Deontais de luach €1.1m fógartha ag McConalogue chun tacú le hinfheistíochtaí de luach €3m arna ndéanamh ag 19 fiontar bia mara
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Inniu, d’fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue TD, go n-íocfar €1,105,022 i ndeontais do 19 bhfiontar dobharshaothraithe agus próiseála bia mara faoin gClár um an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh (CEMI) de chuid a Roinne. Tacóidh na dámhachtainí deontais leis an infheistíocht iomlán €2,957,627 a dhéanfar sna gnólachtaí seo. Déanann Rialtas na hÉireann agus an tAontas Eorpach na deontais a chomhchistiú, agus tagann na deontais go léir faoi réir téarmaí agus coinníollacha.
Agus na deontais á bhfógairt aige, dúirt an tAire McConalogue,
“Tá ríméad orm dámhachtainí deontas a fhógairt inniu le haghaidh 16 thionscadal infheistíochta dobharshaothraithe, ag cur leis na 28 tionscadal dobharshaothraithe a d’fhógair mé ar an 5 Márta. D’ainneoin na gcúinsí neamhchinnteachta gnó arna gcruthú ag Brexit agus Covid, tá fonn mór á léiriú ag earnáil dobharshaothraithe na tíre seo infheistíocht a dhéanamh ina ngnólachtaí féin agus borradh a chur fúthu. Ar an iomlán, tá €2.8 milliún i ndámhachtainí deontas fógartha agam le haghaidh 44 fiontar dobharshaothraithe in 2021 agus tá €6.9 milliún d’infheistíochtaí inár n-earnáil dobharshaothraithe á thacú leis na dámhachtainí seo”.
Dúirt an tAire McConalogue freisin:
“Tá 13 de na tionscadail infheistíochta dobharshaothraithe a fuair tacaíocht go dtí seo in 2021 lonnaithe i gContae Dhún na nGall, agus tá 8 díobh i gCiarraí agus 7 díobh i gCorcaigh. Is infheistíochtaí i bhfeirmeacha oisrí iad an chuid is mó de na tionscadail arna dtacú le Clár CEMI na Roinne in 2021, agus is infheistíochtaí i bhfeirmeacha oisrí iad 11 as na 13 tionscadal arna dtacú i gCo. Dhún na nGall. Cuireann sé sin Dún na nGall i lár an aonaigh ó thaobh earnáil seo na n-oisrí atá i mbun fáis anois”.
Nóta d’Eagarthóirí:
Ghlac an Coimisiún Eorpach le Clár Oibriúcháin CEMI na hÉireann 2014-2020 i mí na Nollag 2015 agus sheol an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara é i mí Eanáir 2016. Tá €240m i maoiniú á chur ar fáil tríd an gclár don earnáil bia mara (iascaigh, dobharshaothrú agus próiseáil bia mara) sa tréimhse 2014 go 2020. Déanann Rialtas na hÉireann agus an tAontas Eorpach an Clár a chomhchistiú.
Tá dhá scéim tacaíochta CEMI ar fáil don earnáil dobharshaothraithe: Tacaíonn Scéim an Dobharshaothraithe Inbhuanaithe le hinfheistíocht chaipitiúil arna déanamh ag fiontair dhobharshaothraithe chun táirgiúlacht a mhéadú ar bhonn inbhuanaithe, agus tionchar comhshaoil an dobharshaothraithe a laghdú freisin. Leis an Scéim um Thairseach Eolais , déantar nuálaíocht, forbairt theicneolaíoch agus bainistiú galair san earnáil dobharshaothraithe a chur chun cinn agus a thacú, mar aon le tacaíocht a thabhairt do sheirbhísí comhairleacha gairmiúla.
Tá trí scéim tacaíochta ar fáil don earnáil próiseála bia mara chun nuálaíocht, breisluacháil, forbairt margaí nua agus infheistíocht i dtrealamh agus in áitribh nua a chothú agus a thacú. Tríd an Scéim Infheistíochta Caipitil um Próiseáil Bia Mara , cuirtear cúnamh suas go 30% ar fáil d’áitribh próiseála bia mara chun infheistíocht chaipitiúil a spreagadh ó thaobh acmhainn táirgiúlachta breisluacha de. Tríd an Scéim Forbartha Scálaithe um Bia Mara & Margaí Nua , cuirtear cúnamh suas go 50% ar fáil do ghrúpaí d’fhiontair phróiseála bia mara a oibríonn i gcomhar chun easpórtálacha nua a fhorbairt. Tríd an Scéim Nuálaíochta Bia Mara & Pleanála Gnó , cuirtear cúnamh suas go 50% ar fáil d’fhiontair phróiseála bia mara chun nuálaíocht a chothú ó thaobh táirgí nua a fhorbairt,
Faomhadh deontais - Scéim um Dheontas Dobharshaothraithe Inbhuanaithe
Tairbhí | Suíomh | Tionscadal | Infheistíocht Iomlán | Deontais CEMI |
Allihies Seafood Limited | Corcaigh | Feirm feamainne a fhorbairt | €121,764 | €60,882 |
Crookhaven Fishermen’s Association Ltd. | Baile Átha Cliath | Feirm ramhraithe feamainne a thógáil | €143,963 | €71,981 |
Atlantic Sea Farms Limited | Corcaigh | Cur le hacmhainn táirgiúlachta ar fheirm diúilicíní atá ar an bhfód cheana | €90,722 | €36,289 |
Sam Lowes, Uasal | Ciarraí | Feirm oisrí nua a bhunú i Neidín | €14,019 | €7,009 |
Bantry Marine Research Station Limited | Corcaigh | Infheistíocht i mbonneagar agus trealamh feirme | €139,201 | €55,680 |
Carl Daly, Uasal | Ciarraí | Bairillí snámhachta diúilicíní a uasghrádú chun a bheith i gcomhréir le moltaí maidir le Limistéir Chaomhantais Speisialta (SACanna) | €5,580 | €2,231 |
Loughros Beg Specials Ltd | Dún na nGall | Suíomhanna nua oisrí a leathnú agus a fhorbairt | €180,581 | €72,232 |
Feirm Farraige Oilean Chliara Teoranta | Dún na nGall | Córas na gCuaillí, Málaí AGD & Bád Oibre | €1,158,443 | €347,533 |
Killary Fjord Shellfish Limited | Gaillimh | Éifeachtúlacht a mhéadú agus timpeallacht shábháilte ghlan a chur ar fail le haghaidh pacála na ndiúilcíní | €94,783 | €37,913 |
O’Sullivan McCarthy Mussel Development | Maigh Eo | Meaisín chun oisrí a chur i mála & iompróir a cheannach le haghaidh na próiseála oisrí | €17,470 | €6,988 |
Realt Na Mara Shellfish Limited | Ciarraí | Báirse, teiliompróir & gineadóir a cheannach chun feabhas a chur ar mhodhanna sábhála | €159,237 | €63,695 |
Tavne Ltd t/a Achill Oysters Hugh O’Malley, Uasal | An Clár | Méadú acmhainne ó thaobh oisrí a tháirgeadh agus trealamh nua a cheannach | €14,950 | €5,980 |
Sliogéisc na Rossan Teoranta | Dún na nGall | Táirgeadh oisrí a mhéadú | €105,490 | €42,196 |
Sliogéisc Inisheane Teoranta | Dún na nGall | Méadú acmhainne ó thaobh pór oisrí de | €18,000 | €7,200 |
Iomlán: | €2,264,203 | €817,810 |
Faomhadh Deontais - Scéim um Thairseach Eolais
TairbhÍ | Suíomh | Tionscadal | Infheistíocht Iomlán | Deontais CEMI |
Simon Hogan, Uasal | Port Láirge | Seirbhísí Comhairleacha gairmiúla chun tacú le feirm Feamainne a bhunú i mBá Dhún Garbháin | €5,000 | €2,500 |
Ollscoil na hÉireann, Gaillimh | Gaillimh | ShellAqua – Uirlisí a fhorbairt chun seirbhísí éiceachórais arna gcur ar fáil ag an earnáil dobharshaothraithe sliogéisc a chainníochtú | €162,729 | €162,729 |
Iomlán: | €167,729 | €165,229 |
Faomhadh Deontais - Scéim Infheistíochta Caipitil um Próiseála Bia Mara
Tairbhí | Suíomh | Tionscadal | Infheistíocht Iomlán | Deontais CEMI |
Errigal Bay Limited | Dún na nGall | Caiteachas Caipitiúil | €399,695 | €84,183 |
Ilen Seafood Limited | Corcaigh | Luach a chur le Salán | €63,000 | €18,900 |
Atlantis Seafood | Loch Garman | Luach a chur le Salán Dramhaíl Éisc | €63,000 | €18,900 |
Iomlán: | €525,695 | €121,983 |
CRÍOCH