in 2023.
Dúirt an tAire mar fhocal scoir,
“Tuigim go soiléir an tábhacht a bhaineann le híocaíochtaí faoi na scéimeanna seo don earnáil mhairteola agus leanann mo Roinn le tús áite a thabhairt do na híocaíochtaí siúd a phróiseáil a luaithe agus is féidir. Lorgaímid íocaíochtaí a eisiúint go mear dá mhéid feirmeoirí agus is féidir agus leanfaidh mé le céadtús áite a thabhairt dó seo.”
Féach, le do thoil, an cháipéis Excel atá ar ceangal ina soláthraítear miondealú de réir Contae ar na híocaíochtaí faoin Scéim