Deis thábhachtach chun iarratais BISS a cheartú gan phionós
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Thug an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara le fios inniu go bhfuil fógraí maidir leis na Réamhsheiceálacha faoi Thacaíocht Bhunúsach Ioncaim i dtaobh na hInbhuanaitheachta 2023 (BISS) agus scéimeanna eile bunaithe ar cheantar á n-eisiúint anois d'fheirmeoirí.
Sainaithneofar sna réamhsheiceálacha aon ró-éilimh, forluí nó dé-éilimh. Eisítear fógraí nuair a aimsíonn an Roinn earráid den sórt sin ar iarratas BISS an fheirmeora in 2023.
I gcás ina bhfaigheann feirmeoir nó gníomhaire réamhfhógra seiceála, ba cheart dóibh logáil isteach ar www.agfood.ie agus freagra a thabhairt roimh spriocdháta an 5 Iúil 2023.
Tá fógraí a bhaineann leis an gCóras Monatóireachta Ceantair (AMS) le tosú an tseachtain seo chugainn. Is é an chéad bhabhta d'fhógraí AMS ná go bhféadfadh dromchlaí saorga a bheith ann e.g., foirgnimh, síntí clóis feirme agus bóithre feirme, i ndáileacht(aí) talún. Beidh go dtí an 10 Iúil 2023 ag feirmeoirí freagra a thabhairt ar na fógraí sin. Eiseofar babhtaí eile d'fhógraí AMS níos déanaí sa bhliain.
Tugann na Réamhsheiceálacha agus na fógraí AMS seo deis don fheirmeoir lochtanna lena n-iarratas BISS a chur ina gceart gan phionós. Ba chóir d'fheirmeoirí agus do chomhairleoirí an chuid comhfhreagrais dá gcuntas ar líne BISS a sheiceáil. Sa chás go bhfuil feirmeoir cláraithe le haghaidh foláirimh teachtaireachta téacs, eiseofar téacs chun a chur in iúl dóibh go bhfuil fógra acu ar a gcuntas BISS.
Tá treoir úsáideora agus doiciméid ceisteanna coitianta ar fáil ag: https://www.gov.ie/en/service/4ae67-basic-income-support-for-sustainability-biss-scheme/#biss-help-guides-and-videos
Más mian le feirmeoirí teagmháil a dhéanamh leis an roinn is féidir leo é sin a dhéanamh ag: