Chuir an tAire fáilte roimh an Uachtarán Higgins agus Uachtarán na Portaingéile ar chuairt ar Árthach Náisiúnta Taighde Mara nua na hÉireann
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D'fhear an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue, fáilte roimh Uachtarán na hÉireann Michael D. Ó hUiginn agus roimh Uachtarán na Portaingéile Marcelo Rebelo de Sousa inniu agus iad beirt ar cuairt (arna hóstáil ag an Institiúid Mara) ar árthach naisiúnta taighde atá nuachoimisiúnaithe, mar atá RV Tom Crean, atá ar ancaire i gceantar dugaí Bhaile Átha Cliath. Tá an tUachtarán de Sousa ar cuairt stáit ar Éirinn faoi láthair.
Chas an tUachtarán Ó hUiginn agus an tUachtarán de Sousa leis an Aire McConalogue, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin na hInstitiúide Mara an Dr Paul Connolly, agus Cathaoirleach na hInstitiúide an Dr John Killeen agus tugadh toscaireacht na n-Uachtarán ar turas ar an árthach taighde mara nua tar éis dó filleadh ó thura ina ndearnadh suirbhé measúnaithe ar iascaigh sa mhuir Cheilteach. Rinneadh an t-árthach a choimisiúnú ar an 6 Deireadh Fómhair ag searmanas i nDaingean Uí Chúis, Co. Chiarraí, searmanas a raibh Crean i láthar ann. Rinne baill foirne de chuid na hInstitiúide Mara an teicneolaíocht úrscothach atá ar an long a mhíniú, ar teicneolaíocht í a chuirfidh go mór le cumas na hÉireann tabhairt faoina lán suirbhéanna éagsúla de chuid na heolaiochta aigéan, páirt a ghlacadh i dtionscadail taighde chomhoibríocha idirnáisiúnta agus sonraí agus eolas aigéan a fháil a bheidh bunriachtanach chun bonn a cur faoin mbainistíocht inbhuanaithe ar ár n-acmhainní iomadúla mara.
Bhí ionadaithe den iomad Roinn rialtais i láthair ar an árthach, lenar áiríodh an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, chomh maith leis an iomad ball foirne de chuid na hInstitiúide Mara. Áiríodh leis an bplean turais freisin cruinniú gairid le cíoradh a dhéanamh ar réimsí beartais aigéan na hÉireann agus na Portaingéile atá ag teacht chun suntais agus ar an gcaoi ar féidir comhoibriú níos fearr i leith na haigéaneolaíochta agus an taighde tairbhe a dhéanamh don bheartas, dár saoránaigh agus don domhan.
Bhí le rá ag an Aire Charlie McConalogue:
“Is mór an onóir dúinn fáilte a fhearadh roimh an Uachtarán Ó hUiginn agus an Uachtarán de Sousa chuig an RV Tom Crean inniu, le teicneolaíocht cheannródaíoch agus lenár nua-árthach taighde úrscothach a chur i láthair chomh le tábhacht na haigéaneolaíochta a phlé. Cuireann an t-árthach seo de chumas na hÉireann tuiscint níos doimhne a fháil ar an áigéan agus aghaidh á tabhairt ar na mórdhúshláin domhanda a bhaineann leis an athrú aeráide, leis an mbithéagsúlacht agus leis an tseasmhacht bhia. An saothar eolaíoch atá á dhéanamh ar an árthach seo, beidh sé sin ina chuidiú le bainistíocht inbhuanaithe ar ár n-acmhainní beo mara a sholáthar agus le cinntiú go gcoinneofar ar thús áite a thabhairt do soláthar bia mara inbhuanaithe inár gclár oibre aigéaneolaíochta”.
Tá athrú suntasach tar éis teacht ar an mbeartas domhanda le blianta beaga anuas, mar gheall ar théarnamh COVID-19 agus ar thionchar leanúnach an chogaidh san Úcráin. Is féidir go mbeidh an tAigéan in ann dul i ngleic le cuid mhaith de na réimsí beartais nua sin lena n-áirítear seasmhacht bhia agus fuinnimh agus an t-athrú aeráide. Tá ról tábhachtach ag an eolaíocht sa mhéid sin agus beidh an-tábhacht leis an gcomhoibriú idir thíortha Atlantacha. Tá sa mhéid sin go léir deiseanna d’Éirinn agus don Phortaingéil maidir le réimse na haigéaneolaíochta de. Sa phlé neamhfhoirmeálta a rinneadh ar an long, díríodh ar bhia mara inbhuanaithe, mar a dhéanaimid bainistíocht ar ár spás aigéin (pleanáil spáis mhara), mar a dhéanaimid an bhithéagsúlacht mhara a chosaint (limistéir mhara faoi chosaint), fuinnimh amach ón gcósta inbhuanaithe, mar a théann an t-aigéan i bhfeidhm ar an athrú aeráide agus mar a théann an t-athrú aeráide i bhfheidhm ar an aigéan.
Bhí le rá ag an Dr Paul Connolly, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin na hInstitiúide Mara,
“Tá Éire agus an Phortaingéil suite ar theorainneacha an Atlantaigh agus mar gheall ar a thábhachtaí agus atá an t-aigéan lenár gcoinneáil beo, tá ríthábhacht leis an bplé seo. Táimid tar éis caidreamh láidir oibre leis an bPortaingéil a fhorbairt i gcaitheamh na mblianta agus treisíonn an Chuairt Stáit seo leis an gcaidreamh láidir sin agus tugann sí caoi dúinn tuilleadh comhoibrithe a dhéanamh maidir tionscadail ar an Atlantach atá á maoiniú ag an Aontas Eorpach go háirithe”.
Meitheamh na bliana seo, shínigh an Institiúid Mar agus Instituto Português do Mar e da Atmosfera (IPMA) Meabhrán Tuisceana (MT), a ceapadh i riocht agus go dtógfar ar a gcomhoibriú fadbhunaithe agus go bhforbrófar comhpháirtíochtaí nua maidir le comhoibriú straitéiseach ar thaighde ar an aigéan Atlantach go háirithe.
Áireofar leis an gcomhoibriú i gcreat MTG forbairt inniúlachta, oiliúint agus malartú saineolais agus foirne, agus comhaontas straitéiseach a fhorbairt le tograí taighde a réiteach. Áirítear leis freisin comhthionscadáil taighde a dhéanamh, comhdhálacha, seimineáir agus ceardlanna a chomheagrú.
Le tuilleadh eolais a fháil, déan teagmháil leis na daoine seo a leanas:
Sinéad Coyne, an Institiúid Mara sinead.coyne@marine.ie m. +353 (0)87 947 7090
Sheila Byrnes, aigéaneolaíocht sheila.byrnes@marine.ie m. +353 (0)87 815 5271
Is í an Institiúid Mara an ghníomhaireacht Stáit atá freagra as taighde, forbairt teicneolaíocha agus nuálaíocht mhara in Éirinn, agus cuireann sí comhairle eolaíoch agus theicniúil ar an Rialtas le bonn eolais a chur faoi bheartas agus le tacú le forbairt inbhuanaithe acmhainní mara na hÉireann.
Glac an Institiúid Mara úinéireacht ar nua-árthach taighde mara na hÉireann, RV Tom Crean, Iúil 2022. Dhear na sainchomhairleoirí Ioruacha um dhearadh long Skipsteknisk AS, Ålesund, an Iorua, é agus thog an longchlós Spáinneach Astilleros Armon Vigo S.A. é.
Tá RV Tom Crean in ann feidhmiú i bhfarraigí garbha Crios Eacnamaíoch Eisiach na hÉireann agus tacú le tuilleadh taighde san Aigéan Atlantach.
Cuirfidh RV Tom Crean ar chumas na hÉireann tabhairt faoi shaothar taighde ríthábhachtach a thacóidh lena lán de na tionscadail a leagtar amach i gClár an Rialtais, lena n-áitrítear measúnú ar iascaigh, fuinneamh amach ón gcósta in-athnuaite, pleanáil spáis mhara, limistéir mhara faoi chosaint agus dul i ngleic leis na dúshláin a bhaineann leis an athrú aeráide.
Is cuspóir leis an árthach nua freastal a dhéanamh ar riachtanais athraitheacha na heolaíochta mara in Éirinn, cinntiú go bhfuil an chomhairle eolaíoch is fearr agus is féidir ar an náisiún maidir le bainistíocht a dhéanamh ar fhorbairt inbhuanaithe acmhainní mara na hÉireann. Tabharfaidh an t-árthach ar fhad 52.8 méadar caoi 300 lá infheidhme a chaitheamh ar muir in aghaidh na bliana. Tá dóthain spáis in RV Tom Crean chun go mbeidh suas le 26 duine ar bord, lena n-áiritear 14 eolaí.
Tá an t-árthach deartha i riocht agus go mbeidh na teicneolaíochtaí cruthanta is déanaí ann agus go bhfeidhmeoidh sé chomh héifeachtach agus is féidir, agus ídiú breosla laghdaithe i bhfeidhm go laghdófar tionchar an árthaigh ar an timpeallacht a agus ar an lorg carbóin an oiread agus is féidir. Tá gnéithe éagsúla ag an árthach lena n-áirítear ceangal cumhachta cladaigh chun caoi a thabhairt don árthach feidhmiú ar leictreachas atá á ghiniúint ar bhonn in-athnuaite agus é ar ancaire. Ina cheann sin, tá gineadóir cuain ag an árthach atá socraithe i riocht agus go ndéanfar ídiú breosla a laghdú an oiread agus is féidir nuair nach bhfuil sé ar seol. Dearadh córas HVAC (córas aerchóirithe), córas soilsithe agus córais eile de chuid an árthaigh i riocht agus go mbeidh siad chomh héifeachtúil agus is féidir. Deartar an t-árthach le feidhmiú ar HVO (ola phlandúil a ndearnadh cóireáil uisce uirthi), rud a thugann caoi don árthach úsáid a bhaint as breosla a bhfuil laghdú astaíochta 90% ann le hais ola gháis mhara eile.
Déanfar réimse leathan gníomhaíochtaí taighde mara ar RV Tom Crean lena n-áirítear iascaigh mhéadaithe agus suirbhéanna domhainfharraige, monatóireacht chomhshaoil, taighde a bhaineann leis an athrú aeráide, mapáil ar ghrinneall na farraige agus pleanáil spás mhara. Úsáidfear é chomh maith le bullaí, bonneagair bhreathnóireachta agus an Fheithicil a Fheidhmítear ó Chian, mar atá Holland I, a chothabháil agus a úsáid.
Is i gcuimhne ar Tom Crean, an mairnéalach agus an taiscéalaí clúiteach a rinne trí thuras taiscéalaíochta cheannródaíocha chuig an Antartach i mblianta tosaigh an 20ú Céad, a ainmnítear RV Tom Crean.
An chéad suirbhé a rinneadh ar RV Tom Crean ba ea suirbhé mapála ar ghrinneall na farraige, atá ina chuid de clár INFOMAR na hÉireann. Seoladh an t-árthach nua chuig an Muir Cheilteach, atá tuairim is 140 míle siar ó dheas ó Chorcaigh agus rinneadh os cionn 100 km cearnach de ghrinneall na farraige a mhapáil.
a mesopelagic scouting survey to determine temporal and spatial distribution of mesopelagic species, and a Multi organisation physical oceanography and climate cruise with NUI Maynooth, Marine Institute and BSH (Germany) scientists onboard.
Ó shin i leith, tugadh faoi shuirbhé mapála eile ar ghrinneall na farraige, suirbhé Teilifíse Faoi Uisce de chuid Nephrops ar an mBanc Porcupine, suirbhé aigéaneolaíochta ar speicis Dhíobhálacha de chuid an Bláis Algaigh i bhFarraigí Cósta na hÉireann, suirbhé scabhtála méisipheiligí le dáileadh teamparálta agus spásáil na speiceas méisipheiligeacha, agus crús ileagraíochta aigéaneolaíochta fisiciúla agus aeráide agus eolaithe de chuid OÉ Má Nuad, an hInstitiúide Mara agus BSH (an Ghearmáin) ar bord.