Díríonn an tAire Heydon ar shláinte fhisiciúil agus mheabhrach na bhfeirmeoirí le haghaidh Seachtain na Meabhair-Shláinte
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Inniu, ar Dé Luain an 10 Deireadh Fómhair, Lá Domhanda na Meabhairshláinte, cuireann tús seachtain na Meabhairshláinte deis ar fáil chun an fheasacht a ardú faoi cheisteanna na meabhairshláinte.
Dhírigh an tAire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara le freagracht as Sábháilteacht Feirme Martin Heydon T.D. ar mheabhairshláinte agus folláine na bhfeirmeoirí, agus á rá aige:
“Is féidir an droch-mheabhairshláinte tionchar tromchúiseach a imirt ar chaighdéan beatha an fheirmeora. Tá baol níos mó ann go mbeadh baint ag feirmeoir atá faoi strus le heachtra sábháilteachta feirme chomh maith le go mbeadh tinnis eile air. Faraor téann líon dhíréireach fadhbanna na meabharshláinte i bhfeidhm ar fheirmeoirí agus fuarthas amach ó thaighde gur lú an seans go lorgóidh siad cabhair le haghaidh a leithéid deacrachtaí ná an pobal i gcoitinne.”
Tá roinnt tionscnamh bunaithe ar fhianaise ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara (RTBM) chun sábháilteacht agus folláine na feirme a fheabhsú i measc pobal na feirmeoireachta. Ag labhairt dó ar na tionscnaimh seo, dúirt an tAire: > ‘Tá áthas orm maoiniú €2.5m sa bhreis a fháil don bhliain 2023 le díriú ar an sábháilteacht, ar an sláinte agus ar an bhfolláine ar an bhfeirm. Cuirfidh sé seo ar chumas mo Roinne leanúint ar aghaidh ag seachadadh tionscnaimh nua agus na cinn atá ar siúl cheana féin lena n-áirítear iad siúd a thacaíonn le meabhairshláinte na bhfeirmeoirí agus iad siúd a thugann aghaidh ar na bacainní a d’fhéadfadh cosc a chur ar fheirmeoirí cabhair a lorg.”
Ceann de na tionscnaimh is tábhachtaí is ea On Feirm Ground. Is clár feasacht na sláinte coirp agus meabhrach d’fheirmeoirí é an tionscnamh seo, atá cómhaoinithe ag an FSS agus an Roinn Sláinte, chun cabhrú le comhairleoirí feirme dul i dteagmháil le feirmeoirí ar shaincheisteanna na sláinte agus á dtreorú ar na tacaíochtaí cuí.
D'fhonn Lá na Meabhairshláinte a chomóradh, d’fhógair an tAire Heydon go bhfuil an tionscnamh le leathnú chuig daoine gairmiúla eile a n-oibríonn le feirmeoirí:
“D’éirigh thar barr leis an tionscnamh On Feirm Ground go dtí seo, ag traenáil na gcéadta comhairleoirí maidir le conas tacú lena gcuid cliaint feirme maidir leis an bhfolláine coirp agus mheabhrach. Agus sinne ag dul i dteagmháil le feirmeoirí, ní cheart dúinn an deis a chailliúint éinne a d’fhéadfadh a bheith ag taispeáint comharthaí an chrá a aithint. Sin an fáth a bhfuil sé beartaithe againn dul i dteagmháil le daoine gairmiúla eile a mbíonn i dteagmháil rialta le feirmeoirí chun an clár seo a leathnú a thuilleadh.
Tá ceithre Chomhpháirtíocht Nuálaíochta Eorpach um shábháilteacht feirme (CNEanna) maoinithe ag an Roinn freisin atá dírithe ar an meabhairshláinte i bpobal na feirme. Díríonn na tionscadail ar aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a mbaineann le sábháilteacht, sláinte agus folláine na feirme trí chur chuige nuálacha a spreagann athrú an iompair ón mbonn aníos.
Mhol an tAire Heydon arís do phobal na feirme an gá atá le bheith ar a n-aire faoina gcuid meabharfholláine. Dúirt sé:
“Táim ag iarraidh ar fheirmeoirí agus ar gach éinne atá ag obair le feirmeoirí a bheith ag faire amach dá chéile agus cabhair agus tacaíocht a lorg má tá an cuma orthu go bhfuil siad faoi léigear nó faoi dhrochshláinte mheabhrach. Mar is amhlaidh le gach ceist na sláinte, tosaíonn an bóthar an téarnaimh le lorg na cabhrach. Tá roinnt eagraíochtaí ann a gcuireann tacaíocht luachmhara ar fáil d’fheirmeoirí agus neamhfheirmeoirí a bhfuil ar lagmheabhairshláinte agus ba cheart leas a bhaint as a gcuid seirbhísí rúnda sin, más gá.”