Taispeántas ina ndéantar iniúchadh ar luathbhlianta Shaorstát Éireann oscailte sa Chartlann Náisiúnta
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Inniu sa Chartlann Náisiúnta, nochtfar taispeántas a d'fhorbair beirt de shliocht laochra ó bhlianta réabhlóideacha na hÉireann agus iad ag úsáid taifid ón gCartlann Náisiúnta. Déanfar iniúchadh sa suiteán ar an gcaoi ar léirigh útóipe ailtireachta a thóg an Saorstát nuabhunaithe idéil útóipe na ndaoine a throid ar son an neamhspleáchais sin.
The Secret Space: Palimpsest. Is comhshaothar é idir stiúrthóir ealaíne ANU Owen Boss agus an taibheoir Genevieve Hulme-Beaman leis an gCartlann Náisiúnta. Scrúdaíonn sé an ról a bhí ag a sin-seanaithreacha faoi seach (P.T. Daly agus Batt O'Connor) i dtréimhse réabhlóideach na hÉireann. Agus iad ag baint úsáid as taifid a choimeádtar sa Chartlann Náisiúnta, rinne na healaíontóirí machnamh ar idéalachas a sin-seanaithreacha réabhlóideacha chomh maith le luachanna idéalacha an stáit nua a léiríodh san ailtireacht nua-aimseartha a tháinig chun cinn le linn bhlianta tosaigh an Stáit nua.
I gcomhpháirtíocht leis an gCartlann Náisiúnta, chruthaigh ANU Productions suiteán saincheaptha d'fhorhalla fhoirgneamh na Cartlainne Náisiúnta ar Shráid an Easpaig.
Saor cloiche agus tógálaí den scoth ba ea Batt O'Connor, ball den IRB agus d'Óglaigh na hÉireann. Le linn Chogadh na Saoirse cuireadh de chúram air an t-airgead a bhailiú agus a chur i bhfolach a mhaoineodh Dáil Éireann a bhí ag streachailt. Thóg sé áiteanna folaigh ar fud Bhaile Átha Cliath le haghaidh cáipéisí, cistí agus seomraí rúnda do dhaoine a bhí ar a seachaint ó na húdaráis. Comhairleoir de chuid Bhardas Bhaile Átha Cliath ba ea P.T. Daly, duine de bhunaitheoirí Shinn Féin, Cheardchumann Oibrithe Iompair agus Ilsaothair na hÉireann, Arm Cathartha na hÉireann, Pháirtí Lucht Oibre na hÉireann, agus ball d'Ardchomhairle an IRB. Sna 1970í scrios a mhuintir cuimhní cinn agus cáipéisí príobháideacha Daly, rud a d'fhág bearna ollmhór i gcanóin na réabhlóide. Is é aidhm an chomhoibrithe seo taifid chaillte agus faoi cheilt na bhfear sin a thabhairt ar ais ag baint úsáid as na taifid oifigiúla ón am sin.
Nuair a fógraíodh Saorstát Éireann in 1922, chuir an tír tús le feachtas mire nuachóirithe. Úsáideadh an dearadh ailtireachta agus na teicnící tógála nua-aimseartha is déanaí de réir mar a ghlac an tír a céad chéimeanna ar an stáitse idirnáisiúnta mar náisiún neamhspleách. Tá tábhacht ar leith ag dhá fhoirgneamh; Stáisiún Cumhachta Ard na Croise (1929) agus Pailliún na hÉireann ag Aonach Domhanda Nua-Eabhrac (1939). D'fheidhmigh an chéad cheann acu mar shiombail den nuachóiriú ar an bpobal náisiúnta agus d'fheidhmigh an dara ceann mar shiombail den nuachóiriú ar dhaonra an domhain.
The Secret Space: Palimpsest. Tugtar le chéile na foirmeacha ailtireachta nua seo le spásanna tánaisteacha ár dtimpeallachta thógtha a d’úsáid Batt O'Connor agus P.T. Daly go héifeachtach le linn na tréimhse réabhlóidí. Cuimsíonn an suiteán freisin doiciméid óna bhailiúchán a bhaineann le Batt O'Connor agus P.T.Daly chomh maith leis an dá léiriú seo ar an idéalachas ailtireachta, Ard na Croise agus Pailliún na hÉireann.
Agus í ag caint roimh oscailt an taispeántais, dúirt an tAire Catherine Martin, an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán:
"Agus muid ag druidim le deireadh Dheich mBliana na gCuimhneachán, meabhraítear dom arís an cumas iontach atá ag ealaíontóirí dul i ngleic leis an stair ar bhealaí nua samhlaíocha. Agus iad ag féachaint ar stair phearsanta a sin-seanaithreacha, déanann na healaíontóirí Owen Boss agus Genevieve Hulme-Beaman a n-idéil réabhlóideacha a cheistiú ag baint úsáid as an taifead cartlainne agus trína léiriú i bhfoirm ailtireachta a thaispeánann an Saorstát nua. Is cúis áthais dom comhoibriú den chineál sin a fheiceáil inár bhforais chultúrtha."
Tá an taispeántas mar chuid de Chlár Dheich mBliana na gCuimhneachán 2012-2023.
Nótaí an Eagarthóra:
Caomhnaíonn an Chartlann Náisiúnta cuimhne an Stáit i bhfoirm taifid scríofa. Faightear agus cosnaítear taifid phoiblí na hÉireann, rud a chinntíonn go mbíonn siad ar fáil mar acmhainn do chách. Baineann na taifid seo le stair shóisialta, chultúrtha, eacnamaíoch agus pholaitiúil oileán na hÉireann ó na Meánaoiseanna go dtí bunú Shaorstát Éireann in 1922 chomh maith leis an lá atá inniu ann.
Oscailt an taispeántais : Dé Céadaoin 17 Bealtaine 2023 ag 6 i.n.
Dátaí an taispeántais:
9-5 i.n. Luan go hAoine
18 Bealtaine go 30 Meitheamh
Ionad: An Chartlann Náisiúnta, Sráid an Easpaig, Baile Átha Cliath 8, D08 DF85
Óstálfaidh an Chartlann Náisiúnta díospóireacht phainéil freisin; And They All Lived Happily Ever After! Utopian Construction across Archive, Architecture and Art chun suiteán ilmheán ANU The Secret Space: Palimpsest a chomóradh sa Chartlann Náisiúnta an 23 Bealtaine ag 6 i.n. i Seomra Léitheoireachta na Cartlainne Náisiúnta.
Is í an t-iriseoir Una Mullaly a bheidh ina cathaoirleach ar an ócáid. Déanfaidh muintir an phainéil iniúchadh ar idéil agus ar insintí na rannpháirtithe réabhlóideacha agus ar uaillmhianta luatha ailtireachta Shaorstát Éireann nua trí úsáid a bhaint as an gcartlann, as an ailtireacht agus as an ealaín.