Téann Éire isteach i gClár Slándála Rialtais Microsoft (GSP)
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá sé fógartha ag an rialtas go bhfuil sé tar éis dul isteach i gClár Slándála Rialtais Microsoft (GSP). Cabhróidh an GSP leis an rialtas bonneagar ríthábhachtach náisiúnta a chosaint ar chibearionsaithe.
Le rannpháirtíocht na hÉireann sa chlár cuideofar le rochtain rialaithe ar chód foinseach, malartú faisnéise faoi bhagairtí agus faisnéis luathrabhaidh leochaileachta, agus an cumas gabháil d’ábhar teicniúil faoi tháirgí agus seirbhísí Microsoft.
Dúirt an tAire Stáit le freagracht as Cumarsáid, r-Rialtas agus Geilleagar Ciorclach, Ossian Smyth:
"Úsáidtear táirgí Microsoft go forleathan ag comhlachtaí poiblí agus príobháideacha araon. Beidh an chomhpháirtíocht nua seo idir Microsoft agus Éire ina príomh-chumasóir chun bonneagar digiteach an Stáit a chosaint ó chibearbhagairtí."
Ar cuairt ar cheanncheathrú Microsoft i Redmond, Washington, dúirt Stiúrthóir an Lárionaid Náisiúnta Cibearshlándála (LNCS), an Dr. Richard Browne:
"D'oibrigh Microsoft agus an LNCS go dlúth le chéile ar roinnt saincheisteanna cibearshlándála le roinnt blianta anuas. Le fógra an lae inniu cuirtear an comhar sin ar bhonn foirmiúil. Soláthraíonn rannpháirtíocht i gClár Slándála Rialtais Microsoft acmhainn thábhachtach eile ar féidir leis an LNCS a úsáid chun an rialtas agus bonneagar ríthábhachtach a chosaint ar an mbagairt leanúnach ó chibear-ionsaithe."
Agus é ag tagairt don fhógra, dúirt an Dr. Frank O’Donnell, Ceannaire Earnála Poiblí, Microsoft Ireland:
"Tá an-áthas ar Microsoft fáilte a chur roimh Rialtas na hÉireann chuig Clár Slándála Rialtais Microsoft, ag teacht isteach le breis agus 45 tír agus eagraíocht idirnáisiúnta eile a bhfuil bhreis is 90 gníomhaireacht mar ionadaithe orthu. Táimid ag tnúth le bheith ag obair leis an rialtas chun tuilleadh muiníne a chothú trí thrédhearcacht."
Chomh maith le cuairt a thabhairt ar Microsoft agus dul ar camchuairt ar a Aonad Coireanna Digiteacha, d'fhreastail an tAire Stáit Smyth agus Stiúrthóir an LNCS ar shraith imeachtaí ar chósta thiar na Stát Aontaithe le roinnt ionadaithe poiblí, cuideachtaí teicneolaíochta faisnéise agus cuideachtaí cibearshlándála.
CRÍOCH
Bunaíodh an Lárionad Náisiúnta Cibearshlándála (LNCS) in 2011 agus is aonad cibearshlándála oibriúcháin é de chuid na Roinne Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide. Tá an LNCS freagrach as comhairle agus eolas a chur ar an Rialtas, ar sholáthraithe Bonneagair Chriticiúil Náisiúnta, ar ghnó agus ar an bpobal i gcoitinne faoi bhagairtí agus leochaileachtaí reatha a bhaineann le slándáil faisnéise líonra.
Is iad príomhróil an LNCS bheith i gceannas ar bhainistiú mórtheagmhais chibearshlándála ar fud an rialtais, treoir agus comhairle a sholáthar do shaoránaigh agus gnólachtaí maidir le mórtheagmhais chibearshlándála, agus caidreamh láidir idirnáisiúnta a fhorbairt sa phobal cibearshlándála domhanda chun críocha faisnéis a roinnt.
I mí Iúil 2021 d’aontaigh an rialtas le leathnú suntasach ar LNCS agus tá an t-aonad le méadú faoi dhó faoi dheireadh na bliana seo.
Leagtar amach in Leas a bhaint as Digitiú – Creat Digiteach na hÉireann a seoladh le déanaí uaillmhian na hÉireann a bheith ina ceannaire digiteach i gcroílár forbairtí digiteacha Eorpacha agus domhanda. Leagtar amach ann conair chun an t-aistriú digiteach ar fud an gheilleagair agus ár sochaí a thiomáint agus a chumasú. Tá sé mar aidhm aige leas ár saoránach, éifeachtúlacht na seirbhísí poiblí, chomh maith le táirgiúlacht, iomaíochas, nuálaíocht agus inbhuanaitheacht ár ngeilleagair a uasmhéadú. Is féidir tuilleadh sonraí a fháil ag: gov.ie - Leas a bhaint as Digitiú - Creat Digiteach na hÉireann
Is éard atá in Deich mBliana Digiteacha na hEorpa fís an AE maidir le claochlú digiteach faoi 2030. Molann Coimisiún an AE Compás Digiteach do Dheich mBliana Digiteacha an Aontais a fhorbróidh timpeall ar cheithre phointe lárnacha. Tá an chéad dá cheann dírithe ar: bonneagair dhigiteacha; agus oideachas agus scileanna. Tá an dá cheann eile dírithe ar bhunathrú digiteach ar ghnó agus seirbhísí poiblí.
Leis an Straitéis um Nascacht Dhigiteach d’Éirinn tacaítear go díreach leis an ngné infreastruchtúir dhigitigh a bhfuil cur síos déanta air in Leas a Bhaint as Digitiú – Creat Digiteach na hÉireann. Sa Straitéis um Nascacht Dhigiteach d’Éirinn tugtar aghaidh freisin ar cholún an bhonneagair dhigitigh de chuid Deich mBliana Digiteacha na hEorpa
D’óstáil an Roinn comhairliúchán poiblí le déanaí ar an dréacht-Straitéis um Nascacht Dhigiteach d’Éirinn. Leagtar amach sa dréacht-straitéis uaillmhian an Stáit maidir le nascacht dhigiteach a bhaint amach faoi 2030. Leagtar amach inti freisin na 'cumasóirí' príomha a chinnteoidh go mbainfear amach na spriocanna sin. Áirítear leis na 'cumasóirí' seo: