Soiléiríonn McConalogue an Staid maidir le Níotráití agus Íocaíochtaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’eisigh an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue T.D, ráiteas tráthnóna inniu ag soiléiriú an staid maidir leis an Maolú Níotráití agus sceideal na n-íocaíochtaí faoi CBT, tar éis cruinniú leis an ICMSA níos luaithe inniu.
Agus é ag tagairt do cheist an mhaolaithe, dúirt an tAire:
“Tá Éire ar cheann den thrí bhallstát a rinne idirbheartaíocht ar Mhaolú Níotráití. Tá liúntas na hÉireann ar an gceann is airde den trí bhallstáit sin. Éilíonn an cinneadh maolaithe reatha laghdú ó 250kg/ha go 220kg/ha i limistéir shuntasacha den tír ón 1ú Eanáir 2024, toisc nach bhfuil dóthain feabhsúcháin déanta ar cháilíocht an uisce. Gan an fhoráil sin, tá an chosúlacht láidir ann nach ndéanfaí athnuachan ar mhaolú na hÉireann ar chor ar bith, nó go mbeadh an liúntas níos ísle ón tús.
“Bhí mé féin agus mo Roinn i mbun plé mionsonraithe le Coimisiún an AE chun síneadh a lorg ar an liúntas níos airde go dtí deireadh na tréimhse reatha. Tá sé ríshoiléir anois nach dtabharfaidh an Coimisiún cuairt arís ar chinneadh maolaithe reatha na hÉireann. Tá sé tábhachtach go mbeadh a fhios sin ag feirmeoirí, ionas gur féidir leo féin agus a gcomhairleoirí ullmhú do na socruithe athbhreithnithe an bhliain seo chugainn. D’fhéadfadh scóip a bheith ann do roinnt mionathruithe ar an léarscáiliú, ach ní dócha go mbeidh tionchar aige sin ar fhormhór mór na bhfeirmeoirí maolaithe.”
Dúirt an tAire go raibh sé ríthábhachtach anois aird a dhíriú ar cháilíocht an uisce a fheabhsú chun tacú le cás inchreidte ar son athnuachan an mhaolaithe i 2026. Agus é sin san áireamh, tá Grúpa Páirtithe Leasmhara Cáilíochta Uisce Talmhaíochta bunaithe aige, chun comhdhearcadh a thógáil maidir leis an mbealach is fearr chun tacú leis an gcás seo. Thagair sé freisin do na tacaíochtaí a cuireadh ar fáil d’fheirmeoirí chun cáilíocht an uisce a fheabhsú, lena n-áirítear, liúntas caipitil luathaithe le haghaidh stórála, Tionscadal Nuálaíochta Eorpach €60 milliún do Cháilíocht Uisce, Seirbhís Chomhairleach fheabhsaithe faoin gClár ASSAP agus deontais infheistíochta chun cabhrú le feirmeoirí cáilíocht uisce a fheabhsú.
Agus é ag tagairt do thacaíochtaí d’infheistíocht chaipitil, dúirt an tAire:
“Bhí mé sásta a bheith in ann a chur in iúl don ICMSA inniu go mbeidh mo Roinn ag glacadh le 100% de na hiarratais incháilithe ar Thráinse 2 ar TAMS, iad siúd a bhaineann le stóráil sciodair san áireamh. Tá a fhios agam go raibh an-imní orthu go raibh feirmeoirí ag fanacht le ceaduithe do thionscadail chaipitil chun cáilíocht an uisce a fheabhsú. Thug mé le fios inniu go bhfógródh mo Roinn, sna laethanta amach romhainn, córas chun tosaíocht a thabhairt do chásanna formheasta práinneacha le haghaidh saoráidí stórála sciodair agus aoiligh, agus infheistíochtaí práinneacha a bhaineann le leas ainmhithe, a theastaíonn do gheimhreadh na bliana 2024. Beidh fógra eile á dhéanamh agam faoi seo go luath.”
Thagair an tAire freisin do na dátaí atá beartaithe le haghaidh íocaíochta faoi CBT nua:
“Níos luaithe i mbliana scríobh mé chuig feirmeoirí ag cur síos ar na dátaí íocaíochta do scéimeanna faoin gComhbheartas Talmhaíochta nua. Bhí sé tábhachtach a bheith díreach le feirmeoirí faoi na himpleachtaí maidir le dáta íocaíochta a thiocfadh as an CBT nua agus an-difriúil seo. Táim ag súil go n-eiseofar níos mó ná €1.8 billiún in íocaíochtaí d’fheirmeoirí roimh dheireadh na bliana, agus gurb í Éire an chéad Bhallstát san Eoraip a dhéanfaidh íocaíochtaí den sórt sin. Beidh mé ag scríobh chuig feirmeoirí sna laethanta amach romhainn chun na dátaí seo a chur i gcuimhne dóibh, ach i mbeagán focal, is dócha go mbeidh íocaíochtaí faoin Scéim ANC (Limistéir Srianta Nádúrtha) thart ar thrí seachtaine níos déanaí ná mar a eisíodh anuraidh, agus is dócha go dtosóidh íocaíochtaí faoin Tacaíocht Bhun-Ioncaim le haghaidh Inbhuanaitheachta (BISS) timpeall seachtain amháin níos déanaí ná íocaíochtaí faoi Scéim na hÍocaíochta Bunúsaí (BPS) na bliana seo caite.
B'fhearr liom a bheith in ann na híocaíochtaí seo a dhéanamh níos luaithe, ach níl sé sin indéanta i mbliana. Bhí áthas orm a bheith in ann a dheimhniú don ICMSA inniu, áfach, go dtabharfaimis na dátaí íocaíochta seo ar aghaidh an bhliain seo chugainn nuair a bheidh an CBT nua leabaithe isteach”.
Mar fhocal scoir, dúirt an tAire:
“Táim ag tnúth le caidreamh leanúnach leis na heagraíochtaí feirme ar fad mar chuid de thabhairt chun críche na idirbheartaíochta maidir le Cairt na bhFeirmeoirí, agus le cur i bhfeidhm na spriocanna gaolmhara faoi choiste monatóireachta neamhspleách.
Leanfaidh mo Roinn de bheith ag tógáil ar iarrachtaí suntasacha cheana féin chun a chinntiú go mbeidh an t-aistriú go dtí clárthréimhse nua chomh réidh agus is féidir.
Táim lántiomanta i gcónaí a chinntiú go bhfaighidh gach feirmeoir íocaíochtaí a luaithe is féidir agus leanfaidh mé ag iarraidh feabhsuithe agus éifeachtúlachtaí a lorg le mo Roinn in imeacht ama agus de réir mar a thagann athrú ar an gclárthréimhse.
CRÍOCH