Fáiltíonn an tAire Ryan roimh fhoilsiú reachtaíochta chun aghaidh a thabhairt ar bhrabúis amhantair san earnáil fuinnimh
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair Eamon Ryan, an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, inniu gur foilsíodh an Bille Fuinnimh (Gnóchain Amhantair san Earnáil Fuinnimh) (Uasteorainn le hIoncaim Mhargaidh).
Foráiltear leis an mBille d’uasteorainn a chur leis na hioncaim mhargaidh a ghin gineadóirí nach gineadóirí gáis iad sa mhargadh leictreachais mórdhíola idir mí na Nollag 2022 agus Meitheamh 2023, agus an dá mhí sin san áireamh, mar atá leagtha amach i Rialachán (AE) 2022/1854 ón gComhairle.
Is sa raon idir €80 milliún agus €150 milliún atá na fáltais mheasta ón uasteorainn le hioncaim mhargaidh. Coinneofar na fáltais sin agus úsáidfear iad san earnáil leictreachais chun tacaíochtaí airgeadais a sholáthar do theaghlaigh agus gnólachtaí a ndéanann praghsanna arda fuinnimh difear dóibh.
Tagann foilsiú an Bhille sin sna sála ar achtú an Achta Fuinnimh (Gnóchain Amhantair san Earnáil Fuinnimh) (Ranníoc Dlúthpháirtíochta Sealadach), 2023, an mhí seo caite. I gcás cuideachtaí a thagann faoi raon feidhme an Achta sin, ceanglaíodh orthu clárú leis na Coimisinéirí Ioncaim faoin 30 Lúnasa agus ceanglófar orthu a dtuairisceán a chomhdú agus Ranníocaíocht Dlúthpháirtíochta Shealadach na bliana 2022 a íoc faoin 23 Meán Fómhair 2023.
San iomlán, meastar gur féidir le gnóthachain amhantair ar fud na Ranníocaíochta Dlúthpháirtíochta Sealadaí agus na huasteorann margaidh araon idir €280 milliún agus €600 milliún a chruinniú, ag brath ar phraghsanna gáis mórdhíola, chun tacú le sealbhóirí tí agus gnólachtaí agus le gníomhartha ar son na haeráide.
Dúirt an tAire Ryan:
"Fáiltím roimh fhoilsiú an Bhille seo. Is é an toradh a bheidh air ná go mbaileofar ioncam suntasach, a úsáidfear ansin chun an tionchar atá ag praghsanna arda fuinnimh ar thomhaltóirí leictreachais a mhaolú."
D’fhógair an tAire freisin go bhfuil sé beartaithe aige an Bille seo a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais ar atosú na Dála tar éis shos an tsamhraidh.
Leagtar amach sa Bhille na hamlínte ar laistigh díobh a cheanglófar ar chuideachtaí dearbhuithe foirmiúla agus íocaíochtaí a dhéanamh leis an gCoimisiún um Rialáil Fóntais. Is iad seo a leanas na hamlínte sin:
CRÍOCH
Mar thoradh ar an gcogadh san Úcráin, tá méaduithe suntasacha tagtha ar phraghsanna gáis nádúrtha mórdhíola. Mar thoradh air sin, tá tomhaltóirí ag íoc praghsanna níos airde as gás agus as leictreachas. Chomh maith leis sin, ba as praghsanna arda gáis mórdhíola a tháinig gnóthachain amhantair do roinnt eintiteas san earnáil táirgthe breoslaí iontaise agus san earnáil mínchóireála breoslaí iontaise agus san earnáil leictreachais.
An 22 Samhain 2022, d’fhógair an rialtas bearta chun aghaidh a thabhairt ar ghnóthachain amhantair san earnáil fuinnimh trí Rialachán (AE) 2022/1854 ón gComhairle a chur chun feidhme. Ba iad na bearta sin ná an Ranníocaíocht Dlúthpháirtíochta Shealadach ar tháirgeadh agus scagadh breoslaí iontaise agus Uasteorainn le hIoncaim Mhargaidh ar ghineadóirí áirithe leictreachais.
Tháinig an tAcht Fuinnimh (Gnóchain Amhantair san Earnáil Fuinnimh) (Ranníoc Dlúthpháirtíochta Sealadach), 2023, i bhfeidhm an 2 Lúnasa 2023. Foráiltear leis an Acht sin do chur chun feidhme na ranníocaíochta dlúthpháirtíochta sealadaí atá leagtha amach i Rialachán (AE) 2022/1854 ón gComhairle an 6 Deireadh Fómhair 2022 maidir le hidirghabháil éigeandála chun aghaidh a thabhairt ar phraghsanna arda fuinnimh.
Maidir leis an Ranníocaíocht Dlúthpháirtíochta Shealadach:
Meastar gur sa raon idir €200 milliún agus €450 milliún a bheidh na fáltais a chruinneofar leis an Ranníocaíocht Dlúthpháirtíochta Shealadach. Tá na meastacháin sin rí-íogair fós i leith praghsanna gáis mórdhíola, a ndéanann an aimsir, leibhéil stórála gáis agus forbairtí an chogaidh san Úcráin, mar shampla, difear dóibh.