Deimhníonn McConalogue Foilsiú Dréachtphlean Straitéiseach CAP na hÉireann 2023-2027
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Dheimhnigh an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue TD, inniu go bhfuil dréachtphlean Straitéiseach CAP na hÉireann don tréimhse 2023-2027, a cuireadh faoi bhráid an Choimisiúin Eorpaigh foilsithe anois.
Dúirt an tAire McConalogue:
“Tá áthas orm a dheimhniú go bhfuil an dréachtphlean Straitéiseach CAP iomlán foilsithe anois ar láithreán gréasáin mo Roinne agus go bhfuil sé roinnte le páirtithe leasmhara tríd an gCoiste Comhairliúcháin do Pháirtithe Leasmhara CAP.
“Tá tús curtha ag an gCoimisiún Eorpach le measúnú ar an Dréachtphlean agus rachaidh sé i dteagmháil le hoifigigh mo Roinne maidir leis na sonraí sna míonna amach romhainn, d’fhonn faomhadh deiridh a fháil níos déanaí i mbliana. Táim ag tnúth le litir bharúlacha tosaigh an Choimisiúin a fháil ina leith seo, a bhfuiltear ag súil leis thart ar dheireadh mhí an Mhárta. Leanfaimid orainn ag dul i dteagmháil le páirtithe leasmhara de réir mar a fhorbróidh an próiseas sna míonna amach romhainn, lena n-áirítear tríd an gCoiste Comhairliúcháin, agus trí chruinnithe poiblí agus seisiúin faisnéise.”
Ghabh an tAire buíochas freisin lena Roinn agus lena chomhghleacaithe Rialtais as a dtacaíocht chun an dréachtphlean a fhorbairt go dtí an staid reatha.
Luaigh an tAire McConalogue an comhaontú ar thángthas air lena chomhghleacaí, an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe Michael McGrath, maidir le cómhaoiniú náisiúnta an Phlean chomh maith leis na róil a bhí ag na hAirí Stáit Pippa Hackett agus Martin Heydon le linn an phróisis.
Dúirt an tAire:
“Is margadh cothrom agus neamhdhíobhálach don fheirmeoir é seo atá maoinithe níos fearr an uair seo ná mar a bhí roimhe seo. Is ionann an maoiniú a comhaontaíodh agus méadú suntasach ar an gClár um Fhorbairt Tuaithe reatha, le pacáiste tacaíochta iomlán de €9.8 billiún thar an tréimhse 2023-2027. Tá sé seo á dhíriú go háirithe ar bhearta atá ceaptha chun torthaí feabhsaithe aeráide agus comhshaoil a bhaint amach, agus ag an am céanna an chóireáil is cothroime is féidir a áirithiú do gach feirmeoir. Is fíor-airgead é seo do theaghlaigh feirme."
Tá an plean ar fáil ag an nasc seo a leanas: www.gov.ie/cap