Deimhnithe ag an Aire McConalogue go bhfuil tús curtha le hÍocaíochtaí Comhardaithe faoi Scéim na Limistéar faoi Shrianta Nádúrtha 2020
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá sé deimhnithe ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue T.D. inniu, go bhfuil tús curtha leis na híocaíochtaí comhardaithe faoi Scéim na Limistéar faoi Shrianta Nádúrtha (ANC) 2020 agus go mbeidh tuairim is €40 milliún á eisiúint chuig feirmeoirí an tseachtain seo.
Dúirt an tAire
“agus tús curtha inniu leis na híocaíochtaí comhardaithe ANC, is ionann an t-iomlán atá íoctha le 95,000 feirmeoir faoi Scéim ANC 2020 go dtí seo agus €239 milliún. Tacaíocht thábhachtach í Scéim ANC d'fheirmeoirí in iomaí ceantar ar fud na tíre, ar feirmeoirí iad atá i mbun feirmeoireachta i gcuid de na timpeallachtaí is dúshlánaí sa tír. Tugann an leithdháileadh €250 milliún ar an scéim sa bhliain 2020 léargas ar aitheantas leanúnach an Rialtais ina leith na fírice seo. Tá ríméad orm chomh maith go bhfuil €250 milliún faighte agam do scéim ANC na bliana seo chugainn mar chuid de Bhuiséad 2021 agus is ionann sin agus gealltanas íocaíochta d'fheirmeoirí incháilithe.
Leanfar de shraitheanna rialta íocaíochtaí a dhéanamh faoi Scéim ANC 2020 de réir mar a bheidh cásanna á gceadú i leith íocaíochta.
Mar fhocal scoir dúirt an tAire “is tosaíocht thábhachtach de chuid mo Roinne é go ndéanfar na híocaíochtaí a phróiseáil in am trátha, toisc go dtuigim chomh tábhachtach is atá na scéimeanna seo don phobal feirmeoireachta.” Mholfainn d'fheirmeoir ar bith a bhfuil fiosruithe fós le réiteach acu freagra a thabhairt chomh luath agus is féidir chun go mbeifear ábalta an íocaíocht a eisiúint."
CRÍOCH