Dearbhaíonn an tAire an athuair go bhfuil gach feirmeoir diúil incháilithe don Scéim Leasa Mairteola
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Scéim tacaíochta €20m d’fheirmeoirí diúil le hoscailt i mí Lúnasa
D’athdhearbhaigh an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue T.D., inniu, gur féidir le gach feirmeoir, a bhfuil ba diúil incháilithe acu, ar rugadh lao incháilithe dóibh le linn na tréimhse cuí, cur isteach ar scéim leasa mairteola na bliana seo. Tosófar ag glacadh le hiarratais don scéim €20m i mí Lúnasa, mar a d’fhógair an tAire níos luaithe i rith na seachtaine.
Ag labhairt dó faoin méid sin, dúirt an tAire McConalogue:
“Bhí an-áthas orm €20m a fhógairt le déanaí, a fuair mé i mbuiséad 2024, chun scéim nua leasa mairteola a reáchtáil i mbliana. Táim sásta go mór mór toisc go bhfuilim ag cur le mo ghealltanas de €200 in aghaidh na bó diúil agus an lao d’fheirmeoirí.
“Geallaim gur féidir le gach feirmeoir diúil cur isteach ar an scéim má rugadh laonna ar an bhfeirm idir 1 Iúil 2023 agus 30 Meitheamh 2024. Is éard is brí leis seo ná go bhfuil siad go hiomlán i dteideal an €35 don bheathú mine agus an €15 don bheart vacsaín araon a tharraingt anuas, chomh luath is a bhíonn na céimeanna curtha i gcrích acu. Níl ach dhá bheart i gceist leis an scéim ionas go mbeidh sé chomh héifeachtach agus is féidir do gach rannpháirtí.”
Chuir an tAire leis sin:
“Fiú sa líon beag cásanna inar díoladh laonna a rugadh an fómhar seo caite mar laonna scoite, tá feirmeoirí fós go hiomlán incháilithe don scéim. Is féidir leo cur isteach ar íocaíocht don dá ghníomh, má rinneadh an dá cheann sular díoladh na laonna scoite. Sá chás nach raibh vacsaín faighte ag na laonna, ní bheidh siad i dteideal an €15, ach beidh an feirmeoir fós i dteideal na híocaíochta don bheathú mine, arb ionann é agus €35 as an íocaíocht €50 in aghaidh an ainmhí. Leanann sé seo an patrún céanna leis na scéimeanna a bhí ann roimhe seo, lena n-áirítear Scéim Leasa Mairteola na bliana seo caite. É sin ráite, dá difríocht ann idir an dá scéim, is é sin gur athraigh mé an scéim ionas nach ngearrtar aon phionós ar an mbeathú mine sa chás nach gcuireann an feirmeoir isteach ar an dara beart.”
“Mholfainn do gach feirmeoir diúil cur isteach ar an maoiniú agus leas a bhaint as, toisc gur foinse thábhachtach ioncaim é don earnáil.” A dúirt an tAire McConalogue, mar fhocal scoir.
DEIREADH