É fógartha ag McConalogue go bhfuil breis agus 600 tonna de dhramhaíl mara bailithe ag earnáil bhia mara na hÉireann ó bhí 2015 ann
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Thug an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue T.D moladh inniu do na fir agus na mná atá ag obair in earnáil bia mara na hÉireann as a n-iarrachtaí leanúnacha chun dramhaíl mhara na hÉireann a laghdú mar chuid de Thionscnamh na n Aigéan Glan. Go dtí seo, mar thoradh ar iarrachtaí comhoibritheacha na hearnála tá níos mó ná 600 tonna de dhramhaíl phlaisteach bailithe, an chuid is mó de ar muir agus le linn glantacháin chladaigh agus ché. Fócas nua don Tionscnamh is ea an feachtas a chabhróidh le cuanta iascaigh na hÉireann a gcórais bainistíochta dramhaíola maidir le fearas iascaireachta a bhainistiú ar feadh a shaolré i gcomhpháirt le déantúsóirí fearais áitiúla.
Ag labhairt dó ag cé an Chaisleáin Ghlais, Co Dhún na nGall, thréaslaigh an tAire McConalogue pobail iascaireachta, dobharshaothraithe agus cósta na hÉireann as a gcuid éachtaí maidir le méid an truaillaithe plaistigh i dtimpeallacht na mara a laghdú.”
Chuir an tAire béim freisin ar chomhobair leanúnach na hearnála maidir le fearas a bhainistiú ar bhealach níos fearr chun é a chosc ar dhul isteach sna haigéin sa chéad áit agus ar a n-iarrachtaí maidir le dramhaíl a bhaint de thimpeallacht na Mara.
Dúirt sé,
“Is sampla iontach í earnáil bia mara na hÉireann den mhéid is féidir a bhaint amach trí chomhoibriú. Is é an cur chuige comhoibritheach seo an príomhghníomh a theastaíonn chun dul i ngleic leis an truailliú plaisteach atá ann go forleathan i dtimpeallacht na mara. Cuireann leibhéal seiftiúlachta na hearnála ionadh orm i gcónaí agus tá an fócas nua seo chun dul i ngleic le fadhb na dramhaíola mara ag cuidiú le timpeallacht mhuirí na hÉireann a chosaint do na glúnta atá romhainn. "
Tá Tionscnamh na nAigéan Glan á stiúradh ag Bord Iascaigh Mhara (BIM), Gníomhaireacht Forbartha Bhia Mara na hÉireann, agus tacaithe ag an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh (EMFF).
Labhair Jim O'Toole, POF BIM faoin méid atá á fhoghlaim ó rannpháirtíocht na hearnála sa thionscadal píolótach chun go mbeidh tuiscint níos fearr againn ar bhuntáistí an gheilleagair chiorclaigh agus dúirt sé,
“Tá BIM bródúil as tacú le hobair iascairí, le táirgeoirí dobharshaothraithe agus le baill eile d’earnáil bhia mara na hÉireann ina gcuid gníomhaíochtaí leanúnacha le Tionscnamh na nAigéan Glan. Ghlac an earnáil ról ceannaireachta i gcosaint na timpeallachta muirí trí aisghabháil bruscair mhara. Leanfaidh BIM ag obair leis an tionscal lena chinntiú go bhfuil sé réidh do riachtanais nua bainistíochta dramhaíola faoi reachtaíocht an AE atá le tabhairt isteach go luath. "
Nótaí don Eagarthóir:
Maidir le Tionscnamh na nAigéan Glan
I mí Eanáir 2019, sheol an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara Tionscnamh na nAigéan Glan. An chéad iarracht chomhoibritheach ar muir agus ar thalamh chun dramhaíl mhuirí a laghdú d’fhonn timpeallacht mhuirí na hÉireann a chosaint. Faoi dheireadh na bliana 2019, bhí 244 trálaeir iascaireachta cláraithe in Éirinn cláraithe leis an gClár Iascaireachta Bruscair mar chuid de Thionscnamh na nAigéan Glan, iad ag gealladh go mbaileoidís dramhaíl mhara agus iad ag obair ar muir.
Tá BIM ag stiúradh an Tionscnaimh agus ag tacú le hearnáil bhia mara na hÉireann agus le pobail chósta áitiúla oibriú le chéile d’fhonn a chinntiú go n-íoslaghdófar tionchair na dramhaíola agus go ndéanfar iarrachtaí maolaithe a fhorbairt agus a aithint.
Léiríonn an rannpháirtíocht seo i dTionscnamh na nAigéan Glan tiomantas thionscal bhia mara na hÉireann maidir le hinbhuanaitheacht agus cabhraíonn sé maidir le freagrachtaí na hÉireann faoi Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe agus faoi straitéis an AE maidir le hÁbhar Plaisteach a chomhlíonadh.
Príomhréímsí oibre:
Tagairt: An clár bailithe sonraí bunlíne reatha ó Iascaireacht Bhruscair a leathnú chun príomh ionchuir agus aschuir na hearnála bia mara a chuimsiú d’fhonn na sruthanna dramhaíola a eascraíonn go díreach ó thionscal na hÉireann a shainaithint. Cuirfidh sé seo bonn eolais faoi na tionscnaimh mhaolaithe dhíreacha.
Aisghabháil: Tá gníomhartha tábhachtacha suntasacha ar siúl cheana féin maidir le bruscar mara a aisghabháil ar fud earnálacha mara agus bhia mara na hÉireann. Ina measc seo tá Iascaireacht Bhruscair, glantacháin chladaigh agus ché agus na Córais Bainistíochta Dobharshaothraithe Áitiúla Comhordaithe (CLAMS). Ta na cláir seo dírithe ar ábhar atá caite i dtimpeallacht na mara a aisghabháil.
Laghdú: D’fhéadfadh gurb í an chéim is éifeachtaí ó thaobh Thionscnamh na nAigéan Glan de ná dramhaíl ón earnáil a chosc ó bheith ina bruscar mara ar an gcéad dul síos. Is tosaíocht shoiléir é díriú ar phlaistigh aonúsáide a laghdú agus roghanna eile a aithint. Cuideoidh tionscnaimh ar-bord in éineacht le ECOPACT agus Origin Green an dobharshaothraithe lena chinntiú go gcuirtear gach foinse féideartha de bhruscar mara san áireamh.
Taifead: Beidh córas infhíoraithe chun bruscar aisghafa a thaifeadadh agus a rangú ríthábhachtach chun go n-éireoidh leis an tionscnamh seo.
Rannpháirtíocht: Féachann BIM le hoibriú lenár bpáirtithe leasmhara agus tacú lena n-iarrachtaí faoi Tionscnamh na nAigéan Glan.
Luach saothair: Iarrachtaí aonair agus pobail chun bruscar mara agus plaistigh a laghdú, a chosaint agus a thacú. Tá sé ríthábhachtach do Thionscnamh na nAigéan Glan torthaí a leiriú agus aitheantas a thabhairt don iarracht agus don chomhoibriú a theastaíonn chun go n-éireoidh leis an tionscnamh agus go ndéanfaidh se difríocht maidir lenár dtimpeallacht mhuirí a chosaint.
Maidir le BIM
Stiúrann agus tógann BIM todhchaí bhia mara na hÉireann ar bhonn inbhuanaithe; tá sé dírithe ar bhuíon tallainne a chruthú don earnáil bia mara a chruthóidh fostaíocht, a mheallfaidh infheistíocht, agus a chuirfidh le leas phobail an chósta agus leis an ngeilleagair náisiúnta. Tá BIM tiomanta don nuálaíocht, de réir mar a dhéanann sé taighde agus mar a aimsíonn sé bealaí níos fearr, níos cliste agus níos éifeachtúla chun gnó a dhéanamh. Maidir le hinmharthanacht gheilleagrach agus feidhmíocht chomhshaoil an tionscail a fheabhsú, roinneann sé saineolas agus léargas leis an tionscal, rud a chuirfidh leis na páirtithe leasmhara go léir. Trí na gealltanais seo a chomhlíonadh, bainfar amach fís BIM: earnáil Bia Mara na hÉireann a threorú trí thacaíocht éifeachtach agus saineolas láidir, ionas go mbeidh Éire ina eiseamlár idirnáisiúnta de tháirgí ardluacha agus difreáilte a fhreastalaíonn ar an éileamh méadaitheach ar bhia mara atá sláintiúil, sábháilte agus a tháirgtear ar bhonn inbhuanaithe.
Clár Oibriúcháin an Chiste Eorpaigh Mhuirí agus Iascaigh EMFF
Ghlac an Coimisiún Eorpach le Clár Oibriúcháin EMFF na hÉireann 2014-2020 i mí na Nollag 2015 agus sheol an tAire Talmhaíochta Bia agus Mara é i mí Eanáir 2016. Cuireann an Clár maoiniú de €240m ar fáil don earnáil bia mara (iascach, dobharshaothrú agus próiseáil bhia na mara) don tréimhse 2014 go 2020. Tá an Clár cómhaoinithe ag Rialtas na hÉireann agus ag an Aontas Eorpach.
CRÍOCH