Deimhnithe ag an Aire McConalogue go bhfuil tús curtha le híocaíochtaí €40.4 milliún faoin gClár Mairteola um Éifeachtúlacht Chomhshaoil - Laonna Diúil
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá sé deimhnithe ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue, T.D inniu go bhfuil tús curtha le híocaíochtaí faoin gClár Mairteola um Éifeachtúlacht Chomhshaoil - Laonna Diúil (BEEP-S). Ar an iomlán, tá tús curtha le tuairim is €40.4 milliún a eisiúint le 24,400 feirmeoir.
Dúirt an tAire,
"Tá ríméad orm a dheimhniú go bhfuil tús curtha le híocaíochtaí faoi BEEP-S, ag cur leis an réimse scéimeanna tacaíochta atá ar fáil d'fheirmeoirí mairteola agus ní bheidh gá ar bith le ciorrú líneach ar na rátaí íocaíochta. Tá sé mar aidhm leis an BEEP-S éifeachtúlacht eacnamaíoch agus timpeallachta i dtréad na mbó diúil a mhéadú trí fheabhas a chur ar mhéid agus ar chaighdeán na sonraí feidhmíochta atá bailithe, agus é mar aidhm leis tacú le dea-chleachtas agus cinnteoireacht níos feasaí ag leibhéal na feirme a ghlacadh.
Dhírigh an clár ar éifeachtúlacht na mbó diúil agus laonna a bhaint den diúl - tomhaisfear meáchan beo an lao nuair a bheidh sé á bhaint den diúl mar chéatadán de mheáchan beo na bó. Mar aitheantas ar an ról tábhachtach atá ag saincheisteanna sláinte agus leasa ainmhithe tugadh spreagadh do rannpháirtithe líon beart roghnach sláinte agus leasa a chur i bhfeidhm.
Dúirt an tAire chomh maith,
"Leanfar d'íocaíochtaí sna seachtainí amach romhainn ar fud roinnt de na scéimeanna atá á gcur i bhfeidhm ag an Roinn. Is tosaíocht thábhachtach fós í don Roinn íocaíochtaí dá leithéidí a phróiseáil."
Cuireadh tús le €46.6 milliún in íocaíochtaí i mí na Samhna faoi na hÍocaíochtaí Mairteola Críochnaithe, agus tá sé beartaithe tús a chur leis na híocaíochtaí 2020 faoin gClár Géanómaíochta agus Sonraí Mairteola gan mhoill.
"Táim thar a bheith sásta go bhfuilim ábalta íocaíochtaí a chur ar fáil faoi scéim thábhachtach eile d'earnáil mairteola agus d'earnáil laonna diúil na hÉireann. Ní mór dúinn a bheith ábalta tacaíocht a chur ar fáil do na hearnálacha tábhachtacha ó tharla gur mór an leas a bhaineann leo do gheilleagair náisiúnta agus réigiúnacha na tíre agus táirgeadh mairteola inbhuanaithe a chur chun cinn," a dúirt an tAire mar fhocal scoir.
CRÍOCH