Cuairt tugtha ag an Aire McConalogue agus an tAire Poots ar fheirm thaighde Devenish
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Bhí an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara Charlie McConalogue TD, i gcuideachta lena chomhghleacaí i dTuaisceart Éireann, Edwin Poots MLA, chun cuairt a thabhairt timpeall ar fheirm thaighde Devenish i nDubhadh, Co na Mí an tseachtain seo caite.
Dúirt an tAire McConalogue: “Is cuideachta cheannródaíoch den chéad scoth í Devenish, faoi stiúir chathaoirleach Owen Brennan agus an POF, Richard Kennedy, a infheistíonn go straitéiseach ar thús cadhnaíochta sa taighde talmhaíochta inbhuanaithe, rud a gcuirim fáilte mhór roimhe’.
Taispeánadh cuid mhaith de thionscadal taighde Devenish don bheirt Airí, maidir lena turas i dtreo an glancharbóin nialas, an ról atá ag an gcothú ainmhithe i bhfeabhsú shláinte an duine, ag baint úsáide as an saibhriú Omega 3 náúrtha chomh maith le Tionscadal Marie Curie an AE, Heartland. Bhí an tAire in ann stair dhochreidte na feirmeoireachta ar an láithreán a fheiceáil lena dhá shúil féin, stair a théann siar na mílte bliain agus atá anois á ailíniú le taighde ceannródaíoch mar shampla úsáid mhínligh ilspeicis chun feidhmíocht chomhshaoil agus eacnamaíoch araon maidir leis an táirgeacht mairteola agus uaineoil araon a fheabhsú.
“Leis an taighde atá curtha ar aghaidh ag Devenish tá an talmhaíocht in Éirinn agus an tír í féin curtha i gcroílár na gluaiseachta domhanda chun córas táirgeachta bia níos inbhuanaithe a chur i gcrích. Leis an taighde atá á déanamh anseo, deimhneofar go leanfaidh an talmhaíocht in Éirinn agus feirmeoirí na hÉireann ar aghaidh chun tosaigh maidir leis an soláthar bia sábháilte agus inbhuanaithe.
“Bhí áthas orm go bhfuil an tAire Poots in ann teacht in éineacht liom ar an gcuairt seo ar fheirm Devenish agus seo an tionscnamh is déanaí i líon fada de thionscnaimh chomhroinnte ina bhfuilimid an bheirt againn ag glacadh páirt iontu. Tá an bheirt againn tiomanta go dtabharfaí aghaidh ar fhadhbanna a bhfuil leas ag an mbeirt againn iontu mar chuid dár gcur chuige um oileán comhroinnte. Tá ár n-earnálacha talmhaíochta fite fuaite lena chéile agus is fearr a fhreastalaímid ar fheirmeoirí i bPoblacht na hÉireann chomh maith le Tuaisceart Éireann má ghlactar le cur chuige comhchoiteann.
“Tá inbhuanaitheacht an chomhshaoil agus ár n-ioncam feirme i gcroílár an fhís atá agam féin agus ag an Aire Poots."
CRÍOCH