Fógraíonn an tAire Donnelly ceadú an Rialtais do cheannteidil an bhille reachtaíocht a rith do chriosanna rochtana sábháilte ar áitribh ina dhéantar foirceannadh toirchis
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D'fhógair an tAire Sláinte, Stephen Donnelly TD inniu go bhfuil ceadú comh-aireachta faighte aige reachtaíocht a rith chun criosanna rochtana sábháilte a ainmniú timpeall áitreabh cúram sláinte chun rochtain ar sheirbhísí um fhoirceannadh toirchis a chosaint.
Dúirt an tAire Donnelly:
"Tá ríméad orm gur aontaigh an Rialtas le ceannteidil an bhille seo. Níor chóir aon duine a chiapadh, a mhaslú, a scanrú nó cur isteach orthu ar bhealach ar bith, ná níor cheart go ndéanfadh strainséirí iarracht tionchar a imirt ar a gcinneadh rochtain a fháil ar sheirbhísí cúram sláinte atá ar fáil go dleathach."
“Ainmníonn ceannteidil an bhille áitribh chúraim sláinte sonraithe agus 100m mórthimpeall a n-imlíne mar chriosanna rochtana sábháilte. Cosnóidh tabhairt isteach criosanna rochtana sábháilte an tsaoirse rochtain a fháil ar sheirbhísí foirceannta gan bhac agus príobháideacht agus dínit na mban a fhaigheann rochtain ar sheirbhísí sláinte, chomh maith leis na soláthraithe seirbhíse, agus a bhfoirne i gcúrsa a ndualgas agus a bhfreagrachtaí.”
Forbraíodh ceannteidil an bhille le tacaíocht agus ionchur ionadaithe ón Roinn Sláinte agus an Roinn Dlí agus Cirt, ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus ón nGarda Síochána. Tar éis chinneadh an Rialtais ceannteidil an bhille a cheadú, dréachtóidh Oifig an Ard-Aighne Bille foirmiúil, i gcomhairle leis an Roinn Sláinte.
Foilseofar ceannteidil an bhille ar láithreán gréasáin na Roinne go luath. Tá sé beartaithe ag an Roinn teagmháil dhíreach a dhéanamh le hOifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí, le Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas agus le Comhairle um Chearta an Duine, chun aon tuairimí a d'fhéadfadh a bheith acu a lorg.
Dúirt an tAire Donnelly:
"Táim ag tnúth le bheith ag obair le mo chomhghleacaithe ar Choiste an Oireachtais um Shláinte chun ceannteidil an bhille a chur chun cinn. Tosaíocht de chuid an Rialtais is ea reachtaíocht um rochtain shábháilte a thabhairt isteach agus tá áthas orm gur shroich mé an chloch mhíle thábhachtach seo sa phróiseas. Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt don phlé poiblí cabhrach ar chriosanna rochtana sábháilte le míonna beaga anuas, agus go háirithe obair an ghrúpa Together for Safety chun bonn eolais a chur faoi fhorbairt tograí reachtacha”.
“Táim tiomanta an Bille a dhréachtú chomh tapa agus is féidir ionas gur féidir é a chur faoi bhráid an Oireachtais, agus ba mhór agam an tacaíocht don Bhille sin nuair a thabharfar isteach é.”
CRÍOCH
In 2018, bhí an Séú Leasú is tríocha ar Bhunreacht na hÉireann faoi réir reifrinn le hos cionn 66% díobh siúd a vótáil ag ceadú aisghairm an Ochtú Leasú ar Bhunreacht na hÉireann.
Shínigh an tUachtarán an tAcht Sláinte (Foirceannadh Toirchis a Rialáil) 2018 (“an tAcht”) ina dhlí an 20 Nollaig 2018 agus cuireadh tús le gach alt an 1 Eanáir 2019. Is é príomhchuspóir Acht an dlí a rialaíonn rochtain ar sheirbhísí um Fhoirceannadh Toirchis (TOP) in Éirinn a leagan amach.
Gheall an Rialtas go gcinnteodh sé gur féidir le duine ar bith a dteastaíonn Foirceannadh Toirchis uaithi rochtain a fháil ar sheirbhísí ar bhealach sábháilte agus léirítear an tiomantas sin i gClár an Rialtais “criosanna eisiaimh a bhunú timpeall saoráidí leighis.”
Is é aidhm na Scéime Ginearálta de Bhille agus an bheartais taca ná rochtain shábháilte ar sheirbhísí um Fhoirceannadh Toirchis (TOP) a chinntiú do mhná, do sholáthraithe seirbhíse agus dá bhfoireann ar fud na tíre. Is iad seo a leanas na cuspóirí beartais:
Tá sé i gceist ag Scéim Ghinearálta an Bhille criosanna rochtana sábháilte a ainmniú timpeall suíomhanna atá in ann seirbhísí TOP a chur ar fáil de réir Acht 2018, ní hamháin iad siúd a dhéanann amhlaidh. Tá sé beartaithe go n-ainmneofar crios, ina mbeidh 100m thart ar gach ceann de na háitrimh chúraim sláinte seo nó in aice leo. Áireofar leis seo áitreabh (foirgnimh agus talamh agus cúirtealáiste) ospidéal, ionaid chúraim phobail agus ionaid chúraim thánaistigh, ar cleachtóirí ginearálta iad den chuid is mó.
Toirmiscfear iompar a mbeadh d'éifeacht aige, d'aon ghnó nó le réasún, tionchar a imirt ar chinneadh duine i ndáil le leas a bhaint as seirbhísí um fhoirceannadh toirchis nó i ndáil le seirbhísí um fhoirceannadh toirchis a sholáthar nó cur isteach ar rochtain duine ar sheirbhísí um fhoirceannadh toirchis nó ar sholáthar na seirbhísí sin, sna criosanna rochtana sábháilte.
Áireofar ar iompar den sórt sin, ach gan a bheith teoranta dó:
1. Cur isteach, nó iarracht cur isteach, ar bhealach ar bith, ar aon soláthraí seirbhíse, ar aon duine a fhaigheann rochtain, nó a fhéachann le rochtain a fháil, ar sheirbhísí soláthraí cúraim sláinte nó ar aon duine atá i dteannta duine a bhfuil rochtain á fáil aici ar sheirbhísí soláthraí cúraim sláinte nó a fhéachann le rochtain a fháil ar na seirbhísí sin;
2. bac a chur ar rochtain nó iarracht a dhéanamh bac a chur ar rochtain ar áitreabh cúram sláinte;
3. cumarsáid a dhéanamh ar bhealach a dhíspreagfaidh duine ó rochtain a fháil ar sheirbhísí um fhoirceannadh toirchis nó a fhéachfaidh le duine a dhíspreagadh;
4. cumarsáid a dhéanamh ar shlí a chuirfeadh ina luí ar dhuine, nó a dhéanfadh iarracht a chur ina luí ar dhuine, leas a bhaint as seirbhísí um fhoirceannadh toirchis;
5. cumarsáid a dhéanamh ar bhealach a dhíspreagfaidh soláthraí cúraim sláinte ó sheirbhísí um fhoirceannadh toirchis a sholáthar nó a fhéachfaidh le soláthraí a dhíspreagadh;
6. dul i mbun iompair arb é is aidhm dó brú morálta a chur ar dhuine i ndáil le seirbhísí um fhoirceannadh toirchis, nó a bhféadfaí a bheith ag súil leis go réasúnach go gcuirfeadh sé brú den sórt sin air;
7. Cur isteach nó ciapadh a dhéanamh, nó iarracht cur isteach nó ciapadh a dhéanamh, ar aon soláthraí seirbhíse, ar aon duine a fhaigheann rochtain, nó a fhéachann le rochtain a fháil, ar sheirbhísí soláthraí cúraim sláinte nó ar aon duine atá i dteannta duine a bhfuil rochtain á fáil aici ar sheirbhísí soláthraí cúraim sláinte nó a fhéachann le rochtain a fháil ar na seirbhísí sin;
8. aon téacs nó íomhánna a chur ar taispeáint nó a dháileadh, nó iarracht a dhéanamh ar iad a dháileadh, má tá sé beartaithe go mbeadh tionchar acu, nó más dóigh go réasúnach go mbeadh tionchar acu ar chinneadh duine rochtain a fháil ar sheirbhísí um fhoirceannadh toirchis;
9. aon téacs nó íomhánna a chur ar taispeáint nó a dháileadh, nó féachaint lena ndáileadh, má tá sé beartaithe go mbeadh tionchar aige sin, nó más dóigh le réasún go mbeadh tionchar aige sin, ar chinneadh soláthraí cúraim sláinte seirbhísí um fhoirceannadh toirchis a sholáthar;
10. ítim ar bith a chur ar taispeáint, bíodh sí siombalach nó ná bíodh, a mbeidh sé mar éifeacht aici, nó is dócha go mbeidh tionchar aici ar chinneadh duine, rochtain a fháil ar sheirbhísí um fhoirceannadh toirchis;
11. ítim ar bith a chur ar taispeáint, bíodh sí siombalach nó ná bíodh, a mbeidh sé mar éifeacht aici, nó is dócha go mbeidh tionchar aici ar chinneadh soláthraí cúraim sláinte, seirbhísí um fhoirceannadh toirchis a sholáthar;
12. seinm nó úsáid a bhaint as taifeadtaí aimplithe ceoil, gutha nó fuaime nó fístaifeadtaí a bhaineann go díreach nó go hindíreach le foirceannadh toirchis nó féatais nó an dá rud;
13. grianghraf a ghlacadh nó taifeadadh a dhéanamh ar aon bhealach ar sholáthraí cúraim sláinte, duine nó daoine a sholáthraíonn seirbhísí nó a chabhraíonn le soláthar seirbhísí ag soláthraí cúraim sláinte, aon duine a fhaigheann rochtain nó a fhéachann le rochtain a fháil ar sheirbhísí soláthraí cúraim sláinte nó aon duine atá i dteannta duine atá ag teacht ar sheirbhísí soláthraí cúraim sláinte nó atá ag iarraidh rochtain a fháil ar na seirbhísí sin gan toiliú an duine sin;
14. Comhairleoireacht a thairiscint, nó iarracht a dhéanamh ar chomhairleoireacht a thairiscint, ar aon bhealach gan iarraidh, i ndáil le foirceannadh toirchis nó toircheas nó iad araon, d'aon duine a dhéanann rochtain nó a dhéanann iarracht rochtain a fháil ar sheirbhísí soláthraí cúraim sláinte nó d'aon duine atá i dteannta duine a fhaigheann rochtain nó a dhéanann iarracht rochtain a fháil ar sheirbhísí soláthraí cúram sláinte, nó iad araon.
Beidh réimse pionós ar fáil do na cúirteanna i gcás go gciontaítear duine i gcion faoin reachtaíocht atá beartaithe, idir fhíneálacha agus phríosúnacht i leith cionta níos tromchúisí. Agus aitheantas á thabhairt don ghá atá le raon ceart a chothromú agus le comhréireacht a chinntiú tuilleadh sa chur chuige maidir leis na cuspóirí beartais a bhaint amach, áireofar freisin sa reachtaíocht roinnt eisceachtaí, lena n-áirítear gníomhaíocht atá dleathach ar shlí eile laistigh de 100m ó Thithe an Oireachtais.
D'aontaigh an Rialtas Bille a dhréachtú atá bunaithe ar an Scéim Ghinearálta agus an Scéim Ghinearálta a fhoilsiú ar láithreán gréasáin na Roinne Sláinte. Táthar ag súil go bhfoilseofar an Scéim Ghinearálta ar láithreán gréasáin na Roinne sna seachtainí amach romhainn. Is tosaíocht don Rialtas é Bille deiridh a dhréachtú.