Fógraíonn na hAirí McConalogue agus Heydon Atosú Rochtana Mairteola ar Mhargadh na Síne
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
I ndiaidh plé ardleibhéil idir an Taoiseach agus príomh-aire na Síne Li Qiang inniu, dheimhnigh an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue T.D., agus an tAire Stáit, Martin Heydon TD, go gcuirfear tús arís le honnmhairí mairteola na hÉireann chuig an tSín.
Cuireadh seoladh mairteola chuig an tSín ar fionraí i ndiaidh deimhniú cáis aonair ESB aitíopúil i mí na Samhna 2023. Braitheadh é trí chlár faireachais na Roinne, ní dheachaigh sé isteach sa bhiashlabhra nó sa slabhra beathaithe agus níor riosca é don tsláinte dhaonna. Tarlaíonn ESB aitíopúil ó am go ham i ngach pobal eallaigh ag ráta an-íseal, agus ní mheastar é mar riosca don tsláinte phoiblí.
Beart réamhchúraim amach is amach a bhí san fhionraíocht rochtana ar mhargadh na Síne agus bhí sé i gcomhréir le prótacal a aontaíodh le Riarachán Ginearálta Custaim ó Dhaon-Phoblacht na Síne (GACC).
Dúirt an tAire McConalogue:
“Ba phríomhthosaíocht é an plé maidir le hatosú rochtana mairteola domsa ón bhfionraíocht shealadach an tSamhain seo caite. Agus muid ag baint úsáid as caidrimh a forbraíodh le blianta beaga anuas, chuaigh mo Roinnse i dteagmháil ar leibhéil taidhleoireachta, pholaitiúla agus theicniúla chun na mionsonraí eolaíocha agus teicniúla a sholáthar a theastaigh d'fhonn údaráis na Síne a chur ar a suaimhneas maidir le héifeachtacht rialuithe ESB na hÉireann. Tháinig na hiarrachtaí sin le chéile go luath i mí na Nollag nuair a cuireadh eolas eipidéimeolaíochta mionsonraithe faoi bhráid údaráis na Síne, agus rinne mo Roinnse cur i láthair mionsonraithe do Leas-Aire GACC Li Kuiwen ag cruinniú aghaidh ar aghaidh i mBaile Átha Cliath an mhí seo caite. Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil le saineolaithe na Síne as a gcur chuige dearfach agus tairbheach maidir leis an gceist sin.
Tugtar le cinneadh na Síne iompórtálacha mhairteoil na hÉireann a atosú leis na coinníollacha céanna a bhí ann roimhe léiriú muiníne soiléir i gcórais sábháilteachta bia na hÉireann agus in aschur a hearnála mairteola.”
D'fháiltigh an tAire Stáit, Martin Heydon TD, a n-áirítear lena fhreagrachtaí forbairt margaidh, roimh nuacht an lae inniu mar fhorbairt dhearfach d'earnáil mairteola na hÉireann.
Dúirt an tAire Heydon:
"Is toradh iontach é sin d'earnáil mairteola na hÉireann. Is teistiméireacht é ar iarrachtaí mo Roinnse, caighdeáin sábháilteachta bhia na hÉireann agus an caidreamh láidir déthaobhach a d'fhorbraíomar lenár gcontrapháirteanna Síneacha. Le linn mo chruinnithe le Leas-Aire GACC Li Kuiwen go luath i mí na Nollag, bhí lúcháir orm éifeachtacht clár rialaithe agus faireachais ESB na hÉireann a chur i láthair dó. Mar thoradh ar an gcur i láthair mionsonraithe a rinneadh le linn ár gcruinnithe, cuireadh na dearbhuithe riachtanacha ar fáil don Leas-Aire agus dá oifigigh, agus rinneadh an réiteach i gcomhair atosú na trádála.
"Leanfaimid de bheith ag obair le húdaráis na Síne chun ár rochtain ar mhargadh na Síne a choinneáil agus a fheabhsú do bhia agus deoch na hÉireann, agus tá mé ag súil leis an trádáil a fhorbairt tuilleadh sna blianta amach romhainn,” a dúirt an tAire Heydon.
Nótaí d'eagarthóirí
Creidtear go dtarlaíonn ESB aitíopúil i ngach pobal eallaigh ag ráta an-íseal. Aithnítear Éire go hidirnáisiúnta ó thaobh an stádas riosca is ísle do ESB ar féidir a bheith aici. Soláthraíodh leis an ainmniú riosca fhánaigh i mBealtaine 2021 ón Eagraíocht Dhomhanda um Shláinte Ainmhithe (WOAH), a shocraíonn caighdeáin trádála d'ainmhithe agus do tháirgí ó ainmhithe, dearbhú neamhspleách maidir le héifeachtacht chóras rialaithe na hÉireann i leith ESB. Ní chuireann aithint cáis ESB aitíopúil isteach ar stádas riosca fhánaigh na hÉireann.
Dhaingnigh Éire rochtain ar easpórtáil mairteola díchnámhaithe reoite chuig an tSín in Aibreán 2018. Tháinig fás ar na heaspórtálacha go seasta go dtí Bealtaine 2020 nuair a cuireadh seoladh ar fionraí de réir an chomhaontaithe sláintíochta tríd a rialaítear trádáil na mairteola leis an tSín. Ardaíodh an fhionraíocht sin in Eanáir 2023. B'ionann luach easpórtálacha mhairteoil na hÉireann chuig an tSín agus €20m roimh an bhfionraíocht is déanaí i Samhain 2023.